Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 10 piseogacha ag Sábha ach bhí creideamh láidir aici fosta agus ó thaobh creidimh de, chuir siad a muinín i nDia agus ghlac siad le cibé cinniúint a bhí leagtha amach dóibh. I measc na seanfhocal a chruinnigh Leslie Lucas (1979: 310-344) ó mhuintir Ros Goill, tá ceann ar leith a chuireann leis an íde sin: ‘Tá páighe an iascaire ar láimh Dé’. Tugadh forchoimeádas d’fhéilte go speisialta, nós a théann siar chuig fréamhacha a gcúlra Ceil- tigh. Léirítear seo go follasach sna tréithe coitianta a bhí ceangailte le féilte. Tá cuntas scríofa ag Seán Ó hEochaidh ar na tinte cnáimh a lasadh ar na cnoic sa cheantar ar Oíche Fhéile Eoin i mí an Mhei- thimh agus an dóigh a choimeád Bean Mhic Eitigeáin an fhéile: Thug sí léithi bucóid agus líon sí suas lán aibhleogaí í agus chuaigh sí amach léithi fhad leis an chlaí bheag a bhí os coinne an tí. Fuair sí bucóid mhór mhónadh ansin agus nuair a bhí sí réidh bhí craos theineadh aici. Thug sí leithi a coróin Mhuire ansin agus chuaigh sí féin amach agus síos ar a dá glúin ag taobh na teineadh. Tá mé cinnte gur chaith sí bunús uaire an chloig ag urnaí agus nuair a bhí sí réidh thug sí léithi an maide-briste agus níor fhág sí aon chuibhreann prátaí nó coirce fán teach nár chaith sí ceann de na haibhleogaí isteach ann lena shábháil ar mhilleadh na bliana. Ní raibh duine ar bith thart sa pharóiste nach dearn an rud céanna amach ó na hAlbanaigh (Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) De réir Bean Mhic Eiteagáin bhí tráth ann nuair a thagadh na hAlbanaigh a bhí ina gcónaí sa cheantar thart ar oíche Fhéile Eoin agus thugadh siad leo giota d’aibhleog ó na tinte agus chaitheadh siad an aibhleog fríd a gcuid cuibhrinn. Bhí léirthuiscint ag Seán Ó hEochaidh ar fháilteachas, chuidiúlacht agus thíriúlacht mhuintir na háite agus b’amhlaidh go raibh na tréithe seo go smior iontu uilig, go háirithe a bhean tí. Ar a lá deireanach i Ros Goill, cuireann sé seo in iúl don léitheoir ina dhialann: Bhí an tseanbhean í féin ina suí sa chlúid agus ní thiocfadh léi a bheith a dhath níos buartha dá mbeadh a mac féin ag imeacht na chogaidh. Thug mé cuairt thart ar chuid de na daoine a bhfuair mé seanchas uathu nó dar liom go raibh seo comh beag agus a tháinig liom a dhéanamh leofa i ndiaidh chomh cineálta agus bhí siad uilig domh. Bhí an tseanbhean ina chionn ní b’fhearr domh nó a thiocfadh le máthair ar bith a bheith, agus a mac comh maith agus a thiocfadh le deartháir ar bith. (Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) Fuair sí bás sa bhliain naoi gcéad déag caoga ‘a sé agus í ceithre scór agus cúig bli- ana d’aois. Bó shamhraidh Caora fhómhair Is bean Domhnaigh, Na trí nithe is lochtaí ar an domhain. * * * Pós bean Oileáin is pósfaidh tú an t-oileán uilig * * * Is beag an deor fola nach teo i ná an t-uisce * * * Coinnigh an cnámh agus leanfaidh an madadh thú * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3