Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 11 raibh sé níos lárnaí agus beartaíodh go bhfaighfí léas ón Iarla Liatroma le seo a dhéanamh. Níl fianaise ar bith gur cuireadh scoil de chineál ar bith ar bun ag an am ach deich mbliana is fiche ina dhiaidh sin, sa bhliain 1874 cuireadh seanscoil Mhíobhaigh ar bun in Ailt a ’ Chaorthainn. Sa bhl- iain 1881 tarraingíodh siar an deontas don scoil seo de thairbhe nach raibh an foirgneamh fóirsteanach agus lena chois sin briseadh as a phost an múinteoir Niall Mac Eamharacaigh de thairbhe nach raibh caighdeán a chuid oibre sásúil. Tamall ina dhiadh seo tógadh scoil úr ar an Ghlíob agus ceapadh Mánas Ó Siadhail nach raibh ach ocht mblian déag d ’ aois mar mhúinteoir ar an chéad lá de mhí na Samhna 1883. Ach cha rabhthas sásta le Ó Siadhail ach oireadh agus tugadh bata agus bóthar dó sa bhliain 1885. Níl sé róshoiléir ansin cé acu bhí an scoil ar an Ghlíob ina dhiaidh seo nó nach raibh ach is cinnte nach ar an Ghlíob a bhí an scoil sular fosclaíodh an scoil úr i Míobhaigh 1923 mar go ndeachaigh cuid mhór den ghlún a chuaigh romhainn go dtí an tseanscoil in Ailt a ’ Chaorthainn áit ar theagasc Bill Mac Lochlainn. D ’ aistrigh siad uilig go dtí scoil úr Mhíobhaigh 1923. Bhí scoil anseo go dtí an bhliain 1969 nuair a cónascadh Scoil Mhí- obhaigh agus Scoil Dhoire a ’ Chasáin, bhí siad fa- oin díon amháin as sin amach i Scoil úr Cheann na Leargaí. Tógadh scoil ar Oileán a ’ Bhráighe sa bhliain 1843, bhí tuairim is trí fichead duine ina gcónaí ar an oileán ag an am. John Connor a bhí mar mhúin- teoir anseo i dtús báire, fear nach raibh ach scór bliain d ’ aois, bhí sé ansin os cionn deich mbliana ach druideadh an scoil seo sna hochtdeág sea- scaidí mar nach raibh freastal ceart a dhéanamh uirthi. Na Scoileanna Náisiúnta. Is fiú machnamh gur cheantar láidir Gaeltachta a bhí sa cheantar seo ag an am agus nuair a cuireadh na scoltacha náisiúnta ar bun sa bhliain 1831 bhí sé mar aidhm acu deireadh ar fad a chur le Gaeilge agus san áireamh anseo dár ndóigh bhí na ceantra- cha ina raibh an Ghaeilge láidir iontu agus mar theanga cumarsáide na ndaoine agus dár ndóigh bhí limistéar mór den tír a raibh seo amhlaidh fán am ar cuireadh na scoltacha náisiúnta ar bun 1831. Dúirt Seán Ó hEochaidh ar chlár ‘ Fios Feasa ’ ar Raidió na Gaeltachta blianta ó shin gur i ndiaidh bhunadh na scoltacha náisiúnta a thosaigh meath na teanga i ndáiríre agus go háirithe an saibhreas cainte a bhí sa teanga. Dúirt sé gur san am sin a tosaíodh Béarla a bhrú ar dhaoine agus go bhfuilear a dhéanamh sin go dtí an lá inniu. Ba le linn na tréimhse seo a bhí ar pháistí an ‘ bata scoir ’ nó an ‘ tally stick ’ a bheith ceangailte fán mhuineál acu. Achan uair a labhródh an páiste Gaeilge chuirfí eang (notch) sa bhata agus ag deir- eadh an lae chuirfí pionós ar an pháiste de réir an méid eangaí a bheadh ar an bhata. Dúirt Ó hEochaidh go raibh tionchar mór ag an Bhéarla ar chaint na ndaoine fiú sa Ghaeltacht fhéin agus go raibh daoine ag smaoineamh i mBéarla agus a aistriú go Gaeilge. Dúirt sé gur chuir sé iontas an domhain air lá amháin cainteoir dúchais Gaeilge, a tháinig isteach ‘ un tigh i ndiaidh bailc fearthainne ag rá: ‘ fuair mo hata fliuch ’ in áit a rá gur ‘ fliuchadh mo hata ’. Dúirt sé gur thosaigh an truailliú seo leis na scoltacha náisiúnta. Caithfear cuimhne gurbh í an Bhéarla teanga teagaisc na scoile san am sin agus go minic ní bhíodh Gaeilge ar a dtoil ag na múinteoirí agus cha raibh mórán le hiad a mhealladh isteach i gceantar iargúlta mar seo áit a raibh na páistí ar Scoil Mhíobhaigh Seanscoil Mhíobhaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3