Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 11 Bhí ócáid mhór a reáchtáil i gColáiste Ros Goill ar 1 agus 2 Aibreán nuair a cuireadh ceithre dhráma ar an ardán d ’ Fhéile Drámaíochta Chéim Aniar, féile a bhí mar bhabhta cáilithe don Fhéile Náisiúnta Drámaíochta a bhí ar siúl i gConamara i mbliana. Bhí an halla lán go doras nuair a chuaigh Aisteoirí Mhíobhaigh ar an ardán ar an Aoine leis an dráma úrscríofa, “ Fuil ar an Torc ” agus bhain achan duine an - sult go deo as an léiriú seo. Tá cur síos ar an dráma seo déanta níos faide ar aghaidh. Ansin ar an Satharn ba iad Aisteoirí Charn Tóchair an chéad dream ar an ardán leis an dráma “ Dealg an Tiomna ”, dráma eile a scríobh Proinsias Ó Cuilinn. Bhí meascán breá den ghrá, den ghruaim agus den ghreann sa dráma seo agus bhí sé ina ábhar pléisiúrtha ag an lucht féachana. Ina dhiaidh sin thug Aisteoirí na hÓmaí léiriú suimiúil den scéaldráma sin ón bhéaloideas, “ Dóchas na Caillí ” agus leanadh seo le cur i láthair an - phroifisiúnta den dráma cáiliúil sin “ Faoiseamh ” de chuid John B. Keane, ó Aisteoirí Mhic Easmuinn ón Cheathrú Rua. Aisteoirí Charn Tóchair Aisteoirí an Ómaí Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl anseo sna Dúnaibh i 2012. Aisteoirí Mhic Easmuinn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3