Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 5 tír seo agus fosta thar lear ach bhí aithne mhaith ar Theresa a bhí pósta ar an Mheall Mhór ar Phaidí Mac Giolla Bhríde. Fuair Paidí bás sa bhliain 1990 ach bhí saol fada folláin ag Theresa ach fuair sí bás níos luaithe i mbliana, go ndéana Dia mhaith uirthi agus í ocht mbliana le cois na ceithre scór. Scríobh a iníon Bernadette atá ina príomhoide i Scoil Cholmcille, Duibhlinn Riabhach alt álainn in ómóis dá máthair agus thig a léamh san eagrán seo de Ghuth Ghoill. Ceathrar iníonach a bhí ag Paidí agus Theresa - Máire atá pósta ar Neil Carr agus a bhfuil cónaí uirthi i nDroim Righin, Katie atá pósta i Sasana agus Bríd atá pósta ar Seán Brogan agus a bhfuil cónaí orthu ar an Mheall Mhór áit a bhfuil cónaí fosta ar Bhernadette atá pósta ar Ivor Boreland. Paidí agus Joan Talbot. Na chéad tionóntaithe eile a chuaigh a chónaí sa teach seo ná Paidí Talbot agus a bhean Joan. Rugadh agus tógadh Paidí i nDún Laoghaire i mBaile Átha Cliath ach nuair nach raibh sé ach scór bliain d ’ aois d ’ imigh sé isteach sa chabhlach trádála agus chaith sé sé bliana déag ag taisteal ar fud an domhain. Ba ar bord an ‘ Brazil Star ’ ar a bhealach go Meiriceá Theas sa bhliain 1964 a chas sé lena bhean Joan (Mc Cann). Rugadh agus tógadh Joan i Shrove ar bhruach Loch Feabhail ar leithinis Inis Eoghain agus charbh iontas ar bith gur shocraigh sí ar shaol ar an fharraige mar gur shíolraigh sí ó bhunadh daoine a raibh an fharraige go smior iontu. Bhí a hathair, a seanathair, a sinseanathair agus a cuid deartháireacha ar an fharraige - bhí a hathair, Dan Mc Cann agus beirt dá cuid deartháireacha, Charlie agus John ina gCaiftíní Farraige. Chríochnaigh a hathair a chuid laetha i gceannas ar chuid píolótaí Loch Feabhail áit a raibh a deartháir Dan agus Charlie ina bpíolótaí fosta. D ’ oibrigh Joan mar bhanstiobhard ar na longa trádála rud a d ’ fhág nach bhfuil mórán coirnéal ar fud an domhain nach raibh sí iontu. I ndiaidh a bpósta shocraigh siad cur fúthu in Francie agus Katie le duine de na garpháistí Katie agus Mick Clare (Mac Bhidí) Joan agus Paidí Talbot

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3