Guth Ghoill, Eagrán 39

Eagrán 39 Samhain 16 Comórtas Agallamh Beirte Céim Aniar 2011 Ghlac os cionn leathchéad dalta páirt sa Chomórtas Agallamh Beirte a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar in Áras Ros Goill ar an Satharn, 15 Deireadh Fómhair. Bhí an comórtas seo, a bhí ina bhabhta cáilitheach d’Oireachtas na Gaeilge, oscailte do pháistí bunscoile ó rang a trí ar aghaidh agus do mhicléinn meánscoile. Ba é Seán Ó Gráinne, Oireachtas na Gaeilge a rinne an mholtóireacht agus seo thíos na bu- aiteoirí sna rannóga éagsúla. Rang 3 & 4 - An Chéad áit: Mícheál Pasoma agus Rónán Ó Gallachóir. An Dara háit: Niamh Ní Cheallaigh agus Seosamh Shankley Smith. Rang 5 & 6 - An Chéad áit: Éamonn Ó Raghallaigh agus Raonaid Ní Dhúbhláin. An Dara háit: Rebecca Nic Nuadht agus Laura Pasoma. Daltaí meánscoile - An Chéad ait: Ruaidhrí Mac Conaglaigh agus Ailín Pasoma. An Dara háit: Conchúr Ó Cathasaigh agus Míobha Nic Fhinneachta. Mícheál agus Rónán Conchúr agus M íobha leis an mhóltóir Ruaidhrí agus Ailín Rebecca agus Laura Éamonn agus Raonaid Niamh agus Seosamh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3