Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 12 siad a luí san oíche, cuma cé chomh tuirseach is a bhíodh siad, go raibh an paidrín ráite. Thabharfadh sí comhairle dúinn i gcónaí gan dul amach gan an t-uisce coisricthe a chur orainn, gan dearmad ár bpaidreacha a rá agus ár ndóchas a chur san fhear in airde i gcónaí. Nuair a bhí an chlann chóir tógtha, rachadh an bheirt acu siar go halla Antain ag an damhsa agus bhí dúil mhór acu sa cheol. Bhíodh Eoin Mhící John agus James A' Fhionnghaile ann fosta agus bheadh craic ar dóigh acu. Ins na blianta deireanacha, ba ghnách leo dul 'Tigh Mhící Sophie ar an Domhnach agus chasfadh siad le Jimí Ned Ruaidhrí, agus Páidí Mhící agus John Bhriainí Thuatháil go ndéanfaidh Dia Trócaire orthu agus ar Pheigí Mhuiris, a bhí i dteagmháil le mo mháthair go dtí an deireadh, Violet Isaac agus Fennie A' Canainn. Bheadh plácaí go leor le cloisteáil uathu ar na h-oícheanta seo! Nuair a fuair m'athair bás i ndiaidh timpiste feirme i mí Feabhra 1990, ní raibh an saol mar an gcéanna do Threasa. Chaill sí a h-anam cara agus cé go raibh sí breá sásta lena clann agus lena garchlann, Mark, Karen, Marie, Claire, Chloe, Seaghan agus Ella, bhí an solas imithe óna saol. Bhí cumhaidh mhór uirthi ina dhiaidh. Rachadh sí ar an Aifreann agus go dtí an Bingo sa halla i gCarraig Airt agus bhí sí breá sásta nuair a thiocfadh an t-Earrach agus nuair a rachadh na cuairteoirí isteach aici chun craic a bheith acu agus mar a dúirt sí féin go mion is go minic, “Dá rachainnse isteach sna Sé Contae, bheadh teach agam le fanacht ann achan oíche”! Bhí sí maith dóibh agus bhí siadsan maith díthe fosta. Bhí ciall aici nach dtagann ach le haois agus is minic a chuirfeadh sí thú ar an treo ceart de thairbhe cúrsaí an tsaoil. Sin an fáth go bhfuil muid a cronú uainn go mór. Tá an lámh sin a bhí sínte trasna ar ár gcúl imithe go deo. Tá an chathaoir folamh agus níl an bata de dhíth níos mó. Is minic a chloiseann muid í nuair a thagann a cuid focail isteach inár n-intinn ach caithfimid smaoineamh ar an dóchas a bhí aicise in Ár Slánaitheoir agus an chinnteacht a bhí aici go gcasfaimid uilig le chéile arís lá inteacht i láthair Dé. Go ndéanfaidh Dia Trócaire ar a h-anam dílis. Imeachtaí Chéim Aniar Bhí neart imeachtaí ar siúl agus slua mór i láthair i mBaile na nGallóglach ar an Aoine, 22 Iúil do “ G - Day ”, féile a bhí a reáchtáil ann don chlár “ An G - Team ” atá a chur le chéile ag Adare Productions agus TG4. Is comórtas atá anseo do phobail taobh amuigh den Ghaeltacht le hiad a spreagadh chun úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais. Tá duais de €40,000 urraithe ag Foras na Gaeilge do na buaiteoirí, le húsáid i ndul chun cinn a gceantar féin. Tugadh cuireadh do Chéim Aniar páirt a ghlacadh san fhéile seo. Chuir Aisteoirí Mhíobhaigh an sceitse “ Lá ar an Aonach ” i láthair cúpla uair agus rinne Clann Pasoma an scéaldráma “ An Mac Fal- sa ” a léiriú ar an tsráid. Seo traidhfil grianghraf a glacadh ar an lá . Sa phictiúr seo, ó chlé tá : Fíona Pasoma, Ann Marie Uí Shibhleáin, Daragh Mac Laifeartaigh, Seán Mac Giolla Bhríde, Seán Ó Dochartaigh agus, ag caitheamh an chulaith bó, Ailín Pasoma.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3