Guth Ghoill, Eagrán 37
Eagrán 37 Meitheamh, 2011 13 Feadaímó Tá Feadaímó agus Páidí ina seasamh ar an tsráid taobh amuigh den phríosún ina bhfuil Domhnall mar phríosúnach ag an Choirnéal Albertson. Tá an príosún istigh i lár beairic na saighdiúirí agus tá trí fhoirgneamh mhóra ina bhfuil lóistín na saighdiúirí ar an taobh eile den tsráid. Tá uaisleacht na cathrach ag freastal ar dhamhsa mór i halla na beairice mar aíonna na n - oifigeach agus tá Éamonn gléasta mar shaighdiúir ar faire ar chúl an halla. “ Chan fheicimse dóigh ar bith le fáil isteach sa phríosún sin, a Fheadaímó, ” arsa Páidí. “ Ta an ceart agat, a Pháidí, níl dóigh le fáil isteach ón tsráid seo, ” arsa Feadaímó, i gcogar. Shiúil sé ar ais fríd an áirse agus lean Páidí é. “ Tá saighdiúir a dhí- obháil orainn, ” arsa Feadaímó, agus é ag coinneáil is- teach teann leis na ballaí. “ Tá mé den bharúil nár inis an saighdiúir eile an fhirinne uilig dúinn, ach tá sé ró- mhall le dhul ar ais le hé a cheistiú. ” “ Bhail, ” arsa Páidí, “ chan rud é go bhfuil siad gann fán áit seo. ” “ Gabh thusa ar ais agus faigh Éamonn, ” arsa Feadaímó, “ agus ná cuirigí am ar bith amú. Fanfaidh mise anseo agus má thagann ….” “ Whist, ” arsa Páidí, ag briseadh isteach air. “ Tá daoine ag teacht. ” Chuala Feadaímó iad ansin. Mháirseáil oifigeach agus beirt shaighdiúir amach faoin áirse ag dul i dtreo an halla. Cha raibh dóigh ar bith le coinneáil i bhfolach agus léim Feadaímó amach os a gcomhair. Stad an triúr go tobann agus iontas go bráth orthu. “ Who the devil are you? ” arsa an t - oifigeach go feargach agus bhuail Feadaímó é faoin smig lena dhorn. Thit an t - oifigeach ina chnap ar an talamh agus sula bhfuair an dá shaighdiúir deis bogadh bhuail Feadaímó a dá chloige- ann le chéile agus thit siad ar mhullach an oifigigh. “ Goitse, a Pháidí, faigh greim ar an oifigeach, ” arsa Feadaímó agus é ag iompar an dá shaighdiúir thar a ghuaillí. Chuaigh siad thart an coirnéal agus chonaic Feadaímó doras sciobóil ar an taobh eile den tsráid. Rith Feadaímó trasna, d ’ oscail sé an doras agus isteach leis. Tháinig corr sheitreach ó na capaill a bhí istigh ach shocraigh siad gan mhoill. Chuir Feadaímó an dá shaighdiúir isteach i stalla folamh agus cheangail sé iad le srianta a bhí ar an bhalla. D ’ fhág sé a ngunnaí ina seasamh taobh istigh den doras agus d ’ amharc sé ar an oifigeach. Is captaen a bhí ann agus bhí sé gléasta ina chulaith is fearr agus trí bhonn ar a chliabh. “ Cuir thusa ort an chulaith sin, a Pháidí, ” arsa Feadaímó, “ Mise? ” arsa Páidí. “ Sea, thusa. Níl sé mór go leor domhsa agus fosta tá Béarla i bhfad níos fearr agatsa ná mar atá agamsa, ” arsa Feadaímó. Bhí Páidí chun labhairt arís ach nuair a chonaic sé súile Fheadaímó choinnigh sé a bhéal druidte agus chuir sé air cuid éadach an oifigigh. Chaith Feadaímó uisce ar an oifigeach ansin agus mhúscail sé. “ Cuir ceist air fán dóigh is fearr dúinne fáil isteach sa phríosúin, a Pháidí, ” arsa Feadaímó agus é ag cur an oifigigh ina shuí. Chuir Páidí an cheist air ach cha dtug an t - oifigeach freagair ar bith ach go díreach corr éagaoin phianmhar a ligean uaidh. “ Tá a ghiall briste, ” arsa Páidí “ ach ba chóir go mbeadh sé ábalta cúpla ceist a fhreagairt. ” “ Ba chóir go mbeadh, ” arsa Feadaímó, “ agus déanfaidh sé sin. Imigh thusa anois agus faigh Éamonn. ” Bhí Páidí réidh le dul amach ar an doras nuair a thóg Feadaímó claíomh an oifigigh. “ Cuir seo ort, ” a dúirt sé, “ agus ná déan dearmad Béarla a labhairt má chasann duine ar bith leat. ” D ’ imigh Páidí agus thiontaigh Feadaímó chuig an oifigeach. “ I have to get into the prison, tell me how, ” ach chroith an t - oifigeach a cheann. Smaoinigh Feadaímó ar Dhomhnall istigh sa phríosún agus go raibh an locht uilig ar fhéin gur amhlaidh a bhí an scéal. Dóigh amháin nó dóigh eile gheobhadh sé an t - eolas a bhí a dhíobháil air ón chaptaen. Tamall ina dhiaidh sin bhí Feadaímó ag amharc amach doras an sciobóil nuair a chuala sé trup máirseála ag teacht ina threo agus sular dhruid sé an doras tháinig Páidí agus Éamonn ag máirseáil thart an coirnéal. “ Bhí go leor calláin libh cibé, ” arsa Feadaímó. “ Sin an dóigh is fearr le fáil thart nuair atá na cultacha seo orainn, ” arsa Páidí. “ Chas mise le cúigear saighdiúir agus cha dear siad a dhath ach cúirtéis a dhéanamh liom. ” “ Maith go leor, a Pháidí, ” arsa Feadaímó, “ is tusa an t - oifigeach agus tá mise mar phríosúnach agat. A Éamoinn, dírigh thusa do ghunna ormsa agus rachaidh muid a fhad leis an phríosún. ” “ Nach bhfuil dóigh ar bith eile is- teach ach fríd an gheafta sin? ” Arsa Páidí. “ Níl, sin an t - aon dóigh de réir an chaptaen anseo agus níl sé ag insint bréag, ” arsa Feadaímó, “ ach ar a laghad tá a fhi- os agam an áit a bhfuil Domhnall acu. Tá sé ar an chéad urlár i gcill a seacht déag. Tá teach ag Colonel Albertson ar chúl na dtithe ina bhfuil loistín na saighdiúirí. Cha raibh a fhios ag an chaptaen cé acu an raibh an Colonel ar shiúl chuig an damhsa nó ina theach go fóill. ” D ’ amharc Páidí ar Fheadaímó agus iontas air. “ Fuair tú sin uilig ón chaptaen. Shíl mise nach n - osclódh sé a bhéal. ” Chuaigh sé anonn chuig an stalla beag agus chonaic sé an captaen ceangailte don bheirt eile le tost ina bhéal agus gan bogadh as aon duine acu. “ Goitse, ” arsa Feadaímó, “ tá an oíche ag imeacht orainn. ” Chuaigh siad isteach faoin áirse arís agus Páidí chun tosaigh, Feadaímó i lár báire lena dhá lámh in airde agus Éamonn ar cúl lena ghunna dírithe ar Fhéadaímó. Tháinig siad fhad leis an gheafta agus scairt Páidí isteach chuig an dá shaighdiúir. “ Open the gates, I ’ ve got a prisoner here. ” Shiúil duine de na saighdiúirí anonn chuige. “ Begging your pardon sir, we ’ ll have to call the duty officer. We ain ’ t authorised to open the gates to anyone. ” “ Labhair Páidí leis go feargach. “ What ’ s your name private? ” “ Private Jones, 2 nd platoon, C Company. The Welsh Guards sir. ” D ’ amharc Páidí air agus aoibh ar a aghaidh. “ Well, Private Jones, I ’ m going to see to it that you are on latrine duty for the next six months. Don ’ t you know there ’ s a ball on here tonight. I ’ m already late, all you have to do is take this prisoner off my hands and hold him until the duty officer comes to process him. So for the last time, Private, open the bloody gate. ” “ Sorry sir, I have to get the duty officer. ” Le sin bhuail Feadaímó Páidí lena dhorn agus leag go talamh é. Thiontaigh sé agus bhí sé anois ag déanamh iarracht an gunna a bhaint de Éamonn. D ’ aithin Páidí cad é a bhí ag dul ar aghaidh agus lig sé scread as.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3