Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 17 Feadaímó Tá Feadaímó agus Domhnall ina seasamh taobh amuigh de theach an Choirnéil Albertson. Tá siad ag éisteacht le cuid saighdiúirí na beairice ina rith thart a gcuardach. Tá Éamonn leo le muscaed ina lámh agus é gléasta i gculaith gnáth saighdiúra agus Paidí lena dtaobh gléasta i gculaith Chaptaein. Tá airgead na tána acu chomh maith le hairgead an Choirnéil. Tá an Coirnéal agus Síle leo fosta agus lámha na beirte ceangailte agus tostanna ina mbéil. “ Beidh sé deacair againn fáil amach i ngan fhios, ” arsa Paidí. “ Bhail, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ tá sé go réidh agat an plean sin a scaoileadh uait. ” “ Tá sé furasta go leor, ” arsa Feadaímó. Gabh isteach ‘ un tigh arís, a Phaidí, agus tabhair amach gunnaí dúinn uilig. Tá na piléir i mbosca sa chistin. ” “ Ceart go leor, ” arsa Paidí agus chuaigh sé isteach. “ Níl dóigh ar bith a bhfaigheadhas muid amach na geaftaí tosaigh anois, ” arsa Feadaímó. “ Beidh ormsa dul thar an bhalla. ” D ’ amharc siad uilig air. “ Cad é faoi Dhia atá tú ag rá? a Fheadaímó, ” arsa Éamonn. “ An bhfaca tú airde an bhalla sin? ” “ Chonaic cinnte, tá scrúdú maith déanta agam den áit ón taobh amuigh. ” Thosaigh Domhnall ag caint. “ Cad é ’ n dóigh ……?” “ Níl faill agam do na ceisteanna seo, a Dhomhnaill, ” arsa Feadaímó, ag briseadh isteach air. “ Tá Tuathal agus Seán ag coinneáil súl ar an gheafta tosaigh agus caithfidh mé teagmháil a dhéanamh leo nó beidh muid uilig san fhaopach. Téigí go dtí an gheafta cúil, gabhaigí i bhfolach, ach bígí ag éisteacht amach fá mo choinne. Má tá dóigh agaibh leis an gheafta a oscailt sin mar is fearr é ach ní dóigh liom go mbeidh sibh ábalta. Doras mór daingean atá ann agus fosclaíonn sé isteach. ” “ Bheadh sé deacair, ” arsa Éamonn. “ Sa chéad áit, níl a fhios againn an dóigh le fáil a fhad leis an gheafta cúil. ” “ Tá a fhios ag an Choirnéal, ” arsa Feadaímó. D ’ amharc Domhnall ar an Choirnéal, “ Cén bealach a bhéarfas muid go dtí an doras cúil, a bhastaird? ” Cha raibh bogadh ón Choirnéal. “ Níl an boc sin chun rud ar bith a insint dúinne, ” arsa Domhnall. “ Gabh amach as mo chosán, ” arsa Feadaímó. “ Cuirfidh mise ceist air. ” Thosaigh an Coirnéal ag croitheadh a cheann. Bhí an eagla a bhí air le feiceáil ina shúile agus é ag mungailt go hard isteach ina thostóir. “ An bhfuil tusa sásta insint do na fir uaisle seo an bealach is fearr le dul chuig an gheafta cúil? ” Chroith an Coirnéal a cheann. Fuair Feadaímó greim muiníl air agus thóg sé a dhorn. Chroith an Coirnéal a chloigeann go gasta. “ Maith go leor, ” arsa Feadaímó, “ níl feidhm orm an tost a bhaint ó do bhéal. Siúl thusa rompu go díreach, agus, a Dhomhnaill, má chuireann sé sibh amugha ar dhóigh ar bith, faigh réitithe do, an dtuigeann tú mé? ” “ Ná bíodh eagla ar bith ort, ” arsa Domhnall, “ bheadh lúcháir ormsa an deis a fháil sin a dhéanamh. ” Bígí ar shiúl mar sin, ” arsa Feadaímó. Chuaigh Domhnall a fhad le doras an tí agus d ’ oscail sé é. “ A Phaidí, ” a dúirt se i gcogar, “ an bhfuil tú réidh? ” Le sin tháinig Paidí amach agus trí ghunna leis, piostal agus dhá mhuscaed. Thug sé muscaed do Dhomhnall agus thiontaigh sé chuig Feadaímó. “ Tabhair an piostal domhsa, ” arsa Feadaímó. “ Tá agamsa le dhul ag dreapadóireacht. ” “ Maith go leor, ” arsa Paidí, “ tá sé philéir sa revolver seo agus tá tuilleadh sa mhála beag seo. ” D ’ amharc sé thart agus chonaic sé na haghaidheanna dáiríre ar na boic eile. “ Cá bhfuil muid ag dul, a dúirt sé agus crith ina ghlór? ” “ Tá sin uilig socraithe, a Phaidí, ” arsa Feadaímó, “ anois, déanaigí deifre, ” Chroith Domhnall a lámh le Feadaímó. “ Tá mé iontach buíoch duit, ” a dúirt sé. “ Arú, ” arsa Feadaímó, “ cha dtiocfadh liom thú a fhágáil istigh sa phríosún. Mo lochtsa a bhí ann gur beireadh ort. ” “ Bhail cha bhíonn sé chomh furasta dallamullóg a chur ort arís. ” “ Tá shúil agam, ” arsa Feadaímó. Thosaigh Domhnall ag gáire. “ Bí thusa cúramach, a ghasúir, ” Thiontaigh sé agus bhrúigh sé an Coirnéal agus Síle chun tosaigh. “ One mistake, Albertson me boy, and you ’ ll never make another one. ” Choinnigh Feadaímó súil orthu go dtí go ndeachaigh siad os radharc agus rith sé fhéin a fhad leis an bhalla. Sheas sé ar chúl cairte móire ag amharc thart. Chonaic sé na saighdiúirí ar na rampair. Bhí sé soiléir go raibh achan saighdiúir ar a bhiorda de thairbhe an racán a bhí na saighdiúirí eile ag tógáil agus iad ar lorg Feadaímó is na boic eile. Cha raibh faill ag Feadaímó a bheith ina shuí thart mar bhí an oíche ag imeacht agus bheadh se i bhfad níos deacra acu éalú le solas an lae. Chonaic sé na staighrí ag dul suas chuig na rampair agus shiúl sé go formhothaithe ina dtreo. Cha raibh clúdach de shórt ar bith aige agus bhí, ar a laghad, tríocha slat idir an chairt agus an balla. Bhí an t - ádh air, leoga, go raibh na saighdiúirí uilig ag amharc amach. Shroich sé an balla. Cha raibh sé ábalta na saighdiúirí a fheiceáil os a cheann anois agus cha raibh a dhath fána choinne ach dul suas. D ’ amharc sé ar chlé agus ar dheis agus chonaic sé saighdiúirí thart fá fiche slat ar shiúl ar achan taobh. “ B ’ fhéidir nach bea seo an áit is fearr le dul thar an bhalla, ” a dúirt sé leis fhéin, ach bhí na saighdiúirí an - tiubh ar na rampair uilig. Chuir sé a chloigeann suas thar bharr na staighrí agus ar an drochuair chonaic sé saighdiúir ina sheasamh díreach os a chomhair ag amharc air. “ Bhí an oiread sin d ’ iontas ar an saighdiúir nach raibh a fhios aige cad é le déanamh. D ’ éirigh Feadaímó go tobann agus bhuail sé an saighdiúir lena dhorn agus thit sé ina chnapán. Chuir sé é na luí go deas ciúin, ach cha raibh sé ciúin go leor. Lig an saighdiúir ar a thaobh chlé scairt as. “ Halt, who goes there? ” Chuaigh Feadaímó thar an bhalla. Choinnigh sé greim ar bharr an bhalla agus ansin scaoil sé saor a chuid méar agus thit sé go talamh. Rith sé mar an diabhal trasna na sráide agus piléir ag buaileadh an talaimh thart air. “ Buíochas do Dhia ar shon an dorchadais, ” arsa Feadaímó leis fhéin,
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3