Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 12 Fuil ar an Torc I mo shuí domh i gColáiste Ros Goill le linn an Fhéile Drámaíochta a bhí ansin ag tús mí Aibreáin, rinne mé dearmad glan gur ansin a bhí mé. Ba le linn an dráma “Fuil ar an Torc” a tharla sé seo. Thiocfadh do gur in amharclann mhór ar bith a bhí mé, bhí caighdeán an dráma agus na haisteoireachta chomh maith sin. Le gach casadh, choinnigh an scéal seo thú ar chipíní, ach ní go dtí an deireadh, nuair a tháinig an fhírinne amach, a thuig muid gur drámadóir den scoith amach ‘s amach atá i bProinsias Ó Cuilinn. Scéal iontach atá inti seo agus gach duine den fhoireann ag aisteoireacht go díreach mar gur scríobhadh an pháirt dóibh. Leoga, déarfainn nuair a bhí Proinsias a scríobh, gur orthu a bhí sé ag smaoiteamh. Cúrsaí talún atá i gceist sa scéal agus níl rud ar bith ait fá sin sa tír seo, ach go bhfuil na carachtair i bhfad níos contúirtí, níos santaí agus níos ísle ná na gnáth rógairí. De réir dealraimh, piocadh na páirteanna go cruinn cúramach - Fear glic gortach atá i Jack Ryan (Proinsias Ó Cuilinn féin). Tá a shúil aige ar theach agus ar thalamh a chomharsa, J.J. Ó Colla. Gheobhaidh sé é, dar leis, ar shlí ar bith, ceart nó cóir. Déanann sé iarracht a mhac Ryan a fháil le cuidiú leis. Seán Ó Dochartaigh a ghlac páirt Ryan agus léirigh sé go hiontach an difir a bhí idir é fhéin agus a athair. Bhíodar beirt an-mhaith agus an gaol eatarthu! Mar oíche agus lá. Bhí Stiofán Ó Sibhleain agus John Mhící Rua mar Andy agus Maloney, iad faoi thionchar Jack agus é a mealladh isteach in olcas agus i ndiabhlaíocht. Chuir an bheirt acu lear grinn isteach sa dráma. Ar eagla ansin go mbeadh muid ag gáire rófhada, bhí Róisín (Fíona Pasoma) ag gearán fán drochdhóigh ina raibh sí fágtha, a fear céile, Séimí (Darragh Mac Laifeartaigh) loite go deo i ndiaidh timpiste! Bhí J .J. Ó Colla (Hughie Fina) agus Máire (Ann Marie Ní Shibhleáin) ina seantuismitheoirí ag Séimí agus iad ag léiriú an chairdis agus an grá idir lánúin aosta. Bhí Ann Marie ró-óg don pháirt ach char chuir sin bac nó baol uirthi. Shílfeá gur ar an ardán a rugadh í. Ansin bhí Nuala Ní Cholla (Brídín Mhic Uiginn), máthair Shéimí agus baintreach le mac J. J. agus í ag iarraidh achan duine a shásamh. Ní fhaca mise Brídín ar an ardán le hAisteoirí Mhíobhaigh roimhe agus rinne sí jab maith den pháirt seo, páirt nach raibh furasta a léiriú. Bíonn páirt an fhir ghléasta nó an bhoic mhóir i gcónaí ag Joe Cullen agus cha raibh deacracht ar bith aige bróga an dochtúra a líonadh, an chuma sin air, é eolach, léannta agus níos ciallmhaire ná iad siúd ar a mbíonn sé ag tabhairt comhairle. Mar i gcónaí, cha raibh buaireamh ar bith ag Joe leis an pháirt seo. Bhí páirt Shéimí, a bhí léirithe ag Darragh Mac Laifeartaigh, lárnach sa dráma seo. Gortaíodh Séimí go holc. Chan timpiste a bhí ann ach drochbheart a iompraíodh amach air agus fágadh é le hintinn linbh dhá bhliain d’aois. Rinne Darragh an pháirt seo a léiriú chomh maith is a rinne Daniel Day Lewis páirt Christy Brown a léiriú sa dráma “My Left Foot”. Rinne Darragh a chuid fhéin den pháirt agus is mór an trua nach i Hollywood atá sé. Gan dabht, ba é seo an fear ceart don pháirt a léirigh sé gan locht. Bhain achan duine sult mór as an seó agus tá lear cainte fá dtaobh de go fóill. Tá bród mór orainn i Ros Goill go bhfuil Hitchcock dár gcuid féin againn agus aisteoirí den scoth. Mar a bhíonn i gcónaí, bhí daoine ag cuidiú nach bhfaca an lucht éisteachta ar chor ar bith agus tá buíochas mór tuillte ag Antain Mac Giolla Bhríde a bhí ag amharc i ndiaidh na soilse agus na fuaime agus ag Máire Uí Chléide don smideadh. Finola Hudaí Beidh seans agaibh an dráma seo a fheiceáil sa Choláiste arís ar 18 Iúil agus 1 Lúnasa. Aisteoirí Mhíobhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3