Guth Ghoill, Eagrán 38

Eagrán 38 Meán Fómhair, 2011 9 Sábha Mhic Eitegáin, Bean Tí Uí Eochaidh Ba i dtús mhí Eanáir 1940 a thug Seán Ó hEochaidh a aghaidh ar Ros Goill. Bhain sé amach an teach ina raibh sé ag fáil lóistín ann agus rinne sé cur síos ar an fháilte a cuireadh roimhe sa teach sin, agus sna tithe uilig ar leag sé cos iontu. Chuaigh flaithiúlacht na fáilte a chuir Sábha Mhic Eiteagáin, bean an tí, roimhe agus an cairdeas a d’éirigh eatarthu, a luí go mór air: Níor lig sí amach mo lámh go raibh mé istigh i lár an urláir. Bhí céad fáilte acu ann domh fosta agus bhí gach uile chosúlacht ar an áit seo go mbeadh áit sheascair agam ann. Shuigh mé ansin agus shuigh an tseanbhean le mo thaobh (Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) Deirtear gurb é teach Mhic Eiteagáin an t-aon teach amháin a choinnigh lóistéirí fán am sin. Lucht na Gaeilge is mó a d’fhanadh sa teach seo, sagairt agus mic léinn a thagadh go Ros Goill chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Agus Gaeilge a chloistí sa teach sin ó mhaidin go hoíche. Ní ábhar iontais ar bith mar sin gur bhailigh Seán béaloideas ó Shábha fhad ‘s a bhí sé ag stopadh ansin. Rugadh í ar an deichiú lá de mhí Feabhra 1871. Sábha Nic Giolla Bhríde, nó Sophie a tugadh uirthi sa bhaile, ab ainm di sular pósadh í. Máire Mhasleac a bhí ar a máthair (Máire Nic Giolla Bhríde nó Máire Dhónail) as Dún Dumháin agus bhí sise pósta ar John Mac Giolla Bhríde as Gort na Bráid. Bhí naonúr sa chlann, í féin san áireamh, Ellen, Nancy, Bríd, Ned, Francis, Daniel, Sophie, Madge agus Síle. Bhí an leasainm ‘Masleac’ ar an mháthair mar go raibh cónaí uirthi in aice na mbeanntracha den ainm sin agus lean an leasainm céanna an chlann. Go luath ina saol chuaigh sí chun cónaí ar an Mhuirleog. Bhí cónaí ar a haintín agus ar a huncail, Anna agus John Mac Giolla Bhríde thuas ar an chnoc ansin. Bhí mac acu agus d’éag sé an -óg nuair a fuair sé cic agus é ag imirt peile agus thóg siad leofa Sophie mar sin agus chónaigh sí leo ó sin amach. Ní fada gur bhuail Sábha le hAnton Mac Eiteagáin, nó Anton Rua mar ab fhearr aithne air. Ba as Gleann Iartharach, baile beag faoi Loch a‘s Alt, ó dhúchas dó. Thóg siad teach in aice lena haintín ar an Mhuirleog i 1903 agus tá cónaí ar a sliocht sa teach go fóill. Saolaíodh naonúr páistí dóibh ach fuair triúr acu bás nuair a bhí siad an- óg. D’oibrigh Sábha mar bhean tí agus iascaire cáiliúil a bhí ina fear céile. Bhailigh Seán Ó hEochaidh an-chuid seanachais uathu. Bhí aithne mhaith ag Sábha ar iascairí Theilinn, ar ghnách leo stopadh aici agus chruthaigh seo nasc láithreach idir an bheirt acu agus bhí tábhacht ar leith ag baint le seo. B’iomaí oíche, nuair a théadh Ó hEochaidh ar ais chun tí, shuíodh sé cois tine le bean an tí agus bhíodh comhrá acu. Bhí an-chuid

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3