Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 5 ann ag airneáil. Mar is eol don saol mór maraíodh J F Kennedy ag tús na seascaidí agus cha raibh oíche ann ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin nach raibh dúnmharú an Chinnéadach mar ábhar cainte ar an Raidió. Oíche amháin ag deireadh mhí na Samhna na bliana sin bhí Micí istigh i dtigh Phádraig Eoin Chonchúr. Bhí Pádraig agus Máire Rua ar a gcuid fhéin na blianta seo, bhí an chlann mhór a thóg siad uilig ar imirce i Sasana. Oíche ar bith a mbíodh Micí ag airneáil ann ba ghnáth le Pádraig é a fhágáil thall ag geafta an tigh nuair a thiocfadh am luí, de thairbhe go raibh an oiread sin eagla air. Bhí Máire Rua, bean Phádraig, lán di- abhlaíochta, agus am inteacht ag tarraingt ar am luí an oíche áirithe seo, nuair a bhí sé chóir a bheith in am do Mhicí a bheith ag tabhairt aghaidhe ar an bhaile, shleamhnaigh sí amach an doras go deas suaimhneach agus raidió beag láimhe léithe i bhfolach faoina geansaí. Chuir sí an raidió agus é tiontaithe air, isteach i mbuatais agus d ’ fhág sí an bhuatais istigh ar an taobh eile de gheafta Mhicí. Ba é an t - ábhar cainte agus díospóireachta, de réir cosúlachta a bhí ar an raidió an oíche seo ná cuid óráidí Chennedy. Tamall i ndiaidh do Mháire pil- leadh ar an teach d ’ éirigh Micí agus thug sé aghaidh ar an bhaile, bhí Pádraig ina theannta le cuideachta a choinneáil leis go dtí an gheafta. Bhí siad fá chúpla slat den gheafta nuair a mhothaigh Micí glór Chennedy ag teacht amach as an bhua- tais agus ar shiúl leis ina rith, ar ais i dtreo theach Phádraig Eoin Chonchúr. Deirtear nárbh fhiú trí leathphingin é nuair chaith sé é fhéin isteach ar an doras. ‘ Cad é tá ciotach, Mhicí ’? arsa Máire leis. ‘ Chuala mé Kennedy ’ ar seisean agus cha mhó ná go raibh sé ábalta a anáil a fháil leis. Dhíol Máire Rua go daor as a cuid diabhlaíochta mar gurb éige- an di fhéin agus do Phádraig suí le Micí go dtáinig teacht a lae. Fuair Micí bás i Ros na Binne sa bhliain 1979. Is go Nua Eabhrach (New York) a chuaigh Gráinne Jack agus a clann nuair a phill siad ar Mheiriceá. Ba chonraitheoirí a bhí i Jimí agus Dinis i Nua - Eabhrach agus is cinnte nach raibh siad i bhfad i Meiriceá gur thosaigh tréimhse ina raibh tionscal na tógála i mbarr a réime ann agus mhair an tréimhse seo blianta fada. Lean Danny lena chuid staidéir thall agus cháiligh sé mar dhlíodóir. Phós siad agus thóg siad clanna i Meiriceá. Bhí Danny pósta ar Sophie Nic Pháidín (Sophie Hughie Mhánais) as Dumhaigh. Tháinig siad uilig ar ais ó am go chéile le cuairt a thabhairt ar an tseanfhód. Tá an teach inár chaith siad páirt mhaith dá n - óige ina seilbh go fóill. Máire Rua Danny, Jimmy, Bidí agus Dinis Sugrue

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3