Guth Ghoill, Eagrán 37
Eagrán 37 Meitheamh, 2011 4 ghnás coitianta san am sin, dar ndóigh, agus sin gur cuireadh na tripléid faoi chúram a gcuid daoine muinteartha agus is de thairbhe seo a fágadh Gráinne Jack faoi chúram Mháire agus Jack Bán. Nuair a d ’ fhás Gráinne suas d ’ imigh sí fhéin agus a dá deirfiúr, Maggie agus Cassie go Meiriceá. Ba seo timpeall na bliana 1922. Phós Gráinne Ciarraíoch a raibh Denis Sugrue air. Bhí Denis ina tiománaí bus i Nua Eabhrac. Bhí ceathrar clainne acu, Danny, Dinis, Jimmy agus Bidí. Fuair Denis bás timpeall na bliana 1965. Fuair Jack Bán bás sna triochaidí agus nuair a síleadh go raibh Máire ag dul isteach i ndrochshláinte agus an bás ar leac an dorais aici tháinig Gráinne ar ais as Meiricea lena clann óg le haire agus cúram a thabhairt dithe. Ach mhair Máire blianta fada i ndiaidh dóibh theacht anall agus d ’ fhan Gráinne ansin i Ros na Binne áit ar thóg sí a clann. Is cosúil nuair a maraíodh a fear thall i Meiriceá go raibh airgead curtha ar fáil d ’ oideachas na ngasúr agus rinne siad freastal ar Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn. Bhí Dinis, an mac ba sine, stócach téagartha láidir, ar fhoireann na nDúnaibh a bhain an chéad chraobh Sóisir Contae sa bhliain 1948. Bhí Dinis ag obair ar shiopa John Buchan, a bhí a thógáil sna Dúnaibh ag an am, sular imigh sé go Meiriceá. Nuair a d ’ imigh Gráinne Jack agus a clann ar ais go Meiriceá 1949, i ndiaidh do Mháire bás a fháil, fágadh an teach, an talamh agus a raibh d ’ ainmhithe ansin faoi chúram Mhicí Jimí. Bhog Micí Jimí, a bhí ina cholceathair ag Gráinne Jack, isteach i dteach Jack Bán cúpla bliain i ndiaidh do Ghráinne a theacht as Meiriceá. Máire Ginn (Ní Shiaidhail) as Dumhaigh deirfiúr de Bhidí Ginn (máthair Ghráinne) a bhí ina máthair ag Micí Jimí agus rugadh é ar an Chorrach sa bhliain 1895. Bhí Micí pósta ar Shorcha Do- chartaigh (deirfiúr do James Antoin) as Baile na Deora. Fuair sise bás óg agus fágadh Micí le triúr clainne Muiris, Máire agus Nóra. Tógadh Máire i dtigh James Antoin i mBaile na Deora agus Nóra i dtigh Mhicí Ginn sna Dúnaibh Íochtarach agus choinnigh Micí a mhac Muiris leis agus tógadh é tigh Ghráinne Jack i Ros na Binne. Bhí Máire pósta ar Peter Flaherty agus bhí Nóra pósta ar Ronald Reeves ach ní raibh clann ar bith ag ceachtar acu. Nuair a tháinig Muiris ‘ un aois d ’ imigh sé go hAlbain áit ar pósadh é agus ar thóg sé clann. Tá an triúr acu ar shlí na fírinne anois le roinnt blianta. Fear a bhí i Micí a raibh cuimhne iontach aige agus thiocfadh leis seasamh i lúb chuideachta agus an óráid a thug Roibéard Emmet uaidh i dteach na cúirte, an lá a daoradh chun báis é, a thabhairt uaidh ar a shuaimhneas. Bhí deacracht amháin ag Micí bocht agus ba sin gur ghnách leis eagla mhillteanach a bheith air roimh an dorchadas. Is dócha gur seo rud a bhí leis óna óige mar is cinnte go mbíodh cuid mhór scéalta fá thaibhsí a n - insint fá na tithe na blianta sin. Cibé ba scéal dó bhí eagla ar Mhicí sa dorchadas agus fiú nuair a bhí Gráinne Jack ansin cha rachadh Micí amach san oíche gan duine de na stócaigh óga a bheith ina chuideachta. Ag tús na seascaidí nuair a bhí Micí sa teach leis fhéin ba ghnáth leis a dhul a chuartaíocht ag na comharsa- na. Cha raibh teach Phádraig Eoin Chonchúr i bhfad uaidh agus b ’ iomaí oíche a chaitheadh sé Na Tripléid, Gráinne, Maggie agus Cassie Micí Jimí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3