Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 14 Feadaímó Tá Feadaímó agus Domhnall, Páidí agus Éamonn ina seasamh ar chúl theach an Choirnéil Albertson. Tá an triúr eile i ndiaidh Domhnall a bhriseadh amach as an phríosún agus anois tá na saighdiúirí a gcuardach. Níl Feadaímó ag iarraidh an bheairic a fhágáil go dtí go bhfaigheann sé airgead na tána ón Choirnéal. Bhí lear scairtí ó na saighdiúirí agus chuala siad trup capall fosta ach de réir cosúlachta is amach faoin áirse a bhí siad ag dul le hiad a chuardach. Sheas Feadaímó isteach teann le fál ard a bhí ar chúl na dtithe. “ Tiocfaidh siad ar ais an bealach seo gan mhoill, ” a dúirt sé, “ nuair nach bhfuil siad ábalta muid a fháil. A Éamoinn, fan thusa ar faire amuigh anseo. A Phaidí, buail thusa cnag ar an doras tosaigh. Coinnigh an Coirnéal gnóthach bomaite go bhfaighidh mise is Domhnall isteach. ” Gan i bhfad chuala siad an cnag ar an doras tosaigh agus ansin chuala siad scairt ón teach. “ Who the devil is that at this time of night? ” D ’ aithin Feadaímó glór an Choirnéil agus d ’ éirigh an fearg ina chroí. Chuala siad Páidí ag tabhairt freagra. “ Captain Walsh at your service, Colonel. ” Chuala Feadaímó an doras tosaigh ag oscailt agus chuir sé a ghualainn leis an doras cúil. D ’ oscail an doras gan mórán truip agus shiúl sé fhéin is Domhnall isteach i gcistin bheag ina raibh tine lasta ar an teallach agus citeal a raibh gal ag teacht as ina shuí ar an bhac. Bhí bairille beag lán uisce ar an urlár le taobh an drisiúir bhig a bhí in éadan an bhalla agus coinneal lasta ina shuí ar thábla. Bhí doras ar an taobh eile den tine agus d ’ oscail Feadaímó é go deas mall agus shiúil siad isteach i seomra eile ina raibh lampa mór lasta, is é crochta ón síleáil. Bhí sé soiléir gur teach saighdiúra a bhí ann mar bhí gunnaí d ’ achan sórt ar na ballaí agus bhí tine lasta sa tseomra seo fosta. Bhí suíocháin mhóra chompordacha thart ar an tine agus ar cheann acu bhí Síle, iníon Chondaí Rua ina suí agus gúna saibhir uirthi. Bhí sí ag ól gloine fíona agus í ag amharc isteach sa tine. Cha dtug sí Feadaímó fá deara go dtí go raibh a lámh ar a béal aige. “ Coinnigh do bhéal druidte, ” arsa Feadaímó, ach rinne sí iarracht éirí agus bhí sé deacair ag Feadaímó greim a choinneáil uirthi. “ Bí ciúin, ” arsa Domhnall, léi, “ níl muid ag iarraidh tú a ghortú. Sin ráite, dá gcuirfinn piléar i do chroí cha dtiocfadh leat a rá nach raibh se tuillte agat. ” Shocraigh sí rud beag ach bhí sí go fóill ag déanamh iarracht briseadh ar shiúl ó Fheadaímó. “ Ceangal í don chathaoir, a Dhomhnaill, agus cuir tost ar a béal, ” arsa Feadaímó, “ mar níl a dhath níos cinnte ná go ligfidh an striapach seo scread aisti. ” Bhí clúdach bán ar cheann de na cathaoireacha móra agus stróic Domhnall é ina ribíní. Cheangal sé ceann acu go teann thart ar a béal agus cheangal siad í don chathaoir. D ’ oscail Feadaímó an doras píosa beag agus chuala sé Páidí ag caint. “ I was wandering why you aren ’ t at the ball, Colonel. ” “ I beg your pardon, ” arsa an Coirnéal, “ what business is it of yours? “ Let me explain, ” arsa Páidí, “ mind if I come in? Chuala Feadaímó an doras tosaigh ag druidim agus chuaigh sé amach go dtí an halla. Thi- ontaigh an Coirnéal. “ Hello Colonel, ” arsa Feadaímó, “ tar isteach. ” “ What the devil …” arsa an Coirnéal, agus fuair Feadaímó greim muineál air. Tharraing sé é isteach sa tseomra agus chuir sé é ina shuí ar chathaoir. “ Fan thusa socair agus beidh tú i gceart, ” arsa Feadaímó leis. “ Anois, cá bhfuil airgead na tána. ” “ What are you saying, you peasant, ” arsa an Coirnéal. “ He ’ s asking you where my money is, ” arsa Domhnall. Tháinig leam- hgháire ar aghaidh an Choirnéil agus labhair sé go searbh. “ You don ’ t actually expect me to answer that, do you? ” “ Oh, but I do, ” arsa Domhnall leis. “ My young friend here is not the patient type. One way or the other he ’ ll get what he wants. ” “ Cuir amú ama atá ann, a Dhomhnaill, a bheith ag labhairt leis an bhoc seo, ” arsa Feadaímó. Fanaigí sibhse anseo bomaite agus ghe- obhaidh mise an t - eolas uaidh ar mo dhóigh fhéin. ” Tharraing sé an Coirnéal amach as an suíochán, chuaigh sé isteach go dtí an chistin leis agus dhruid sé an doras ina dhiaidh. “ Where is Domhnall ’ s money, ” arsa Feadaímó leis, agus thosaigh an Coirnéal ag gáire. “ You ’ re wasting your time, sonny, I ’ ve no intention of telling you anything. ” “ Tchífidh muid, ” arsa Feadaímó, agus bhuail sé buille sa bholg ar an Choirnéal. Phléasc an anáil amach as agus chuaigh sé síos ar a ghlúine. Tharraing Feadaímó é a fhad leis an bhairille agus thum sé a chloigeann faoin uisce. Istigh sa tseomra eile chuala siad an callán as an chistin. D ’ amharc Páidí ar an doras druidte agus labhair sé le Domhnall. “ Tá a fhios agam nár chóir domh a bheith buartha fán Choirnéal ach caithfidh mé a rá go bhfuil trua agam dó ag a ’ bhomaite. ” “ Bhail, ” arsa Domhnall, “ níl trua de shórt ar bith agamsa dó. Ná déan dearmaid go mbeadhas muid uilig ar long Shasana fán am seo dá mbeadh a dhóigh fhéin ag an bhoc sin. Is gadaí atá ann agus bhí sé fhéin agus an ropaire sin Condaí Rua, fear ba cheart a bheith crochta, ag obair as lámha a chéile. Iad ag líonadh a bpócaí fhéin ar chruatan ár macasamhail. Taobh amuigh de Cholm bocht, cá mhéid fear maith atá caillte againn is iad ag tiomaint na dtáinte? Fosta, gan caint fán airgead a bheas caillte agaibhse, a Pháidí, muna bhfaighimse airgead na tána seo beidh mé ar an trá fholamh. ” Chuala siad scread eile ón chistin agus d ’ amharc an bheirt acu ar an doras. Bhí ciúnas ar feadh bomaite agus ansin d ’ oscail an doras. Tharraing Feadaímó an Coirnéal isteach agus chaith sé é ar an urlár. Lig an Coirnéal scread phianmhar as agus luigh se gan bhogadh. Bhí sé fliuch báite agus bhí súil amháin ag at agus ag druidim de réir a chéile air. Déan an rud céanna leisean is a rinne tú le Síle, a Dhomhnaill, a dúirt sé, is thóg sé pictiúr den bhalla. Bhí prios beag sáite sa bhalla ar chúl an phictiúir agus é glasta. Bhuail Feadaímó an doras beag lena dhorn agus rinne sé píosaí de. Thóg sé bosca trom, stáin amach agus chuir sé é ar thábla beag le taobh na tine. Bhí an Coirnéal cean- gailte cúl le cúl le Síle fán am seo agus chuaigh Feadaímó a fhad leis. Stróic sé na cnaipí dá chóta agus tharraing sé eochair óna mhuineál. “ Caithfidh go raibh comhrá deas agat leis an Choirnéal, a Fheadaímó, ” arsa Páidí, “ nuair a thug sé an méid sin eolais duit. ” “ Cha raibh faill agamsa comhrá deas a bheith agam leis, ” arsa Feadaímó, agus d ’ oscail sé an bosca. Sheas sé go ciúin ag amharc isteach sa bhosca agus ansin lig sé osna throm uaidh. “ In ainm Dé amharc ar seo, ” a dúirt sé. Chruinnigh an triúr acu thart ar an bhosca agus iontas an domhain orthu uilig. “ Tá fortún ann ” arsa Domhnall. Chuir Páidí a lámh sa bhosca agus thóg sé amach cnapán de bhonn óir. “ Guinithe buí atá iontu uilig, ” a dúirt sé. “ Tá luach na tána agam anseo i lámh amháin, a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3