Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 10 Na Dúnaibh… Cén Bhliain? Tá muid buíoch do Sheán Mhic Pháidín, Sligeach, as an eolas thíos a chur chugainn maidir leis an phictiúr de na Dúnaibh a bhí in eagrán 35 de Ghuth Ghoill. Ní raibh mórán tithe san áit nuair a glacadh an grianghraf seo. Thig leat teach Ernie Mhic Giolla Choinnigh a fheiceáil ar bharr an chnoic agus tá bunsraitheanna tí Jack Mhic Pháidín i Leargan Riabhach le feiceáil fosta. Ag an am sin bhí clann Jack ina cónaí i dteach “Kelly”, áit a bhfuil Marion Buchanan le blianta fada anois. Nuair a bhí an teach nua i Leargan Riabhach críochnaithe chuaigh an chlann uilig, san am sin Jack, Caitlín, Maureen, Ciaran, agus Ethna a chónaí ann. Ba é Aodán an chéad duine den chlann a rugadh sa teach úr i mí Dheireadh Fómhair 1952. Dúirt m’athair le hAodán gur tógadh an teach thar thréimhse deich no dhá mhí dhéag. Tá cuimhne ag Ciarán ar an lá a d’fhág siad teach “Kelly”. Rinne Wilson Buchan, deartháir le John Buchan, an troscán a iompar dóibh go dtí an teach úr sa leoraí a bhí aige ag an am. Ma amharcann tú ar an chuibhreann os comhair tí Ernie, agus tí Pheoples, tá stucaí arbhair le feiceáil. Níl feirmeoirí ag obair mar seo anois, ach sin an dóigh a raibh sé ar feadh blianta fada. Bheadh na cuibhrinn lán stucaí i mi Lúnasa agus Meán Fómhair sula dtagadh an t-inneall buailte agus bheadh na gasúraí uilig thart fan áit ag fanacht ar na luchóga theacht amach as na stucaí arbhair agus na cocaí féir. Tá cocaí féir le feiceáil fosta thuas ar fheirm na Wilsons i Machaire Beag, in aice le Cnoc an Dúin. Ag cur achan rud anseo san áireamh, déarfainn gur tógadh an grianghraf seo thart fá Lúnasa no Meán Fómhair na bliana 1951. Bhí ceithre dhráma ar an ardán ag Céim Aniar don Fhéile Scoildrámaíochta in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Cean- ainn i mbliana, “ Na Trí Muca ” leis na Naíonáin, “ An Leipreachán ” le rang 1 agus rang 2, “ Páirc an Óir ” le rang 3 agus rang 4 agus “ Díoltas an tSaoil ” le rang 5 agus rang 6. Chuaigh an dá dhráma “ Páirc an Óir ” agus “ Díoltas an tSaoil ” fríd chuig Féile Uladh, áit ar bhain rang 3 & 4 duais na rannóige. Bhain Laura Pasoma an duais don bhanaisteoir is fearr ar an lá chomh maith. Bhí oíche mhór againn ansin i gColáiste Ros Goill ar 5 Aibreáin nuair a chuir na páistí na ceithre dhráma i láthair do mhuintir na háite. Bronnadh teastas ar na páistí uilig ag ócáid sa Síbín Ceoil ar 6 Bealtaine nuair a rinneadh saothar na bliana a cheiliúradh. Bhí grianghraif d ’ imeachtaí na bliana agus na duaiseanna ar taispeáint agus bronnadh na teastais cheoil ar na páistí sin a rinne freastal ar na ranganna uirlisí ceoil i rith an gheimhridh chomh maith. Comhghairdeas leis na páistí uilig atá páirteach sa scéim pleanála teanga agus a chur obair mhór isteach ag na himeachtaí i rith na bliana. Na Trí Muca & Wolfie

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3