Guth Ghoill, Eagrán 36
Eagrán 36 Márta, 2011 18 Feadaímó Tá Tuathal ag tiomáint cairte ar a bhfuil bairillí leanna. Tá Seán ina shuí ag a thaobh agus tá Éamonn agus Paidí i bhfolach i mbeirt de na bairillí. Tá Feadaímó ceangailte do bhun na cairte mar nach raibh na bairillí mór go leor dó. Tá siad ag tarraingt ar an bheairic ina bhfuil damhsa do na hoifigí le bheith ann an oíche sin agus tá Feadaímó ag iarraidh labhairt le Colonel Albertson fá Dhomhnall, atá mar phríosúnach aige, agus fá airgead na tána. Chuala Feadaímó duine de na saighdiúirí ag labhairt le Tuathal nuair a shroich siad an geafta. “ What kept you then Paddy? ” arsa an saighdiúir. “ They ’ re busy in the brewery at this time of year, ” arsa Tuathal, “ must be the hot weather, everybody wants a pint of ale. ” “ Too right, ” arsa an saighdiúir, “ Ok, carry on then. ” Thiomáin Tuathal isteach an geafta ach cha raibh a fhios aige ansin cén treo le dhul. Bhí siad istigh i gcearnóg mhór agus foirgnimh ar achan taobh dóibh. Bhí halla mór ar chlé agus lear daoine ag dul isteach is amach ann. Bhí complacht de na saighdiúirí ag cleachtadh druile ar dheis agus bhí stáblaí os a gcomhair agus ceárta gabha lena dtaobh. Cha raibh Tuathal ag iarraidh aird ar bith a tharraing orthu fhéin trí a bheith ag cur ceiste ar dhuine de na saighdiúirí. “ Faoi Dhia, a Thuathail, ” arsa Seán, “ cén bealach a rachas muid? ” “ Níl barúil agam, ” arsa Tuathal, “ ach tá a fhios agam an méid seo, muna bhfaigheann muid amach go luath beidh ….” “ Oí! get a bloody move on. ” Tháinig an scairt ón taobh chlé agus chonaic Tuathal go raibh an saighdiúir ag caint leisean. Tharraing sé ar na srianta agus thiomáin sé ina threo. “ Get those barrels in here, sharpish like, ” arsa an saighdiúir agus chonaic Tuathal gur sáirsint a bhí ann. Bhí sé ina sheasamh ag doras sciobóil agus leabhar nótaí ina lámh aige. “ Right away sir, ” arsa Tuathal leis. Thi- ontaigh an sáirsint agus lig sé scread as. “ Jock, you and Bob give a hand here, we aint got all day. ” Tháinig beirt de na saighdiúirí amach as an scioból agus sheas siad le taobh na cairte. Dhírigh an sáirsint a mhéar ar na bairillí. “ Do a quick tally there Jock. Should be twenty barrels. ” Léim saighdiúir suas ar an chairt agus rinne sé cuntas. “ Twenty it is Sarge, ” agus scríobh an sáirsint sin ina lea- bhar. “ Get them inside, ” arsa an sáirsint agus d ’ imigh sé i dtreo an halla. Fir mhóra láidre a bhí ins an bheirt shaighdiúir agus cha raibh deacracht ar bith acu bairille a iompar isteach eatarthu. A fhad is a bhí siadsan istigh leis an chéad bhairille thóg Tuathal agus Seán bairillí anuas ar an talamh. “ A Fheadaímó, ” arsa Tuathal i gcogar agus é ar a ghlúin, “ cad é atá tú ag dul a dhéanamh? ” “ Fanfaidh mé go dtí go dtéann an bheirt sin isteach leis an darna bairille is caithfidh mé …” “ Wat ’ s keepin you lazy sods, ” a scairt Jock, is é ag teacht amach as an scioból. “ Faigh greim ar seo go tapaidh, ” arsa Seán, agus thóg siad bai- rille eatarthu. Shiúl siad isteach sa scioból leis agus d ’ fhág siad é leis na bairillí eile a bhí ansin. Cha raibh duine ar bith eile sa scioból agus d ’ amharc siad thart ag déanamh scrúdú ar an áit. Bhí moll mór bairillí in éadan na mballaí agus carnán de bhoscaí móra adhmaid nach raibh rud ar bith scríofa orthu. Chuaigh Seán anonn le scrúdú a dhéanamh orthu. “ Déan deifir, a Sheáin, ” arsa Tuathal, “ tá na saighdiúirí ag teacht. Caithfidh muid a bheith cinnte go bhfaigheann muidinne an dá bhairille le hÉamonn agus Paidí iontu. ” “ Tá an ceart agat, ” arsa Seán, “ Lorda, beidh muid san fhaopach má thógann na saighdiúirí ceann ar bith de na bairillí sin. ” Bhog Tuathal trí bhairille go dtí taobh na cairte agus ansin thóg siad anuas an ceann ina raibh Éamonn ann agus isteach leo. “ Tá sé trom, ” arsa Seán, “ is maith an rud nach raibh Feadaímó ábalta dul isteach i mbairille mar cha bheadhas muid ábalta é a iompar. ” Rinne siad an rud céanna le bairille Phaidí gan rud ar bith a tha- bhairt faoi deara ag na saighdiúirí. Nuair nach raibh fágtha ach triúr eile ar an chairt labhair Tuathal leis na saighdiúirí. “ We ’ ll manage now, thanks, ” agus d ’ iompar sé fhéin agus Seán bairille eile isteach. “ Suits me, ” arsa Jock, agus d ’ imigh sé fhéin agus Bob i dtreo an halla. Nuair a bhí Tuathal agus Seán ag siúl amach arís chas Feadaímó leo agus bairille ar a ghualainn. “ Tógaigí is- teach an ceann atá fágtha, ” arsa Feadaímó, “ agus ansin bígí ar shiúl, druidfidh mise na doirse. ” Bhí siad chóir a bheith ag doirse an sciobóil leis an bhairille deireanach nuair a thug Seán fá deara go raibh an sáirsint agus Jock ag tarraingt orthu. “ Don ’ t forget to take the empties, ” arsa an sáirsint. “ The empties? ” arsa Tuathal. “ Yes, the bloody empties, ” a scairt an sáirsint, “ can ’ t have clutter in the King ’ s barracks, can we Jock? ” “ No sarge, ” arsa Jock, “ wouldn ’ t do at all. ” D ’ iompar Tuathal agus Seán an bairille thar an tairseach agus lean an dá shaighdiúir iad isteach. Cha raibh Feadaímó le feiceáil. “ See them there barrels on the left, Paddy, them ’ s empties, ” arsa an sáirsint. “ All eleven of them. Get them out of here, sharpish like, ” D ’ iompar an bheirt na bairillí folmha amach agus rinne an sáirsint cuntas eile ar ábhar an sciobóil. “32 Ale, 11 Rum and 2 molasses. Does that tally with you, Jock? ” arsa an sáirsint. Thóg Jock píosa páipéir amach as a phóca. “ That tallies, sir, ” arsa Jock, agus shiúl sé anonn chuig na bos- caí. “ Plus 14 of potatoes, sir. ” “ That ’ s it, ” arsa an sáirsint agus dhruid sé a leabhar. “ Right then, let ’ s seal her up. ” Chuidigh Jock leis an bheirt agus chuir sé bairille folamh suas ar an chairt leis an deichniúir eile. Char dhúirt Tu- athal a dhath ach go díreach thiontaigh sé an chairt agus thiomáin sé i dtreo an gheafta. D ’ amharc Seán thart agus chonaic sé an sáirsint ag cur glais ar an scioból. “ Tá sé uilig idir Dia agus Feadaímó anois, a Thuathail, ” a dúirt sé, agus iad ag dul amach an geafta. Bhain Feadaímó na cláir den dá bhairille agus bhí air cuidiú a thabhairt d ’ É- amonn agus do Phaidí theacht amach astu mar bhí siad chomh ceapánta sin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3