Guth Ghoill, Eagrán 37
Eagrán 37 Meitheamh, 2011 8 (illiterate). (Déanfar seo a scrúdú don chéad eagrán eile). Bhí 655 duine sa pharóiste nach raibh acu ach Béarla agus is dócha, de bharr na teagmhála leis na daoine seo gur chuir Gaeilgeoirí eolas ar an Bhéarla uathu sin. Bhí áiteacha eile fán cheantar fosta (tá seo le feiceáil ón daonáireamh) a bhfaigheadh daoine neart Béarla iontu - Óstán Ros na Binne, Eastát an Ti- arna Liatroma, baile Charraig Airt agus, dár ndóigh, le linn na mblianta sin bhí na céadta d ’ iascairí na hAlban fá na Dúnaibh nach raibh acu ach Béarla. Ó thaobh na himirce de bhí tionchar mór ag seo fosta ar an teanga mar go raibh daoine anonn is anall go hAlbain agus go Sasana agus is cinnte i ndiaidh tamaill go mbeadh Béarla ar a dtoil acu. Ach taispeánann na figiúirí ó am an ghorta, go ndeachaigh i bhfad níos mó daoine ar imirce ó 1911 ar aghaidh ná mar chuaigh i ndiaidh an ghorta. Mar sin de má bhí Béarla ag na Gaeilgeoirí seo uilig tá sé deacair a rá cén caighdeán de Bhéarla a bhí acu ach d ’ fhéadfaí a rá go cinnte go raibh cuid mhaith den tseanmhuintir ar bheagán Béarla. Ní raibh ach corr theaghlach thall is abhus sa daonáireamh a d ’ admhaigh nach raibh acu ach Gaeilge amháin. D ’ fhéadfaí go raibh náire nó eagla ar chuid mhaith acu a admháil nach raibh Béarla ar bith acu. Béarla. Dúirt 655 duine gur Béarla a bhí acu agus thig a rá go cinnte nach raibh Gaeilge ar bith acu seo mar nár chuir siad sin in iúl. Bhí trí bhaile fearainn san Íochtar nach raibh cónaí ar theaghlach ar bith le Gaeilge, ba sin An Machaire Beag, Ceann na Leargaí agus Mí- obhaigh. Naoi theaghlach déag a bhí sna trí bhaile fearainn seo. San Uachtar ní raibh ach baile fearainn amháin nach raibh teaghlach ar bith le Gaeilge ann agus ba sin Baile Uí hEochagáin agus ní raibh ina chónaí sa bhaile fearainn sin ach teaghlach amháin. Bhí teaghlaigh a raibh Gaeilge agus Béarla acu agus teaghlaigh nach raibh acu ach Béarla amháin sa chuid is mó de na bailte fearainn. Bhí bailte fearainn ann fosta a raibh Gaeilge ag na teaghlaigh ar fad iontu. San Uachtar bhí Gaeilge ag na teaghlaigh ar fad sna bailte fearainn seo leanas: Duibhlinn Riach, Barra na nDúnaibh, Droim, Droim Fionn, Mín na Croise, Tullach, Gleann Cheo, Gort na Bráid, Coill, Carn na nGa- bhar, Gleann an Ghiolla Ghránna, Gleann Iartha- rach, Gleann Ard, Mín Lárach agus Túrach. San Íochtar bhí Gaeilge ag na teaghlaigh ar fad sna bailte fearainn seo leanas: An tArd Bán, Cluain tSalach, An Mhuirleog, Doire a ’ Chasáin, Dumhaigh, Na Dúnaibh I, Dún Dubháin, Dún Dubháin Uachtarach, An Ghlíob, Gleann Uraí, Gort na Luchóg agus an Meall Mór. An Daonra. Ba bhaile fearainn Dhoire a ’ Chasáin an baile fearainn ba mhó daonra sa pharóiste - 250 duine. Bhí an Baile Úr agus Gorta Móra san áireamh anseo fosta. Cha raibh baile fearainn ar bith eile san Íochtar a raibh os cionn dhá chéad duine ina gcónaí ann. San Uachtar bhí trí bhaile fearainn a raibh os cionn dhá chéad duine ina gcónaí ann: Carraic 225, Gort na Bráid 225 agus Umlach 220. As na 34 baile fearainn san Uachtar ní raibh ach naoi mbaile fearainn a raibh níos lú ná 30 duine beo iontu: Barra na nDúnaibh 21, Droim Fionn 12, Mín na Croise 12, Baile Uí hEochagáin 6, Achadh an Dá Chor 25, Carn na nGabhar 29, Gleann Ard 7, Mín Lárach 16, Túrach 19. San Íochtar bhí níos lú ná 30 i gCeann na Leargaí ina raibh 21 duine ina gcónaí ann agus i Leargán Riabhach ina ráibh cónaí ar 29 duine. Dumhaigh agus an tArd Bán. Cha dtig na figiúirí seo a fhágáil gan tagairt ar leith a dhéanamh de dhá bhaile fearainn san Íochtar a raibh daonra mór iontu sa bhliain 1911. Bhí 142 duine ina gcónaí ar an Ard Bhán agus 104 i nDumhaigh. De réir an taighde a rinne an Dr. Leslie Lúcas ar dhaonra an Íochtair i 1986 ní raibh ach 13 ina gcónaí ar an Ard Bhán agus 28 i nDumhaigh. Chan sin bánú na tuaithe, sin scrios na tuaithe!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3