Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 10 bheadh ar an phobal seo a chur ar fáil. Cha raibh teacht isteach ó fhoinse ar bith eile agus mar sin cha raibh deis ar bith bail a chur ar an fhoirgneamh. Is cosúil gur haistríodh Scoil Dhoire a ’ Chasáin go dtí an Ard Bhán am inteacht roimh 1835 mar nach bhfuil Doire a ’ Chasáin luaite i dtuairisc na bliana sin cé go bhfuil an tArd Bán luaite mar áit a raibh Scoil Scairte ann. Ach de réir cosúlachta bhí scoil i nDoire a ’ Chasáin Mór fán bhliain 1846. Aistríodh an scoil ar ais ón Ard Bhán go Doire a ’ Chasáin fán bhliain 1856 ach níl mórán eolais againn fúithi ag an am sin ach go raibh Cornelius Mac Giolla Chearra mar mháistir scoile inti ach gur briseadh as a phost é sa bhliain 1860 as siocair nach raibh éifeacht ar bith ag baint lena chuid teagaisc. Bhí sé iontach coitianta ag an am múinteoirí a bheith a mbriseadh as a bpostanna bunaithe ar thuairiscí na gcigirí. Tá a fhios againn go raibh Scoil Dhoire a ’ Chasáin, sular fosclaíodh an scoil úr, sa teach ar chaith Pat Dhonchaidh Shéarlaí a shaol ann ag gréasaíocht. Cha deachaigh an fhoghlaim amogha ar Phat Dhonchaidh, fear léannta a raibh leabharlann den scoth aige ina theach. Tógadh an scoil úr náisiúnta i nDoire a ’ Chasáin, cúpla céad slat anuas an bealach ón tseanscoil, sa bhliain 1901. Druideadh an scoil seo sa bhliain 1964 mar nach áit folláin a bhí inti le hoideachas a chur ar pháistí agus d ’ aistrigh na páistí agus an fhoireann scoile go Coláiste Ros Goill. D ’ oscail Scoil Naomh Bríd i gCeann na Leargaí sa bhliain 1969. Scoil Úr ar an Ghlíob. Moladh sa bhliain 1818 go dtógfaí scoil úr ar an Ghlíob agus chuir an Reachtaire (Rector), agus caithfidhse go raibh talamh aigesan ansin, acra talaimh ar fáil le haghaidh seo. Ach níor tógadh an scoil anseo ariamh mar socraíodh in 1825 nach raibh an suíomh seo fóirsteanach do scoil an pharóiste agus rinneadh cinneadh ansin an scoil a thógáil i gCeann na Leargaí, rud a rinneadh sa bhl- iain 1831. Tá a fhios againn go raibh scoil de chineál éigin anseo roimhe seo mar rinneadh tagairt di in 1826 mar ‘ a wretched hovel ’ agus sé cloigne déag agus fiche ag freastal uirthi. Rinneadh tagairt fosta de Scoil Cheann na Leargaí sa suirbhéireacht ordanáis a rinneadh 1831 agus dúradh go raibh leathchéad ar fad ag freastal uirthi – 25 Protastúnach agus 25 Caitliceach. Mar a lu- aigh mé cheana bhí an scoil seo maoinithe ag Ciste Robertson agus fosta ag an Eaglais Phrotastúnach agus ag an phobal a rinne freastal uirthi. Tháinig ardú ar an mhaoiniú ó Cholonel Robertson agus bhí £40 le fáil don scoil úr a tógadh i gCeann na Leargaí 1831. Tógadh scoil úr eile ina háit seo i gCeann na Leargaí sa bhliain 1897 agus lean sí ar aghaidh ag cur foghlama ar pháistí Protastúnacha agus Caitliceacha go dtí gur druideadh í i Mí na Nollag 1944 nuair nach dtiocfaí í a choinneáil ag feidhmiú a thuilleadh as siocair gur thit na huimhreacha an oiread sin. Níl tagairt ar bith eile de scoil a thógáil ar an taobh thoir arís go dtí an bhliain 1845 nuair a moladh teach scoile a thógáil i nGort na Luchóg. Níl a fhios agam an raibh scoil scairte anseo in am éigin, níl sé luaite áit ar bith ach is cinnte gur ‘ ard na scoile ’ a thugtar ar an ard sin atá faoi theach Mháire ‘ Ac Fhionnlaoich i nGort na Luchóg. Ar aon nós thángthas ar athrú intinne faoi scoil a thógáil i nGort na Luchóg mar gur socraíodh ansin go mbeadh Dún Dúbháin níos fóirsteanaí mar go Teach Uí hAodha (Áit a raibh Scoil Ceann na Leargaí) Teach Pat Dhonchaidh Shéarlaí (Áit a raibh Scoil Dhoire a ’ Chasáin am amháin)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3