Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 18 agus chuaigh sé thart an choirnéal. Chuaigh sé síos a fhad leis an abhainn agus thiontaigh sé ar chlé. Rith sé a fhad leis an droichead agus thiontaigh sé ar chlé ar ais. Gan i bhfad chonaic sé geafta tosaigh na beairice os a chomhair. Bhí slua de na saighdiúirí amuigh ar an tsráid ag rith i dreo na sráide inár éalaigh Feadaímó. Chuaigh Feadaímó chuig an áit a bhí socraithe aige buaileadh le Tuathal agus Seán. Cha raibh siad le feiceáil. D ’ amharc sé thart. “ Ó, a Dhia, ” a dúirt sé leis fhéin. Bhí a fhios aige go dtiocfadh leis an rud uilig dul bun os cionn muna raibh sé ábalta teacht orthu. Ansin tháinig sé chuige go m ’ fhéidir gur beireadh ar an bheirt, agus más sin mar a bhí, go raibh siad uilig i gcontúirt mhillteanach. Ansin chuala sé duine éigin ag feadaíl leis go híseal. D ’ amharc sé thart agus chonaic sé Tuathal ar bharr sciobóil agus é ag croitheadh a lámha os a chionn. Rith Feadaímó a fhad leis. “ Deifrígí a fheara, caithfidh muid na boic eile a fháil agus a bheith amuigh as an chathair roimh bhánú an lae. ” “ Cad é fá Dhomhnall, ar scaoil sibh saor é, a Fheadaímó? arsa Seán. “ Rinne, ach tá sé sa bheairic go fóill. Más féidir libhse na ceisteanna a fhágáil go dtí go bhfuil muid uilig amach as contúirt, b ’ fhéidir, b ’ fhéidir atá mé ar rá go bhfeicfidh sibh Tír Chonaill arís. ” Ghlac sé tamall dóibh fáil a fhad leis an bheairic arís mar bhí na saighdiúirí le feiceáil achan áit. Choinnigh siad leis na cúlsráideanna nach raibh soilse iontu agus sa deireadh bhí an triúir acu ag amharc trasna na sráide ar an gheafta cúil. “ Cad é anois? ” arsa Tuathal. “ Amharcann an geafta sin chomh láidir le balla teach phobail. ” “ Ceart agat, ” arsa Sean, agus fos- ta má bhogann muid amach ar an tsráid sin scaoil- fidh siad muid. ” “ A fheara, ” arsa Feadaímó, “ níl faill againn a bheith faiteach anois. Caithfidh muid aird na saighdiúirí a dhíriú ar áit éigin eile go díreach ” “ Agus tá barúil agatsa cén dóigh le seo a dhéanamh? arsa Seán. D ’ amharc Feadaímó air agus aoibh ar a aghaidh. “ Chan seo an chéad uair domhsa rud mar seo a dhéa- namh. Tosaígí an bheirt agaibhse ag ceol agus siúlaigí siar os comhair na beairice mar a bheadh sibh ólta. ” Bhí leisce ar an bheirt sin a dhéanamh ach chonaic siad ó aghaidh Fheadaímó nach raibh an dara rogha acu. Thosaigh siad ar ‘ Mo chró beag ag bun Chnoc a Tí ’ agus amach leo ar an tsráid. Shiúil siad ar shiúl ó Fheadaímó agus a nglórtha tógtha in airde acu. Tho- saigh cuid de na saighdiúirí ag scairteadh go magúil orthu ach cha dtug an bheirt aird ar bith orthu go dtí go raibh siad píosa maith uaidh an ( ón ) gheafta. Tho- saigh siad ag scairteadh ar na saighdiúirí ansin. “ Hi you bigmouth, ” scairt Tuathal, “ I never heard an Eng- lish man who could sing, ” agus thosaigh siad ag ceol arís. Thosaigh cuid de na saighdiúirí ag ceol agus achan gháire amach astu. Go tobann rith Feadaímó trasna na sráide i ngan fhios agus bhuail sé cnag ar an gheafta. “ A Dhomhnaill ”, a dúirt sé i gcogar. “ Bea sin thusa, a Fheadaímó? ” “ Sea, an bhfuil an geafta foscailte agaibh? ” Níl, tá glas air is níl muid ábalta rud ar bith a dhéanamh leis. Fosta tá saighdiúirí ag dul thart ar na rampair ó d ’ fhág tú. ” “ Seasaigí ar cúl, ” arsa Feadaímó. Ghlac sé cúpla coiscéim chun deiridh agus rith sé in éadan an dorais. Bhuail sé é lena ghualainn, an méid a bhí ina chorp. Phléasc an geafta isteach agus thit Feadaímó ar an talamh in aice le cosa Dhomhnaill. Bhí na saighdiúirí ag scairteadh anois mar chuala siad an callán. “ Deifrígí, trasna na sráide libh ” arsa Feadaímó, “ Beidh siad sa mhullach orainn am ar bith. ” Fuair sé fhéin greim ar an Choirnéal agus tharraing sé amach ar an tsráid é. Fán am seo bhí na saighdiúirí ar an rampar díreach os a cheann agus muscaeid s ’ acu dírithe ar Fheadaímó. Chuir Feadaímó an Coirnéal idir é fhéin is an bheairic agus tharraing sé a ghunna. Cha raibh fhios ag na saighdiúirí cad é le déanamh mar bhí an Coirnéal i gcontúirt dá dtosódh siad ag scaoileadh. Sula dtáinig oifigeach chucu le treoir a thabhairt dóibh bhí Feadaímó agus a dhream ina rith síos i dtreo na ha- bhann. Bhí an Coirnéal ag tarraingt ar ais ó Fheadaímó ag iarraidh moille a chur air ach thóg Feadaímó é agus chaith sé é trasna a ghuaillí. Bhí an dream uilig ag feitheamh air thíos ag bun na sráide os comhair an droichid áit a raibh saighdiúirí ar coimeád. “ Goitsigí an bealach seo, ” arsa Feadaímó agus rith siad ar shiúl ón droichead. Phléasc gunnaí amach ar a gcúl agus scread Seán go pianmhar sular thit sé. “ Aarrch! mo chos, ” a dúirt sé, “ tá mé gortaithe. ” Thosaigh Paidí agus Éamonn ag scaoileadh agus chuir sin leisce ar na saighdiúirí. Chaith Feadaímó an Coirnéal chuig Domhnall. “ Tóg an Coirnéal leat ” agus thóg sé Seán. Rith siad leo agus na muscaeid le cloisteáil ar a gcúl. Bhí brú millteanach orthu coinneáil ag dul mar nach raibh siad cleachtaithe leis an chineál seo rásaíochta. Choinnigh siad ag dul mar bhí a fhios acu nach raibh a dhath ach an bás fána gcoinne dá mbéarfaí orthu. Chonaic Éamonn bád beag ina luí ar an fhéar le taobh na habhann agus scairt sé ar Fheadaímó. Char dhúirt Feadaímó a dhath ach rith sé i dtreo an bháid. Shíl sé fhéin anois go m ’ fhéidir go bhfaigheadh siad amach as an fhaopach go fóill. Scaoil duine dá dhream fhéin urchar ach cha raibh faill aige amharc cad é a bhí ag tarlú. Chuir sé Seán sa bhád agus tharraing sé an bád síos go dtí an uisce. Beidh tuilleadh sa chéad eagráin eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3