Guth Ghoill, Eagrán 37
Eagrán 37 Meitheamh, 2011 14 “ Private Jones, if I lose this prisoner I ’ ll see you hang. ” D ’ oscail Jones an geafta le driopás agus tháinig sé fhéin agus an saighdiúir eile amach. “ Don ’ t shoot him, ” arsa Paidí, “ we need him alive. ” De réir a chéile chuir an cheathrar acu smacht ar Fheadaímó agus tharraing siad é isteach fríd an gheafta. “ There ’ s a holding cell in the basement sir, ” arsa Jones, agus é ag tiontú na heochrach sa gheafta. “ Splendid, ” arsa Paidí, “ let ’ s get this over with. ” D ’ oscail Jones doras na cille agus sheas sé ar leataobh. “ Get in there, scum, ” a dúirt sé le Feadaímó. Fuair Feadaímó greim muiníl air agus bhuail sé é in éadan an bhalla agus thit Jones ina chnap ar an urlár. Bhuail Éamonn an saighdiúir eile le buta a ghunna agus caitheadh an bheirt acu isteach sa chill agus ceanglaíodh iad le chéile. Thóg Feadaímó eochracha an gheafta ó phóca Jones. “ Fág an geafta foscailte, a Éamoinn, ” a dúirt sé, “ b ’ fhéidir go mbeidh deifre orainn is muid ag fágáil. Anois, goitsigí, suas go dtí an chéad urlár linn. ” Chuaigh siad suas an staighre, Páidí chun tosaigh agus an bheirt eile a leanstan mar a bhí agus chonaic siad corparáil ina shuí ag tábla ag léamh leabhair. Nuair a chonaic sé an t - oifigeach ag teacht sheas sé agus rinne sé cúirtéis. Shiúil Éamonn chun tosaigh agus dhírigh sé a ghunna ar an chorparáil. “ Open cell 17” arsa Páidí. Char bhog an corparáil. “ Maith go leor, ” arsa Feadaímó, “ seo na heochracha is dóiche, ” agus thóg sé cnapán eochracha a bhí crochta ar an bhalla. “ Beidh muid leath na hoíche ag cuardach na heochrach ceart, ” arsa Páidí. “ Ní bheidh, shoot him Éamonn, ” arsa Feadaímó, agus shiúl sé síos an pasáiste ag amharc ar na huimhreacha ar dhoirse na gceall. “ No, wait, ” arsa an corparáil, agus lean sé Feadaímó. Thóg sé na heochracha agus roghnaigh sé ceann acu. Tháinig siad go cill a 17 agus d ’ oscail sé é. Shiúil Feadaímó isteach agus chonaic sé Domhnall ina shuí ar an leaba. Bhí iontas go bráth ar Dhomhnall agus sheas sé. “ Ná hinis domh gur beireadh ort, a Fheadaímó, ” a dúirt sé. Le sin shiúil Páidí agus Éamonn isteach agus an corparáil leo. “ Bhail, a Dhomhnaill, ” arsa Páidí, “ cad é mar atá rudaí? ” Ní mó ná go raibh Domhnall ábalta labhairt. “ Cad é faoi Dhia atá ag dul ar aghaidh anseo? ” a dúirt sé. “ Ceangail an corparáil do bharraí na fuinneoige, a fheara, agus cuir tost ina bhéal, ” arsa Feadaímó, agus d ’ amharc sé ar Dhomhnall. “ Tá muid anseo le tú a fháil amach, a Dhomhnaill. ” “ Cha chreidim seo, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall. “ Cad é ’ n dóigh, faoi Dhia, a bhfuair sibh isteach anseo? Lorda, bhí mise lán chinnte gur i long Shasanach a chaithfinn mo bhlianta deireanacha. ” D ’ amharc Feadaímó amach an doras agus ansin ar Dhomhnall. “ Thig linn an scéal uilig a insint duit nuair atá muid amuigh as an áit seo. Goitsigí, amach an dóigh chéanna, Páidí chun tosaigh agus tusa ar cúl, a Éamoinn. ” Chuir siad an glas ar chill 17 agus d ’ imigh siad leo i dtreo an gheafta. “ Cén t - am atá sé? ” arsa Páidí. Tharraing Éamonn uair- eadóir óna phóca. “ Tá sé deich mbomaite go dtí a ’ dó dhéag. ” “ Bea sin a bhfuil sé, ” arsa Páidí. “ Tá an di- abhal oíche seo chomh fada le seachtain. ” “ Dá mbeifeá glasta istigh i gcill i rith an lae bheadh a fhios agat cad é chomh fada is a bhíonn an oíche de ghnáth, ” arsa Domhnall. “ Whist, ” arsa Páidí, agus stad siad uilig. Chuala siad saighdiúirí ag máirseáil taobh amuigh. “ Athraíonn an garda ag meán oíche, ” arsa Páidí, “ níl mórán ama fágtha againn. ” D ’ imigh coiscéimeanna na saighdiúirí i dtreo halla bhig ar an taobh eile den phríosún agus rith Feadaímó agus na boic eile i dtreo an gheafta. D ’ oscail Feadaímó an geafta agus d ’ am- harc sé amach. “ Níl duine ar bith ar an tsráid, ” arsa Feadaímó, “ goitsigí, ” agus d ’ imigh sé trasna na sráide i dtreo tithe na saighdiúirí. Chuala sé Páidí ag scairte- adh ar a chúl. “ Faoi Dhia, a Fheadaímó cá bhfuil tú ag dul? Sin an bealach ceart amach faoin áirse ansin. ” “ Imígí sibhse más mian libh, ” arsa Feadaímó, “ ach caithfidh mise airgead Dhomhnaill a fháil ar ais ó Choirnéal Albertson. ” Rith sé leis agus d ’ imigh sé as radharc nuair a chuaigh sé thart an coirnéal. “ Ó, a Dhia, ” arsa Páidí, “ sé an bás atá i ndán dúinn má lean- ann muid an boc óg seo. ” “ Cad é eile a thig linn a dhéanamh, ” arsa Éamonn, “ níl sé ag déanamh droch - jab ar bith go fóill. ” “ Goitsigí, ” arsa Domhnall, “ caithfidh muid fanacht leis. ” Lean siad Feadaímó agus rith siad thart an coirnéal. Bhí Feadaímó ina sheasamh taobh amuigh de theach agus é ag amharc isteach an fhuinneog. Tháinig an triúr eile a fhad leis. “ Tá an t - ádh orainn, a fheara, ” arsa Feadaímó. Tá mo sheanchara Coirnéal Albertson taobh istigh. Le sin chuala siad clog ag buaileadh agus ansin ceann eile ó threo an phríosúin. An chéad rud eile bhí saighdiúirí ina rith achan bhealach. “ Caithfidh go bhfuair siad na gardaí a bhí ceangailte suas, ” arsa Feadaímó. “ Is dóiche go bhfuair, arsa Domhnall, “ agus muna bhfuil muidinne taobh istigh áit éigin amach as an chosán roimh i bhfad, beidh muid uilig istigh sa pholl sin arís. ” “ Tá sin furasta a réiteach, ” arsa Feadaímó, “ leanaigí mise, ” agus chuaigh se thart go cúl an tí. Beidh tuilleadh sa chéad eagráin eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3