Guth Ghoill, Eagrán 38
Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 8 agus ag feidhmiú go díograiseach agus ag cur go mór le híomhá an cheantair. Tá moll mór oibre déanta acu agus a rian le feiceáil ar fud fad na háite. Mar shampla, tá comhartha deas Céad Míle Fáilte tógtha acu, ag fáiltiú na gcuairteoirí ag teacht isteach agus ag fágáil slán leo ag dul abhaile dóibh. Tá plásóg dheas curtha in ord acu taobh amuigh de Chlubtheach Chumann Lúthchleas Gaeil, le ceapacha bláthanna agus ceapacha fraoigh le slabhraí bána thart ar cheann na bplásóg. Tá a mhacasamhail déanta ar an bhealach síos ‘na trá chomh maith, ballaí agus piléir cloiche ar thairseach na trá agus thart ar na bocsaí athchúrsála. Ina theannta seo, tá gairdín beag luibhe tógtha acu ar chúl an leithris agus binse agus suíochán picnice os a chomhair. Chuir siad clár eolais na n-iasc in airde ar bhalla an leithris agus chóirigh siad na comharthaí de chuid na Comhairle Contae a bhí ann cheana féin. Ba mhaith leis an Choiste admháil a thabhairt don mhaoiniú a fuair siad ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus do na hoibrithe a bhí ar an chúrsa Ballaí Cloiche Traidisiúnta a bhí á reáchtáil ag Fás. Is léir ón ghrianghraf go bhfuil eolas a gceirde foghlamtha go maith acu. Muna raibh na ciseáin de bhláthanna a bhí crochta acu i rith an tSamhraidh tugtha fá dear agat, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar Specsavers! Bíonn neart oibre ag baint leo seo, mar caithfear iad a uisciú chóir a bheith achan tráthnóna ach is fiú go mór seo mar cuireann siad dreach álainn ar an tsráidbhaile. Tá cuma néata agus slachtmhar ar chiumhaiseanna na mbealaí móra ag teacht isteach ‘na nDúnaibh agus leoga ar fud na háite agus níor tharla seo de thaisme! Feictear na daoine céanna amuigh lá i ndiaidh lae á ngearradh agus á strimeáil. Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis an choiste agus leis na hoibrithe uilig mar gheall ar an méid atá bainte amach acu. Ghnothaigh na Dúnaibh 218 marc i gComórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana, sin ardú de chúig mharc déag ó anuraidh agus moladh go mór an dul chun cinn a bhí déanta acu. Ní hé amháin sna Dúnaibh atá an cineál seo oibre ag dul ar aghaidh. Tá Coiste Forbartha Mhíobhaigh an-ghníomhach ar an Taobh Thoir agus scoth na hoibre á dhéanamh acu. Is léir seo ón chuma slachtmhar atá ar na ciumhaiseanna agus ar chomharthaí na mbailte fearainn sa cheantar. Is iomaí rud eile a bhfuil baint acu leis fosta ach tá ábhar ailt eile sna himeachtaí atá idir lámha acu. Ar ndócha, tá an-taithí go deo ag ár gcomharsana i mbaile Charraig Airt ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara. Tá dul chun cinn millteanach déanta acu le blianta anois, 293 marc sa chomórtas i mbli- ana, sin ardú de thrí mharc ó anuraidh. Is iomaí duais atá bainte acu agus táimid ag súil go mór nach fada an lá go mbeidh duais suntasach bainte acu amach anseo. Ní neart go cur le chéile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3