Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 15 Na Spiairí ar an Chnoc Mhór os cionn Bhaile an tSléibhe. I dtús báire ba é an Tiarna Liatroma a thóg an teach seo. Bhí báille de chuid an Tiarna ina chónaí ann le súil a choinneáil ar mhuintir na háite ar eagla na heagla, b’fhéidir go mbeadh siad ag baint móna nó truipleogaí ar an chnoc. Is cosúil go raibh níos mó measa ag an Tiarna ar na caora ná mar a bhí aige ar na daoine. Ba é Speer an sloinne a bhí ar an bháille agus nuair a chuaigh clann Uí Shiail as an Chorrach ina gcónaí sa teach seo fuair siad an leasainm “Na Spiairí”. Bhí mé amuigh ag siúl lá amháin agus ar mo chosán thart fá sheanscoil Dhoire a’ Chasáin scairt me isteach ar mo chomharsa ar an Bhaile Úr. Is maith liom ruaig a thabhairt air ó am go ham. Fear suimiúil é, atá ina chónaí leis féin agus tá eolas go bráth aige fán tsean-am. Bhí an citeal ag goil ar an tine agus thug se babhla mór tae breá láidir domh agus ceapaire lena chois. Tháinig an scéal aníos fá chlann na Spiairí ar an Chnoc Mhór. Ta ballóga an tseantí ansin go fóill. Bhí mo chara ag inse domh go deachaigh Den Chonchúir Rua as Baile an tSléibhe amach chuig teach na Spiairí maidin amháin le cuidiú leo gráinnín móna nó truipleogaí a bhaint. Bhí siad ag éirí i ndiaidh a bheith amuigh ag iascaireacht scadán an oíche sin. Bhí gallach mór scadán agus iad feannta i dtobán ag Peadar fá choinne an dinnéir. Chaith sé crág salainn ghairbh orthu le hi- ad a shailleadh. Rinne Cití an tae agus scairt sí ar John agus ar Mhící a bhí ina luí. Nuair a d’éirigh siad chuir Cití amach babhla mór tae cosúil le scála d’achan fhear. Thóg sí isteach toirtín mór a bhí ag fuarú aici os cionn leac an dorais. Ghearr sí é ina thrí chuid agus shín sí steal ag gach fear díreach mar a bhí sé. Bhí meascán mór d’im baile ar an tábla. Chuir siad im ar an steal den toirtín mar a bhí sé agus d’ith siad é go hiomlán. Lena chois sin, bhí gamhain ag an bhó an lá roimhe sin agus bhí po- ta mór gruth buí aici ar an tine ag goil. Nuair a bhí sé bruite thóg sí an pota den tine agus lion sí babhla den ghruth buí agus shín sí é chucu. Anois dé- arfainn go mbeadh an gruth buí sin ramhar agus righin cosúil le cáis, ach ma bhí fhéin, chogain agus d’ith siad é go huile. Nach maith an goile a bhí acu agus lena chois sin bhí siad tacúil agus láidir. Bhí na fir seo ag iascaireacht scadán ag cúl an Chorráin oíche dheas ghealaí ar bhád leathdeice. Fuair siad cor mór. Bhí an cor éisc chomh mór sin gur líon siad an bád go béal agus chuaigh sí sios faoina gcosa. San am sin bhí na hiascairí uilig ag caitheamh léinte fada síos go dtí a murnáin agus iad breá teann faoina smigeanna. Bhí siad ámharach go raibh go leor aer sna léinte le hiad a choinneáil ar snámh go dtí go dtug Chéarlaí Bán tarrtháil orthu. Bhí Jimmy Antoin ag iascaireacht in aice leo ach ní raibh a fhios aige go raibh bád na Spiairí faoi uisce. Scairt sé ar Shéarlaí Bán agus dúirt sé leis, “Tá eagla orm go gcuirfidh na Spiairí an bad síos anocht”. Le sin thug sé faoi deara go raibh na Spiairí ina luí ar mhullach na n-eangach i mbád Shéarlaí Bán. Bhí Willie Duffy as Baile an tSléibhe leo an oíche chéanna. An gcreidfeá, iad ar maos fliuch agus b’éigean dóibh fanacht sa bhád foscailte go maidin go dtáinig siad isteach ag céidh na nDúnaibh agus ansin bhí orthu siúl as na Dúnaibh go dtí Baile an tSléibhe agus amach an Cnoc Mór. Bhí siad righin. Go goirid ina dhiaidh sin fuair siad bád eile agus nuair a bhí an iascaireacht thart chuir siad an bád i bhfoscadh go Lag na hUillinne don Gheimhreadh. Rinne siad dearmad den ancaire agus thug Peadar agus fear eile sac mór leo ón bhádchlós go dtí céidh na nDúnaibh. Chuir siad an t-ancaire agus an slabhra isteach sa tsac. Thóg an fear a bhí leis é ar dhroim Pheadar agus an gcreidfeá, cha dear Peadar a scíste go dtí gur shroich sé teach Mhary Ellen Sweeney (sin teach Denis Sweeney anois). Bhí fear tacúil leis agus chuir seisean an t-ancaire agus an slabhra ar a dhroim ach chuaigh na cosa faoi ag teach Pháidí Mhící Eoin, sin darna doras do theach an dochtúra. Thóg Peadar é an darna uair agus níor stad sé go raibh sé thíos i Lag na hUillinne. Mar a deir na sean daoine, ba sin fear tacúil agus láidir. Deir siad gur fear cliste a bhí i John an Spiaire. Is minic a chuala mé na sean daoine ag rá gur léigh sé an páipéar ar lorg a thaoibh agus go raibh sé maith ag léamh. Seo Prionnsí agus é leath ólta i rith na haimsire.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3