Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 15 Na Torthaí. Tá comparáid idir Doire a ’ Chasáin agus an tArd Bán / Dumhaigh thar a bheith suimiúil. De réir an daonáirimh bhí 58.1% de phobal Dhoire a ’ Chasáin ábalta léamh agus scríobh i gcomparáid le 38.8% de phobal Ard Bán / Dumhaigh. Fágann sin go raibh 41.9% de phobal Dhoire a ’ Chasáin nach raibh léamh ná scríobh acu ach go raibh sé comh hard le 61.1% ar an Ard Bhán / Dumhaigh. Is cinnte go raibh baint mhór ag suíomh na scoile le seo agus mar atá luaite cheana ba Dhoire a ’ Chasáin agus Cheann na Leargaí na chéad áiteacha atá luaite ó thaobh scoltacha de sa cheantar seo. Ba i nDoire a ’ Chasáin a bhí an scoil agus cé gur haistríodh í go dtí an Ard Bhán ar feadh tréimhse níl mórán eolais againn fúithi ag an am seo nó cén dóigh a raibh sí ag feidhmiú. Tá a fhios againn gur haistríodh í ar ais go Doire a ’ Chasáin thart fán bhl- iain 1856 agus is cinnte go raibh tionchar mór ag an scoil ar phobal an cheantair sin ón am sin ar aghaidh mar go raibh léamh agus scríobh ag 77.3% de phobal Dhoire a ’ Chasáin a bhí san aoisghrúpa 7mbl. - 29bl. de réir daonáirimh na bli- ana 1901. Maidir leis na bailte fearainn ina raibh céatadán ard den phobal a raibh léamh agus scríobh acu, sin an Machaire Beag, Ceann na Leargai, Mí- obhaigh agus Oileán an Bhraighe, luaigh mé cheana fhéin gur Phrotastúnaigh ar fad a bhí sna bailte seo taobh amuigh de dhá theaghlach a raibh cónaí orthu ar Oileán a ’ Bhráighe. Bhí na bailte fearainn seo ar fad ar chríocha Cheann na Leargaí áit a raibh an scoil suite. Bhí dóigh níos fearr ar bhunús na bProtastúnach fosta agus iad ábalta a theacht i dtír níos fearr ar na feirmeacha a bhí acu agus chuidigh seo leo oideachas a chur ar a gcuid páistí. De réir tuairisce a rinneadh faoi scoltacha sa bhliain 1826 cé gur tugadh ‘ wretched hovel ’ ar an fhoirgneamh do scoil Cheann na Leargaí is fiú a lua go raibh sé cloigne déag agus fiche ag freastal uirthi. Fán bhliain 1834 i ndiaidh foirgnimh úr a bheith tógtha ón bhliain 1831 bhí leathchéad ag freastal uirthi, 25 Protastúnach agus 25 Caitliceach. Bhí Caitlicigh ag freastal ar scoil Cheann na Leargaí go dtí gur druideadh í sa bhl- iain 1944. Cé nach ndéanfaí iontas ar bith i saol an lae inniu go raibh scaifte maith Caitlicigh ag freastal ar scoil Cheann na Leargaí tá sé suimiúil é seo a chur i gcomhthéacs na linne sin. Cé go raibh smacht láidir daingean ag an chléir Chaitliceach ar a bpobal chuir tuismitheoirí Caitliceacha Ros na Binne agus Cheann na Leargaí a gcuid páistí go Scoil Cheann na Leargaí cé go raibh sí faoi stiúir na hEaglaise Protastúnaigh agus scoil bhreá i nDún Dumháin, sin Scoil Mhíobhaigh, ón bhliain 1923 faoi stiúir na heaglaise Caitlicigh. Cad chuige seo? Mar go raibh scoil Cheann na Leargaí i bhfad níos cóngaraí dóibh agus is cinnte go mbeadh a lán laethanta le linn an Gheimhridh nach mbeifí ábal- ta an turas go Míobhaigh a chur díobh. De réir agallamh a rinne Máire Ní Shibhleáin (Stephen) do Ghuth Ghoill roinnt blianta ó shin dúirt sí go dtáinig sagart paróiste amháin, ar a laghad, chun cainte leis na tuismitheoirí, sin an Canónach Ó Baoill, agus chomhairligh sé agus bhagair sé orthu a gcuid páistí a chur go scoil Mhíobhaigh ach rinneadh neamhaird dá chomhairlí agus dá chuid bagairtí agus d ’ fhan na páistí ag freastal ar scoil Cheann na Leargaí. Is fiú fosta a lua go raibh scoil ar Oileán a ’ Bhráighe ó na hochtdéag daichidí go dtí na hochtdéag seascaidí agus is cinnte gur chuidigh sé go mór le pobal an oileáin scoil a bheith ar leac a ’ dorais acu cé nár mhair sí ach trí bliana is fiche. Maidir le suirbhé nó daonáireamh ar bith tá tú ag brath go mór ar ionraiceas na ndaoine agus caithfear glacadh leis mar sin gur freagraí ionraice a cuireadh síos agus go dtig iad a úsáid mar shlat tomhais. D ’ fhéadfadh sé gur chuir daoine síos go raibh léamh agus scríobh acu agus go m ’ bfhéidir nach raibh a gcaighdeán léitheoireachta ná scríob- hnóireachta ró - ard ach sin scéal eile ar fad mar go mbeadh éagsúlachtaí móra sa cheantar maidir leis an chaighdeán de am ar bith. Ach sin agus eile is cinnte go dtugann an daonáireamh léargas ré- asúnta cruinn dúinn faoi caidé mar bhí cúrsaí liteartha sa cheantar seo san am sin. Chíonn tú i gcónaí rudaí a chuireann thú ag smaoineamh agus tú i mbun taighde den chineál seo. Bhí fear i nDumhaigh, Micheál Mac Pháidín, a bhí deich mbliana agus na ceithre scór, rud a d ’ fhág gur rugadh é fán bhliain 1811; bhí léamh agus scríobh aige. Bíonn siad ann!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3