Guth Ghoill, Eagrán 37

Eagrán 37 Meitheamh, 2011 9 Siopa Úr Mhic Nuadht Is deas an rud é an “Memorial Hall” a fheiceáil foscailte arís. Chuaigh mé isteach le marmaláid a fháil mar gur dhúirt bean liom go raibh marmaláid acu a raibh uisce beatha ann. An t- am deireanach a bhí mise sa “Duthie Memorial Hall” bhí mé ag déanamh cúrsa cniotála. Bhí bean ansin as Carraig Airt ag teagasc cniotála agus d’fhéadfá dul isteach ar feadh seachtaine agus mhúinfeadh sí duit an dóigh le geansaí Árannach a chniotáil. Bean an-deas agus múinteoir maith a bhí in Ms. Manning ach chan ag foghlaim cniotála a bhí inár n-intinn againne, ach na gasúraí a bhí sa mhonarcha in aice an halla. Tá sin níos mó ná leathchéad bliain a shin agus char fhoghlaim mé an dóigh le geansaí Árannach a chniotáil ariamh. Bhí lúcháir orm nuair a chonaic mé go bhfuil an halla mar a bhí i gcónaí. Tá adhmad den scoth ann agus gan dochar ar bith déanta do i rith na mblianta. Earraí bronntanais is mó, is dóiche, atá ann, mar atá cártaí, gallúnach agus subh milis de gach sórt. Tá seáltaí áille atá déanta sa mhonarcha, chomh maith le héadaí, cótaí agus blaincéid ar díol ann ach an rud is mó a chur áthas ar mo chroí ná na buidéil mhilseáin, mar a bhí riamh i Siopa Joe Mhic Nuadht. Ba ghnách le seanJoe crág mhilseáin (loiseangearaí) a thabhairt dúinn agus muid inár bpáistí. William agus Peadar Mac Nuadht atá i mbun an tsiopa seo anois, daoine deasa cairdiúla mar a bhí a muintir rompu agus bhí William ag inse stair an halla domh. Tá lear daoine fán áit a bhfuil cuimhne acu ar ócáidí speisialta sa halla seo. Ba mhaith linn anseo bhur scéalta a insint. Cuir chugainn iad. Tá súil againn go mbeidh rath agus rathúnas agus coisreacan Dé ar shiopa Mhic Nuadht agus cé nach dtug William crág mhilseáin as an bhuidéal domh, bhain mé tréan phléisiúr as an mharmaláid. Finola Hudaí Tá an seol láimhe seo ar taispeáint sa siopa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3