Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 13 Líon na ndaoine in Aoisghrúpa 1 7 mbl. - 29 bl. Líon na ndaoine in Aoisghrúpa 2 30 bl. + Líon na ndaoine a bhí seacht mbliana nó os a chionn Liteartha 361 200 561 Neamhliteartha 116 289 405 Iomlán 477 489 966 Daonra Liteartha / Neamhliteartha i gCeantar an Íochtair sa bhliain 1901 Ciallaíonn sin go raibh 58.1% de dhaonra an cheantair (7 mbliana nó os a chionn) a raibh léamh agus scríobh de chineál éigin acu sa bhliain 1901. Amharcfaidh muid anois ar an dá rannóg éagsúil Aoisghrúpa 1 (7mbl go 29bl) agus Aoisghrúpa 2 (30 bl. +). Insíonn seo dúinn, mar a bheifeá ag súil leis, nach raibh ach 24.3% de na daoine sa ghrúpa 7mbl go 29bl neamhliteartha ach go raibh 59.1% de na daoine os cionn 30bl. neamhliteartha. Bhí cuid mhaith de na bailte fearainn a raibh líon na ndaoine a bhí neamhliteartha iontu níos airde ná an meán. Bhí a mhalairt seo fíor fosta mar go raibh bailte fearainn ann, go háirithe na bailte fearainn a raibh cónaí ar Phrotastúnaigh iontu, ina raibh líon na ndaoine neamhliteartha i bhfad níos isle ná an meán don cheantar. Tá muid chun amharc anois ar chuid de na bailte fearainn seo. Má chuireann muid an tArd Bán agus Dumhaigh le chéile seo an pictiúr a gheobhann muid. An tArd Bán/ Dumhaigh Daonra de 229 a bhí idir an dá bhaile fearainn agus nuair nach gcuirtear san áireamh na páistí faoi sheacht mbliana d ’ aois tá tú fágtha le 188. Amach as an 188 ní raibh ach 73 acu, sin 38.8% ábalta léamh nó scríobh i gcomparáid le 58.1% sa cheantar iomlán.. Bhí an chuid eile acu, 115 nó 61.1% ne- amhliteartha. Ach, mar atá ráite agam, bhí furmhór na mbailte fearainn a raibh a gcás mar a gcéanna. Daonra iomlán Daonra - 7mbl. agus os a chionn Líon na ndaoine liteartha Líon na ndaoine a bhí ne- amhliteatha. 229 188 73 115 Liteartha Neamhliteartha Aoisghrúpa 1 Líon daoine ó 7 mbl. go 29 bl . = 477 Aoisghrúpa 2 Líon daoine 30+ bl. = 489 289 200 361 116 Amach as an 489 duine a bhí deich mbliana is fiche nó os a chionn bhí 200 acu nó 40.9% liteartha Amach as an 477 duine ó sheacht mbliana go naoi mbliain is fiche bhí 361 nó 75.7% liteartha.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3