Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 12 bheagán Béarla. Mar sin, de thairbhe nach raibh Gaeilge ar a dtoil ag cuid mhaith de na múinteoirí san am, bhí leisce orthu a theacht isteach i gceantracha láidre Gaeltachta. Níor chuidigh seo le forbairt ná le fás ceart a theacht ar chúrsaí oideachais sna ceantracha seo. Staid na nDaoine. Seo na scoltacha a bhí ar fáil do bhunadh an Íoch- tair ón chéad leath den naoú aois déag ar aghaidh. Cha dtig comparáid ar bith a dhéanamh le saol na scoile ná le saol an phobail san am sin le taobh mar tá sé inniu. Cha raibh mórán de ghléas maireachtála ar na glúnta a chuaigh romhainn agus ina gcuid iarrachtaí a theacht i dtír ar an bheagán cha raibh oideachas ar an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Daoine a raibh fonn orthu go gcuirfí léann de chineál éigin ar a gcuid páistí cha raibh an córas ná na foirgnimh a bhí ansin ar dhóigh ar bith spreagúil ná tarraingteach - foirgnimh loma, fuara, salacha, lán toite den chuid is mó agus múinteoirí a bhí, go minic, neamhoilte, ar bheagán suime, agus faoi smacht agus faoi bhrú ag cigirí. Bhí eisceachtaí ann cinnte agus bhí amanna a raibh múinteoirí cumasacha i scoltacha ach insíonn tuairiscí na gcigirí an scéal mar a bhí sé. Tugann tuairisc an chigire faoina chuairt ar sheanscoil Mhíobhaigh ar an 6ú lá d'Eanáir 1874 léargas dúinn ar an dóigh a raibh rudaí - den chúi- gear déag is daichead a bhí ar an scoil an lá áirithe sin bhí dhaichead acu i rang 1 agus neart acu seo ceithre bliana déag / cúig bliana déag d ’ aois. Bhí a mhacasamhail seo le fáil i bhformhór scoltacha na linne sin mar nach ndeachaigh páistí ‘ na scoile go rialta agus chaith siad blianta fada sna bun- ranganna. Ba le linn an Gheimhridh ba mhó a rin- neadh freastal ar an scoil. Le linn na séasúr eile bhí an barr le cur, le sábháil agus le baint mar a bhí an mhóin. Thit tromlach na hoibre seo ar pháistí mar go minic bhíodh a gcuid aithreacha ag obair as baile, fá Albain agus áiteacha eile. Agus cad é fá shéasúr na fostaíochta, nár chuir seo is- teach go mór ar oideachas na bpáistí? Litearthacht 1901 Níl dóigh níos fearr le fáil amach cad é mar chuaigh scoltacha agus córas oideachais na tíre sa 19ú aois i bhfeidhm ar phobal an cheantair seo ná staidéar a dhéanamh ar staid litearthachta an cheantair mar atá sé léirithe i ndaonáireamh na bli- ana 1901. Le staidéar a dhéanamh ar litearthacht sa cheantar seo 1901 d ’ fhág mé amuigh páistí a bhí faoi sheacht mbliana d ’ aois mar nach mbeadh mórán páistí sa cheantar ag an aois sin a mbeadh léamh ná scríobh acu. Ansin roinn mé an daonra suas ina dhá aoisghrúpa - an chéad aoisghrúpa, seo da- oine ó sheacht mbliana go naoi mbliana is fiche agus an dara aoisghrúpa, ó thríocha bliain ar aghaidh. Aoisghrúpa 1 : 7 - 29 bl. Aoisghrúpa 2 : 30 bl. + Ceantar an Íochtair sa bhliain 1901 Tá an t - eolas maidir le cé mhéad duine as an 966 a bhí liteartha nó neamhliteartha le fáil sna léaráidí seo a leanas. Daonra Liteartha. - Léamh agus Scríobh acu. Daonra Neamhliteartha - Gan léamh ná scríobh. Daonra iomlán Líon na ndaoine in Aoisghrúpa 1 Líon na ndaoine in Aoisghrúpa 2 Líon na nda- oine a bhí 7 mbliana nó os a chionn 1177 477 489 966
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3