Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 15 Dhomhnaill. ” “ Tá a fhios agam, ” arsa Domhnall, agus chuir sé fhéin a dhá lámh isteach sa bhosca. Líon sé a dhá dhorn agus chuir sé na boinn ina phóca. “ Sin mise díolta, agus díolta go maith, ” a dúirt sé, “ Anois beidh mé ábalta a bpánna a thabhairt dona boic eile. ” D ’ amharc sé isteach sa bhosca arís. “ Cad é atá tú ag dul a dhéanamh leis an chuid ei- le, a Fheadaímó? ” “ Bígí cúra- mach fá cad é ata sibh ag rá, a fheara, tá cluasa ar na ballaí. ” D ’ amharc siad ar an bheirt a bhí ceangailte. Bhí súil mhaith an Choirnéil lasta le fearg agus í dírithe ar Fheadaímó. Bhain Feadaímó an tost óna bhéal agus phléasc sruth cainte uaidh. “ Do you think you can get away with this? You ’ ll never get out of the barracks. Every soldier is on high alert and I personally will see to it that you all hang. ” “ Tchífidh muid, ” arsa Feadaímó, “ fuair muid is- teach agus gheobhaidh muid amach. ” “ What did you say? ” arsa an Coirnéal. Shuigh Domhnall ar chathaoir os a chomhair. “ He says that they got in and that they ’ ll get out, ” a dúirt sé. “ Even if that were to happen I will hunt you down. I ’ ll search every bog hole in Donegal until I get you all. I ’ m a Colonel in his Majesty ’ s army and I ….” Chuir Domhnall suas a lámh. “ You Mr Albertson are a dishonest Colonel in his Majesty ’ s army and I think you will have some explaining to do if we ’ re caught with all this money. ” Sula dtiocfadh leis an Coirnéal a dhath eile a rá chuir Feadaímó an tost ar ais ar a bhéal. “ Goitsigí isteach anseo, ” arsa Feadaímó, agus chuaigh sé isteach go dtí an chistin. “ Bhail, seo an dóigh a amharcaimse air, ” arsa Feadaímó agus é ag os- cailt an bhosca ar ais. “ Má bheirtear orainn crochfar muid is cuma guine amháin againn nó an bosca iomlán linn. Ní dhéanfaidh pá Choilm mórán maitheasa dona theaghlach. Tá Cáit fágtha léi féin agus cúigear páistí aici. Gan tac- aíocht beidh sí amuigh ar an bhealach mhór sula bhfad. ” Thóg sé crág ghuinithe amach is thug iad do Dhomhnall. “ Tabhair sin do Cháit, coinneoidh sin an fear ghorta óna doras. ” Chuir sé crág eile isteach ina phóca fhéin agus thug sé an bosca do Dhomhnall. “ Rann iad sin idir tú fhéin, Páidí agus na boic eile is ní bheidh feidhm oraibh a bheith ag tiomaint na táinte níos mó. ” “ Tabhair thusa leat tuilleadh acu, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall leis. “ Is tusa a fuair iad. Seo chugat, ” a dúirt sé, agus é ag síneadh lán a chrág chuige. Chroith Feadaímó a chloigeann ach sula dtiocfadh leis a dhath a rá chuir Domhnall na guin- ithe isteach i bpóca a chóta. “ Ná habair a dhath eile, a ghasúir, ” a dúirt sé, “ tá siad tuillte agat. Má tá sé go fóill ar d ’ intinn dul go Meiriceá cuideoidh siad leat tús maith a bheith agat thall. ” “ Níl mise ag iarraidh droch - chuma a chur ar rudaí, ” arsa Páidí, “ ach caithfidh muid fáil amach as an áit seo go fóill. ” Chuaigh sé anonn agus d ’ oscail sé an doras cúil. Chuir sé a chloigeann amach agus labhair sé i gcogar. “ A Éamoinn, cá bhfuil tú? ” Tháinig Éamonn amach ón fhál agus a mhéar lena bhéal. “ Whist, ” a dúirt sé, agus é ag labhairt faoina anáil. “ Tá saighdiúirí ag dul thart ar na tithe. Beidh siad anseo gan mhoill. ” “ Maith go leor, arsa Páidí leis, cha bhíonn muid i bhfad eile. ” Dhruid sé an doras arís. “ Bhail, chuala sibh sin. Cibé plean atá agat, a Fheadaímó, tá sé go réidh agat dhul ag obair air. ” “ Maith go leor, ” arsa Feadaímó, ach tá rud amháin eile nár luaigh muid. ” “ Cad é ’ n rud? ” arsa Domhnall. “ Bhail, ” arsa Feadaímó, agus é ag díriú a mhéire ar dhoras an tseomra eile. “ tá fear istigh ansin nach bhfuil róshásta. Fiú má fhaigheann muid amach as an áit seo beidh sé sa tóir orainn. Tá aithne aige ortsa, a Dhomhnaill, agus cha bheifeá sa bhaile dhá lá sula mbeadh sé sa mhullach ort le scuad de na dragúin. ” “ Ó, a Dhia, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ níl tú ag smaoineamh ar é a mharú cinnte? “ Níl mé, ” arsa Feadaímó, “ ach cha dtig linn é a fhágáil anseo. ” “ Cad chuige? ” arsa Domhnall. “ Ná bí buartha fá dtaobh domh- sa. Rachaidh mise i bhfolach tamall go socróidh rudaí. Ach níl a fhios aige cé thusa, a Fheadaímó, agus níl a fhi- os aige cé Páidí nó duine ar bith de na boic eile. Char inis mise a dhath dófa. ” “ Tá a fhios ag Síle achan rud fá dtaobh domhsa, ” arsa Feadaímó. Chaith Domhnall seileog ar an urlár. “ An diabhal girsigh sin arís. Is mór an trua nár bhá mé í an chéad uair a leag me mo shúil uirthi. Nár inis mé duit a bheith cúramach léi? Nár dúirt mé …..” Bhris Feadaímó isteach air. “ Ná tosaigh ar sin arís, a Dhomhnaill, a dúirt sé agus nimh ina ghlór. Thost Domhnall go tobann. D ’ amharc Feadaímó ar an bheirt eile. “ Mar a dúirt mé cha dtig linn an Coirnéal a fhágáil anseo, eisean nó Síle. ” “ Lorda, ” arsa Páidí, “ beidh marcshlua linn ag dul amach an geafta dúinn. ” “ Tá plean agamsa, ” arsa Feadaímó. “ Anois, tabhairigí an bheirt acu isteach anseo agus imeoidh muid. ” D ’ oscail Feadaímó an doras cúil agus labhair se le hÉamonn. “ Tá muid réidh le fágáil, a Éamoinn, cad é mar atá rudaí amuigh anseo. ” “ Tá sé ciúin go leor ag an bhomaite, ” arsa Éamonn, “ ach beidh na saighdiúirí anseo gan mhoill. Tá siad ag dul isteach in achan teach de réir a chéile. Tá cal- lán go bráth fán bheairic. Caithfidh go bhfuil achan saighdiúir fán áit ár gcuardach. Bhí mé ….” Stad sé go tobann nuair a chonaic sé Domhnall agus Paidí ag teacht amach agus dhá phríosúnach leo. “ Ó, a Dhia sna flaitheas cuidigh linn, ” a dúirt sé, agus é ag déanamh comhartha na croise. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3