Guth Ghoill, Eagrán 36
Eagrán 36 Márta, 2011 13 Cuireadh an fhéile seo ar ceal i mí na Samhna mar gheall ar an sneachta agus bhí sé ar siúl ar an Satharn, 5 Feabhra in Áras Ros Goill. Bhí dhá chomórtas a reáchtáil, Comórtas Aithris Filíochta do pháistí bunscoile agus do dhaltaí sa chéad bhliain ar an mheánscoil agus Comórtas Agallamh Beirte do dhaltaí i rang 3, 4, 5, agus 6 agus do dhaltaí meánscoile. Ghlac céad is a sé déag dalta ar fad páirt sna comórtais agus chomh maith le muintir na nDúnaibh iad fhéin, bhí páistí ann as Baile na Finne, as Cill Mhic nÉanáin, as an Chraoslach, as Fánaid, as Scoil Cholmcille i nDuibhlinn Riabhach agus as Scoil Eoin Báiste i gCarraig Airt. Ba iad Seán Ó Móronaigh (Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta) agus Miseal Nic Grianna (Raidió na Gaeltachta) a rinne an mholtóireacht agus seo thíos traidhfil pictiúr ón lá:
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3