Guth Ghoill, Eagrán 37
Eagrán 37 Meitheamh, 2011 16 An Bealach ‘ na Bhaile Seo thíos pictiúir a glacadh nuair a tháinig déagóirí as Fánaid agus as na Dúnaibh le chéile don tionscadal físealaíne, “ An Bealach ’ na Bhaile ”, tionscadal a bhí curtha le chéile ag Artlink i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Bhí sraith ceardlann, le healaíontóirí Denzil Browne agus Seán Ó Cuireann, ar siúl sna Dúnaibh, i bhFánaid agus i stiúideo Artlink i mBun Cranncha. Cuireadh taispeántas de chuid oibre na rannpháirtithe i láthair in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh i ndiaidh na ceardlainne deireanaí ar 28 Márta. Sa phictiúr thuas leis na déagóirí tá Brídín Ní Chearáin (An Ghaeltacht Beo, Fánaid), Declan Sheehan (Artlink), Mícheál Mac Aoidh (Ealaín na Gaeltachta), Denzil Browne agus Seán Ó Cuireann (Artlink) agus Fíona Pasoma (Céim Aniar) Micléinn i mbun oibre
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3