Guth Ghoill, Eagrán 36
Eagrán 36 Márta, 2011 19 “ Bhí eagla an domhain orm go mbuailfeadh na crampaí mé, ” arsa Éamonn, “ tá mé ag éirí róshean don chineál seo oibre. ” “ Tá is mise, ” arsa Paidí agus é ag croitheadh a lámha. “ Ach ar a laghad fuair muid an fhad seo agus tá shúil agam, a Fheadaímó, go bhfuil modh taistil níos fearr agat le muid a fháil amach as an áit. ” “ Tiocfaidh muid chuig sin a fheara, ” arsa Feadaímó, “ ach cuidígí liom anois an dá bhairille seo a chur isteach ar chúl na gceann eile. ” D ’ amharc Feadaímó amach an fhuinneog. “ Tá, b ’ fhéidir, trí uaire fágtha againn sula dtiteann an oíche, ” a dúirt sé. “ Trí uaire eile? ” arsa Éamonn, tá an lá seo chomh fada le trí lá. ” “ Seo an rud is measa fá na lae- thanta fada seo, ” arsa Paidí, “ go háirithe nuair atá tú ag iarraidh obair a dhéanamh i ngan fhios. ” “ Tá sé go réidh agaibh codladh beag a bheith agaibh. ” arsa Feadaímó. “ Fanfaidh mise ar faire anseo. ” “ Níl codladh ar bith ormsa, ” arsa Paidí, “ b ’ fhearr liomsa dá n - inseofá dúinn fá cad é ’ n dóigh a bhfuil muid dul a bheith ábalta Domhnall a fháil amach as an phríosún agus an áit seo plódaithe le saighdiúirí. ” “ Cá háit a bhfuil an príosún, ” arsa Éamonn. “ Dá mbeadh an méid sin fhéin ar eolas againn, cha bheadh sé chomh holc. D ’ amharc Feadaímó orthu agus a dhroim leis an bhalla. “ Ná bíodh eagla oraibh, gheobhaidh muid an t - eolas sin, geallaim sin daoibh. Anois, fanaigí istigh ar chúl na mboscaí sin ar eagla go dtiocfadh duine ar bith. ” Tar éis tamaill chuala Feadaímó srannfach ag éirí ó dhuine acu agus tháinig aoibh bheag ar a aghaidh. “ Comhartha maith ” a dúirt sé leis fhéin, “ ar a laghad tá deis chodlata acu, is ag Dia atá a fhios, cén chéad uair eile a mbeidh sin acu. ” Sheas Feadaímó ag an fhuinneog agus achan sórt smaoinimh ag cur isteach air fán dóigh a d ’ athraigh a shaol le gairid. Dá mba rud é gur ghlac sé leis an chleamhnas a bhí ea- graithe dó bheadh sé ina shuí go deas socair ar bhruach na Maoile Ruaidhe agus slat iascaigh ina lámh aige. In áit sin áfach, bhí sé istigh i scioból i mbeairic i nDoire agus cuid saighdiúirí an rí ar achan taobh dó. ” “ Tagann ciall le haois ” a dúirt sé leis fhéin, “ sin an rud a bhíodh le rá ag na seandaoine cibé, ach char dhúirt siad cén aois. ” Chuala sé truip amuigh agus daoine ag caint. Chuaigh sé ar chúl na mboscaí agus mhúscail sé an bheirt. “ Whistigí, ” a dúirt sé, “ tá saighdiúirí ag teacht isteach. ” D ’ oscail na doirse agus tháinig an sáirsint agus trí shaighdiúir eile isteach. “ Put three barrels of ale and one of rum on that push cart, sharpish like, ” arsa an sáirsint, “ c ’ mon, we ain ’ t got all night. Can ’ t be keeping the king ’ s officers waiting now can we? ” Nuair a bhí sin déanta acu thiomáin siad an chairt amach an doras agus saighdiúir amháin ar achan taobh agus duine eile acu ar cúl. Cuireadh an glas ar na doirse arís agus d ’ imigh siad. Chuaigh Feadaímó chuig an fhuinneog arís. “ Cibé caidé atá ag dul ar aghaidh, ” a dúirt sé, “ sea sa halla atá sé. Anois, caithfidh muid fáil amach as seo gan an glas sin a bhriseadh mar bheadh racán dá bhfeicfeadh an sáirsint a leithéid sin. ” Bhí uirlisí ar an bhalla cúil agus thóg sé cró - iarann agus chuaigh sé i mbun oibre ar na hinsí. Seandhoirse a bhí iontu agus cha raibh sé deacair na tairní a tharraingt amach. “ Is dóiche nach mbeadh siad ag súil go mbeadh gadaithe ag briseadh amach as an sci- oból, ” arsa Feadaímó, agus bhog sé an doras píosa. “ Tá seo go breá, a fheara, ” agus chuir sé an doras ar ais ina áit. “ Fágfaidh muid an doras mar atá nuair a imeoidh muid agus tiocfaidh muid ar ais anseo le Domhnall. ” “ Le cuidiú Dé, ” arsa Paidí. Bhí go leor soilse ar an chearnóg agus ar na ballaí ach chonaic Feadaímó nach deachaigh loinnir na soilse sin isteach in achan choirnéal. D ’ fhan siad fiche bomaite eile go dtí go raibh Feadaímó sásta go raibh sé dorcha go leor agus amach leo, fear i ndiaidh an fhir eile, agus choinnigh siad isteach teann le bun an bhalla. Bhí scaifte mór idir shaighdiúirí agus mhná ina seasamh thart ag comhrá taobh amuigh den halla is ag éisteacht le banda píobairí a bhí ag seinm ceoil i lár na cearnóige. Bhí searbhóntaí amach is isteach tríothu agus traenna lán deochanna leo. Tháinig scuaine carráistí is- teach an geafta agus uaisleacht na cathrach orthu. “ Tá cuma ann go bhfuil oíche mhór i ndán d ’ oifigí an rí, ” arsa Feadaímó i gcogar. Chuaigh an triúr acu thart ar chúl an halla. Bhí sé ciúin anseo agus cha raibh le feiceáil ach saighdiúir amháin ag siúl anonn is anall le gunna ar a ghualainn. “ An bhfeiceann tú an dóigh a bhfuil an saighdiúir sin ag máirseáil, a Éamoinn, ” arsa Feadaímó, “ coinnigh cuimhne ar an siúl sin agus fanaigí anseo. ” “ Cad é atá tú ag rá, a Fheadaímó? ” arsa Éamonn, ach bhí Feadaímó ar shiúl. Choinnigh Feadaímó istigh teann leis an bhalla agus a shúil ar an saighdiúir. Nuair a tháinig an saighdiúir a fhad leis sheas sé amach os a chomhair. “ Siúl fada ón íochtar, ” arsa Feadaímó leis. “ You wat mate? ” arsa an saighdiúir agus leag Feadaímó é lena dhorn. Thóg sé an saighdiúir agus a ghunna agus ar ais leis chuig an bheirt eile. “ Cuir thusa ort éadaigh an tsaighdiúra, a Éamoinn, ” arsa Feadaímó. “ Cad chuige …” Bhris Feadaímó isteach air. “ Éist liom, an bheirt agaibh, ” a dúirt sé, “ cha dtig ach fear amháin a bheith i gceannas agus shocraigh muid gur mise an fear sin. Níl ach dóigh amháin a bhfaighidh muid amach as an nead seangáin seo agus Domhnall linn agus sé sin go ndéanfaidh sibhse an rud a iarraimse oraibh a dhéanamh. ” D ’ amharc sé ar Éamonn. “ Gan cheist, ” a dúirt sé go feargach, agus thosaigh Éamonn ag baint an chóta den saighdiúir. Nuair a bhí sé gléasta agus an gunna ar a ghualainn mháirseáil sé amach agus ghlac sé stáisiún an tsaighdiúra. Chuaigh Feadaímó agus Paidí ar ais a fhad leis an sci- oból leis an saighdiúir a cheistiú. Chaith Paidí uisce ar aghaidh an tsaighdiúra agus tháinig sé chuige fhéin de réir a chéile. “ What ’ s your name soldier? ” arsa Paidí leis agus chaith an saighdiúir seileog ar an talamh. “ Drop dead Paddy, ” a dúirt sé. Chuir Feadaímó é ina sheasamh ar bhairille agus rópa thart ar a mhuineál. “ Let me put it to you like this, ” arsa Paidí, my young friend here is not a man who has been blessed with patience. If we fail we will be hung, so we will hang you first and then go out and get another soldier, there are a lot of them about. I ’ m going to count to three. ” Thit an croí as an saighdiúir agus d ’ fhreagair sé achan cheist a cuireadh air. D ’ fhág siad é ceangailte suas istigh i gceann de na bairil- lí folmha agus ar ais leo a fhad le hÉamonn. “ Fan thusa san áit a bhfuil tú, a Éamoinn, ” arsa Feadaímó, “ agus gheobhaidh muidinne Domhnall. ” “ D ’ imigh siad ar aghaidh ag coinneáil amach as réimse na soilse agus chuaigh siad faoi áirse isteach i sráid fhada leathan. Bhí tuilleadh stáblaí anseo agus trí fhoirgneamh mhóra ina raibh lóistín na saighdiúirí. Ar an taobh eile den tsráid chonaic siad an príosún. Foirgneamh mór ard a bhí ann le barraí iarainn ar achan fhuinneog. Bhí balla ocht dtroigh ar airde thart air agus gloine briste sáite ar a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3