Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 7 orthu i gCeanada agus san Astráil. Chuir mé fhéin aithne ar Phaidí go luath i ndiaidh dó a theacht na nDúnaibh mar gur ghnách liom a bheith ag obair sa bheáir in Óstán Ros na Binne le linn an tSamhraidh agus bhí Paidí i gceannas ar an bheáir. Bhí pearsantacht iontach tarraingteach ag Paidí, féith an ghrinn go láidir ann, thar a bheith deisbhéalach (witty), ina scéalaí den scoth agus duine a bhí séimh macánta. Bhí aoibh an gháire i gcónaí air fiú nuair a bhí an bás ar leac an dorais aige. De thairbhe gur thaisteal sé ar fud an domhain bhí achan chineál scéalta aige as achan chineál tíortha agus dóigh dhraíochtúil aige le hiad a insint. Daoine a raibh aithne acu ar Phaidí, is féidir leo é a shamhlú ansin agus a phionta ina lámh ag guidhe “ Happy Days ” Tá Paidí ar shlí na fírinne anois le naoi mbliana agus déanann Joan atá ina cónaí i Ros na Binne é a chronú go mór go fóill. Tá Danny, Eileen agus Lisa ina gcónaí go háitiúil agus is ealaíontóir í Jane i nGaillimh. Paidí agus Joan amuigh ar Buenos Aires Ba é Bord Fáilte a bhunaigh gluaiseacht na mBailte Slachtmhara sa bhliain 1958. Tá coincheap simplí ar a chúl, a thuigeann pobail na tíre: Gur féidir le daoine feabhas a chur ar a gceantair fhéin sa dóigh is gur áiteacha níos fearr agus níos deise a bheas iontu le bheith ina gcónaí iontu, le bheith ag obair iontu nó le cuairt a thabhairt orthu . Ní raibh mórán iomrá ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara in íochtar Rosgoill go dtí luath sna hochtóidí. Bunaíodh coiste ad hoc agus cuireadh isteach ar an Chomórtas Náisiúnta. Rinneadh roinnt oibre agus bronnadh 123 marc ar na Dúnaibh. Déarfainn gur mharc bunúsach a bhí anseo le huchtach a thabhairt do choistí úra a bhí ag cur isteach don chéad uair. Bheifí ag dúil go dtiocfadh méadú ar na marcanna i gcoibhneas leis an méid oibre agus iarrachta a chuir an coiste isteach. Ach idir rud amháin agus rud eile, níor tharla seo agus de réir a chéile chuaigh an coiste in éag. Ach d’fhan roinnt daoine den ghrúpa bunúsach dílis dona n-idéal féin agus an feachtas ab ansa leo agus lean siad ar aghaidh ag obair go díograiseach leis an achar talún ar a dtugtar Ard na nEangach a fhorbairt. Tá toradh a gcuid saothair le feiceáil go soiléir go dtí an lá inniu in sna lochtáin tarraing- teacha, na suíocháin agus binsí picnice, na suíocháin samhraidh, na toir, na fálta agus an sconsa iarainn saoirsithe a chuireann snas ar an áit. Is é Ard na nEangach a n-oidhreacht do na glúnta atá le theacht. Agus maidir leis an am i láthair, tá an coiste a bunaíodh sa bhliain 2006 ag obair go dícheallach Baile Slachtmhar na nDúnaibh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3