Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 6 Éirinn agus lá amháin chonaic Paidí fógra sa pháipéar áit a raibh fear beáir a dhíth in Óstán Ros na Binne. Fuair Paidí an post agus cé nach raibh ceachtar acu sa cheantar riamh cheana ná aithne dá laghad acu ar an áit thug siad aghaidh ar na Dúnaibh; thit siad i ngrá leis an cheantar agus chuir siad fúthu ann. Ba seo sa bhliain 1967. D ’ inis Paidí scéal domh, blianta ó shin, faoi am amháin a raibh sé ar long a bhí ar a bealach go dtí an Nua Shéalainn. Ba seo long a raibh paisinéirí ar bord aici comh maith le lasta. Bhí paisinéir áirithe ar bord a chur ceist ar Chaiftín na loinge an raibh Éireannaigh ar bith ar an long. D ’ inis an Caiftín an scéal do Phaidí de thairbhe gurbh eisean an t - aon Éireannach a bhí ar bord agus d ’ iarr sé ar Phaidí é fhéin a chur in aithne don phaisinéir seo, rud a rinne Paidí ina am fhéin. Cé a bhí san fhear seo ach Catherwood, úinéir seanÓstán Ros na Binne. D ’ inis sé do Phaidí go raibh Óstán mór aige i gCo. Dhún na nGall ach char chuir Paidí mórán amhail sa scéal nó, mar a dúirt sé fhéin, b ’ iomaí bodach a bhíodh ar bord ag insint a gcuid scéalta. Ach mai- din amháin roinnt blianta ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 1962, le linn do Phaidí a bheith sa bhaile i nDún Laoghaire ar shaoire, chonaic sé ar an chéad leathanach den Irish Press pictiúr mór den Óstán seo a dódh go talamh an lá roimhe sin - líon a dhá shúil le hiontas nuair a chonaic sé gur Óstán Ros na Binne a bhí ann, Óstán Chatherwood. Nach iomaí cor agus casadh sa tsaol agus nach iontach an rud é gurbh é an tÓstán céanna, an ceann úr a tógadh, a mheall Paidí ‘ na nDúnaibh anois. Rugadh an chéad duine clainne, girseach a bhfuil Jane uirthi, sa bhliain 1966 agus tháinig triúr eile ina dhiaidh sin, Danny sa bhliain 1968, Lisa sa bhliain 1970 agus Eileen sa bhliain 1975. Cheannaigh siad teach Francie sa bhliain 1968. Bhí obair chothbhála agus obair fheabhsúcháin le déanamh ar an teach ag tús ama agus mar gheall ar seo phill Paidí ar an fharraige ar feadh sé mhí le hairgead a chur le chéile a dhíolfadh as an obair seo agus ar theacht ar ais dó fuair sé post mar fhear stóir i mbádchlós Mhíobhaigh. D ’ oibrigh sé anseo go dtí gur dhruid an bádchlós ag tús na n - ochtóidí. Bhí a chroí i gcónaí san fharraige agus chaith sé roinnt blianta ina dhiaidh seo ag iascaireacht bradán agus gliomach agus lena chois sin ag dreideáil muiríní ar an Mhaol Rua. Thaitin an iascaireacht go mór leis. Má bhí a chroí san fharraige is cinnte go raibh a chroí sna beithígh fosta agus chaith sé cúig bliana agus fiche ag taisteal mar gheallghlacadóir (bookmaker) chuig rásaí capall ó cheann ceann na tire. Le linn a chuid ama mar gheallghlacadóir bhí laethanta a bhfuair sé luach saothair a chuid oibre agus laethanta eile arbh fhearr leis dearmad a dhéanamh dóibh ach an bhfaca duine ar bith é ariamh faoi ghruaim nó ag iarraidh do chluas a líonadh le buaireamh an tsaoil? Ach ar an drochuair bualadh tinn le hailse é sa bhliain 1997 agus cé gur throid sé cath cróga in éadán na haicíde fuair sí an bhuaidh air sa deireadh sa bhliain 2001. Ba fhear a bhí in Paidí a bhí i gcónaí iontach dearfach agus níor lig sé ariamh do rudaí é a chur síos nó a fhágáil faoi néal dorcha. Fiú le linn a chuid tinnis níor lig sé don dearcadh deimhneach seo éalú ar shiúl uaidh agus d'éirigh leis, le linn a thréimhse tinnis, cuairt a thabhairt ar bhaill dá theaghlach a raibh cónaí Dan McCann, Athair Joan Talbot Paidí ar bord an Brazil Star

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3