Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 4 Tagann a chlann ansin ar saoire go fóill, go háirithe a iníon Patricia a bhíonn anseo go rialta i rith na bliana. Bhí Charlie ina phíolóta in Aerfhórsa na Breataine le linn an chogaidh. Bhí Cití pósta ar Hughie McAuley as Gort a ’ Choirce agus ba ghnách le mac dóibh a bheith fán cheantar seo go rialta fosta agus bheadh aithne mhaith ag neart daoine air, ‘ sé sin John McAuley. Fuair sé bás le hailse roinnt blianta ó shin fosta. Is cosúil go bhfaca Neaty agus Madgie nach raibh mórán fána gcoinne fán cheantar seo agus shocraigh siad pilleadh ar Albain mar a rinne go leor eile. Le linn an ama seo bhíodh bádaí a reáchtáil ag an Tiarna Liatroma idir Glaschú agus Ramhros. D ’ fhág Neaty agus a theaghlach Ramhros ar an ‘ Ganiamore ’ sa bhliain 1913 agus a n - aghaidh ar Ghlaschú agus ba ansin a chur siad fhéin, a gclann agus clann a gclainne fúthu as sin amach. Ach níl amhras ná go raibh ceangal láidir acu leis an fhód dúchais agus gur chothaigh siad an dáimh sin leis an tír seo ina gclann mar go dtagann clann a gclainne anseo anois ar laethanta saoire. Teach Francie Mar a dúirt mé cheana féin, le linn m ’ óige agus mé ag fás aníos bhí aithne agam ar an teach seo mar ‘ Teach Francie ’ mar go ndeachaigh Francie William Sheáin (Mac Giolla Bhríde) as an Ard Bhán agus a bhean Katie Aindí Hiúdaí (Nic Giolla Chearra) as an Mhuirleog a chónaí ann i ndiaidh do Neaty Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir agus a chlann imeacht go hAlbain. Rugadh Francie William Sheáin ar an Ard Bhán sa bhliain 1882. Bhí a athair William pósta ar Mháire Nic Giolla Bhríde as an Raplach agus pósadh iad sa bhliain 1871. Mar a bhí coitianta san am bhí clann mhór acu, seisear déag ar fad ach fuair cúpla duine acu bás óg. Bhí Francie ar an seachtú duine sa chlann agus ar an mhac ba shine. Rugadh a bhean Katie Aindí Hiúdaí, iníon le hAindrias Mac Giolla Chearra agus Nancy Nic Giolla Bhríde ar an Mhuirleog fán bhliain 1890. Bhí a deirfiúr Síle pósta ar John Connor as Dumhaigh, seo athair agus máthair Aindí John Bán, athair John Connor a bhfuil Óstán an ‘ Downings Bay ’ aige. Bhí deirfiúr eile, Máire, pósta ar Neaty Rua Mac Lai- feartaigh as Dumhaigh, athair agus máthair Den Mac Laifeartaigh nó Den Mháire mar ab fhearr aithne air. Chaith Den deireadh a chuid laetha ina chónaí ar an Mhuirleog, áit a raibh sé pósta ar Bhiddy Duffy as Baile ‘ n tSléibhe, aintín le Dinis Duffy agus fuair sise bás níos luaithe i mbliana agus í na seacht mbliana déag agus ceithre scór. Tá Den marbh ón bhliain 1973. Ní raibh clann ar bith acu. Thóg Francie agus Katie clann mhór i Ros na Binne - an chloigeann déag acu, William, Jimí, Caitlín, Annie, Máire, Bidí, Theresa, Jane, Francie, Den agus Aindí. Bhí siad pósta thall agus abhus sa An “ Ganiamore ” Cití McAuley Charlie Mac Giolla Bhríde, mac Neaty agus Madgie ag an siopa in aice leis an loch mór faoi Chnoc na Sleá Francie William Sheáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3