Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 3 Ros na Binne Ar leanstan Trí thionónta a bhí sa chúigiú teach ar thaobh na farraige i Ros na Binne ón am a tógadh tithe coiteora Ros na Binne breis agus céad bliain ó shin. Le linn domh a bheith ag éirigh aníos ag deireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí ba ‘ teach Francie ’ a thugtaí ar an teach seo i gcónaí ach ba é Neaty Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir as Doire a ’ Chasáin - Mac Giolla Bhríde a shloinneadh - an chéad tionónta a bhí sa teach seo. Bhí sé pósta ar Mhadgie Thomáis as Dún Dubháin a bhí ina deirfiúr ag Máire Thomáis a bhí pósta ar Dhónal Beag, teaghlach a raibh cónaí orthu sa chéad teach i Ros na Binne agus a raibh cuntas fúthu in eagrán 36 de Ghuth Ghoill. Deartháireacha de chuid Neaty a bhí in Neidí Shéarlaí agus Donchadh Shéarlaí (athair Phat Dhonchaidh, an gréasaí) agus bhí beirt dheirfiúr dá chuid pósta i nDumhaigh, Máire a bhí pósta ar Hughie Den agus Bríd, a bhí pósta ar John Fheargail. Chuaigh deirfiúr eile, Cití, go Meiriceá ach níor phill sí ariamh. Tá teach Dhonchadh Shéarlaí, nó tigh Phat mar a tugadh air ina dhiaidh sin nó teach an ghréasaí, ansin go fóill cóngarach de choirnéal tigh Simon i nDoire a ’ Chasáin agus ba ghnách le teach Neidí Shéarlaí a bheith trasna an bhealaigh uaidh ach leagadh an teach sin roinnt blianta ó shin agus tá tithe saoire tógtha ar an suíomh sin anois. Chaith Neaty tús a shaol pósta in Albain áit ar rugadh na páistí, Siosáile (1900), Cití (1902), John (1907) agus Bríd (1909). Bhí gasúr eile ann a rugadh ina dhiaidh sin, ba sin Charlie agus b ’ eisean a thóg an chalet ar an Mhuirleog ag tús na n - ochtóidí agus ba ghnách leis a theacht achan bhliain ar laethanta saoire go dtí go bhfuair sé bás. Neaty agus Madgie Mhic Giolla Bhríde agus a gclann Teach Neaty Mac Giolla Bhríde (Neaty Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir), Teach Francie( Francie William Sheáin)/ Teach Talbot.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3