Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 11 Treasa Nic Giolla Bhríde Ar thráthnóna galánta Earraigh, an 3ú lá de mhí Mhárta, d'fhág Treasa buaireamh an tsaoil seo ina diaidh agus cé gur fhág sí croí-briste againn, tá a fhios agam go ndéarfadh sí linn, mar gur bhean naofa a bhí inti, “Sin toil Dé agus ná téigí ina éadan”. Bhí an t -ádh linn, bhí sí againn ar feadh ceithre scór agus seacht mbliana agus bhí saol fada sláintiúil aici, gan mórán tinnis, buíochas le Dia. Rugadh Treasa Nic Giolla Bhríde nó Treasa Francie mar a tugadh uirthi, i Rós na Binne ar an naoú lá déag de mhí na Samhna, naoi gcéad déag agus fiche's a trí. Tógadh an chlann ins an teach ina bhfuil clann Talbot ina chónaí ann faoi láthair. Bhí aon duine dhéag sa teach, Liam, Aindí, Francie, Jimí, Dan, Jane, Bidí, Máire, Annie, Caitlín agus Treasa. Tá siad uilig marbh anois, go ndéanfaidh Dia trócaire orthu, ach amháin Bidí atá istigh in ionad altranais i Sasana agus Caitlín, atá ina cónaí i gCarraig Airt. Chuaigh Treasa ar scoil i nDoire a' Chasáin agus bheadh sí ag caint go minic ar na laethanta scoile agus an craic a bhíodh acu agus ag na comharsana, muintir Mháire Ghráinne, muintir Mháire Rua, muintir Stiofán a’ Pharthalán, agus muintir Pháidí Pháidí Bhuaidhe. Déarfadh sí i gcónaí cé nach raibh mórán acu, go raibh siad uilig maith do chéile agus go ndéanfadh siad toitíní agus a leithéidí a roinnt le chéile. Sin an t-am a thosaigh sí ar na 'Woodbines' agus chaith sí iad go dtí an deireadh agus leoga, ní dhearna siad dochar ar bith di! Nuair a d'éirigh sí níos sine, thosaigh sí ag obair do Julia Bn. Mhic Pháidín a bhí ina cónaí thíos i nDoire A' Chasáin. Chuidigh sí le Julia obair an tí a dhéanamh. Chas sí le m'áthair, Pádraig Mac Giolla Bhríde, as an Mheall Mhór ag damhsa sa halla i gCarraig Airt. Phós Canon Mc Mullin iad ar an 20ú Eanáir, 1949. Tamall ina dhiaidh sin, d'imigh an bheirt acu go hAlbain chun obair a fháil. Bhí siad ina gcónaí ins na Gorbals ar feadh tamaill agus ní raibh Treasa sásta le saol na cathrach ar chor ar bith. D’imeodh m'athair amach faoin tír achan mhaidin chun cuidiú foraoisí a phlandáil nó prátaí a bhaint agus bhí uaigneas millteanach ar mo mháthair don bhaile. Rugadh an chéad pháiste dóibh, Máire, in Albain agus d'fhág siad slán leis an tír nuair nach raibh sí ach trí mhí. Diaidh ar ndiaidh, thóg siad teach ar an Mheall Mhór agus cé nach raibh mórán acu, bhí siad breá sásta leis an saol. Rugadh trí iníon eile dóibh, Cáit, Bríd agus Bernadette. Bhí sé doiligh páistí a choimhéad ar an fharraige agus is minic a déarfadh mo mháthair 'Coinnigí ar shúil ón fharraige agus na carraigeacha'. Am amháin, ní raibh mise le fáil agus gan mé ach trí bliana d'aois agus d'amharc sí fhéin agus m'athair achan áit fá mo choinne agus sa deireadh fuair siad mé i mo sheasamh ar bharr carraige ag amharc díreach síos san uisce! Is cinnte nár tharla sé riamh ina dhiaidh sin! Choinnigh m'athair cúpla bó agus ba ghnách leis fosta a dhul amach sa churach ag iascaireacht bradán. D'fheicfeá é agus Johnnie agus Hughie Bhrógáin ag iompar an churaigh leo thar a gceann isteach san fharraige. Corruair, rachadh sé amach chuig an teach solais nó amach chuig an champa le slat iascaireachta. Amanna eile, rachadh sé amach an cnoc leis an asal fhad leis An Chladach Mór le slata mara a chruinniú. Shiúlfadh Treasa nó rachadh sí ar an rothar suas go dtí tigh Mhaggie Boyce chun an bia a cheannacht agus chun ola a fháil don ’tilly lamp’. Rachadh siad a reácáil/airneál go minic, tigh Bhrógáin, tigh Mhící John agus ag John Ned. Bhí Dia lárnach ina saol agus ní rachadh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3