Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 3 Ros na Binne Ar leanstan Tithe Coiteora Ros na Binne Teach Thuathail Sheáin Jack. (Tuathal Mac Suibhne). Sa tríú teach cois na farraige i Ros na Binne bhí cónaí ar Thuathal Mac Suibhne. Ba as Dumhaigh do Thuathal (Tuathal Sheáin Jack) agus bhí sé pósta ar Shíle Nic Pháidín nó Síle Enda, bean de mhuintir Enda as Dumhaigh fosta. Pósadh Tuathal agus a bhean Síle sa bhliain 1893 agus bhí duine amháin clainne acu, ba sin iníon a raibh Máire uirthi, nó Máire Rua mar ab fhearr aithne uirthi, a rugadh timpeall na bliana 1895. Bhí cónaí orthu i nGleann Rí sula bhfuair siad an teach i Ros na Binne. Pósadh ise ar Phádraig Mac Giolla Bhríde (Pádraig Eoin Chonchúir) as Cnoc na Marbh. Casfar Máire agus Pádraig dúinn arís mar go raibh cónaí orthu i ndiaidh a bpósta i dteach eile i Ros na Binne. I ndiaidh a n - amsan tháinig Anton Duffy a chónaí sa teach. Bhí Antoin pósta ar Sarah Nic Giolla Bhríde, nó Sarah Mhór mar ab fhearr aithne uirthi, iníon de chuid Mhící Mhóir. Ba as Carraig Airt d ’ Antoin ó dhúchas agus ba é a fuair an post mar mháistir ar na ‘ caddies ’ (Caddymaster) i ndiaidh do Stephen Ó Sibhleáin (Stephen a ’ Pharthólán) an post a fhágáil 1960. Cha raibh clann ar bith dá gcuid fhéin acu agus rinne siad gasúr a uchtú (adopt), ba sin Ter- ence agus is cinnte go raibh siad thar a bheith maith dó. Bhíodh pin- geacha fá na pócaí ag Terence nuair nach mbíodh ag páistí eile agus leoga ba fhlaithiúil an stócach a bhí ann agus é ag éirí aníos. Fuair Sarah Mhór bás sa bhliain 1960 agus Antoin sna seachtóidí. Dhíol Ter- ence an teach agus tá sé pósta le clann thíos i gContae Shligigh. Is teach saoire atá ann anois. Teach Jack Bán/ Mhicí Jimí. Ar an taobh eile de theach Thuathal Sheáin Jack /Anton Duffy bhí teach Jack Bán Mac Laifeartaigh (Jack Bán Den Shéarlaí) an mac ba sine a bhí ag Den Shéarlaí Shorcha as Dumhaigh, deartháir de Hughie Den. Rugadh é timpeall na bliana 1865. Bhí seisean pósta ar bhean a raibh Máire Uí Shraotháin (Strain) uirthi agus ba seo an dara pósadh aicise, bhí sí pósta roimhe seo i nDroim Righin ar fhear de mhuintir Uí Shraotháin ach fuair seisean bás óg agus cha raibh clann ar bith acu. Pósadh Jack agus í fhéin sa bhliain 1898 agus tá sé le feiceáil ón daonáireamh go raibh sí dhá bhliain déag níos sine ná Jack. Ní raibh clann ar bith ag Jack Bán ná ag Máire ach oiread ach thóg siad girseach bheag a bhí muinteartha de Mháire, ba sín Gráinne Ní hOireachtaigh nó Gráinne Jack mar ab fhearr aithne uirthi ina dhiaidh seo. Bhí Gráinne ar dhuine de thripléid a rugadh sa bhliain 1894 do Dhonchadh Ó hOireachtaigh agus dona bhean Bidí Ginn (Ní Shiadhail) as Dumhaigh. Bhí cúigear clainne eile acu sular rugadh na tripléid, Micí (Micí Ginn), Madgie, Máire, John agus Dinis. Rugadh Aindí sa bhliain 1896 agus is cosúil go bhfuair Bidí bás a thabhairt ‘ un tsaoil. Rinneadh rud ansin a bhí mar Antoin Duffy Terrence Duffy

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3