Guth Ghoill, Eagrán 39

Eagrán 39 Samhain 19 Ag Amharc Siar Sa bhliain 1940, nuair a bhí mise thart fá sé bli- ana d’aois, bhí mé ar Scoil Mhíobhaigh. Scoil beirt mhúinteoirí, fear agus bean a bhí ann. Seomra mór amháin a bhí ann le tine fhoscailte ar an dá bhinn agus landair infhillte (folding partition) lár báire. Bhí Aifreann an Domhnaigh againn sa scoil ar a 10 a chlog ar maidin i rith an Gheimhridh agus bhí orainn an landair infhillte seo a shleamhnú ar ais go dtí taobh an tseomra tráthnóna Dé hAoine, réidh don Domhnach. Ag an am sin, le cois siúl ‘na scoile, bhí orainn dhá fhód móna a iompair ón bhaile do thine na scoile. Bhí tábla an mhúinteora os coinne na tine agus an múinteoir ina shuí agus a thóin in aice na tine. Déarfainn b’fhéidir go raibh a thóin rósta do ó am go ham agus muidinne ar crith leis an fhuacht thíos sa seomra! Mar a deir na seandaoine, “Na trí rud is fuaire - tóin fir, glúine mná agus srón madaidh” Sin uilig ráite anois, ‘sé an rud a bhfuil mé ag tarraingt an scéil air ná go raibh muidinne inár suí sa bhaile i gCluain tSaileach tráthnóna amháin le coineascar nuair a chuala muid gur bhuamáil eitleán de na Gearmánaigh bád mór taobh amuigh de Thoraigh agus go raibh sí ar thine. Tháinig comharsa dúinn, Stephen Jack (Mac Giolla Bhríde) isteach agus d’imigh sé fhéin agus m’athair suas go dtí an Charraig Dhearg, ar thaobh Gháinne Bhig, áit a raibh an bád le feiceáil agus í ar thine agus í ag imeacht i dtreo an chladaigh i nDumhaigh. Ansin, siar ón Tor Mór, amach ón Chorrach, bhuail sí líonán (carraig faoin uisce). Dá bhfaigheadh sí thart ar an líonán sin, seans go rachadh sí isteach go Poll an Ghrianáin. Sílim gur “Kaliopi” an t -ainm a bhí ar an bhád seo a bhí ag seoladh, faoi thionlacan, as Halifax i gCeanada agus lasta mór min bhuí uirthi. Deirtear gur fhág sí an tionlacan ar an taobh thiar thuaidh d’Inis Trá Tholl agus nuair a buamáladh an bád gur fhág an criú i, naoi nduine is fiche acu, i mbád tarrthála. Bhí a gcuid cearc féin leo ar an bhád seo sa dóigh is go mbeadh uibheacha deasa úra acu. Anois bhí an bád leath sáite suas ar an líonán agus an leath eile crochta amach áit a raibh doimhneacht farraige. In am ghairid chuaigh muintir an taobh thiar i gceann oibre ag gadaíocht, rud ar bith a bhí le fáil. Bhí siad santach ach, ma bhí féin, ní raibh sé i bhfad go raibh muidinne i mbun oibre fosta. Bhí scift, bád ocht dtroigh is fiche ar fad ag m’athair mór, Donnchadh Mhíchíl. Bád seoil a bhí inti, le bradáin agus éisc eile a iascach. An cóir éisc is mó a fuair siad in oíche amháin ná 217 bradán, amach ó cheann an Mhill Mhóir, ach lena chois sin chuaigh siad ar thuras go dtí an bhád seo a bhí ar an charraig agus thóg siad lasta mór den ghrán bhuí leo. Thug siad é isteach go Poll a’ Nocsaí agus ó sin thug muid é aníos ar dhroim na n-asal. Bhí muileann ag Paidí Mór Mhicí Rua, ceann a rinne sé fhéin, agus spíon sé an oirneach buí dúinn. Bhí na cearca agus an coileach ar mire fána choinne agus is cuimhin liom na cearca a bheith ag reáchtáil trasna na sráide agus na huibheacha ag titim amach astu. Bhí an coileach gnóthach agus bhí éillíní éanáin againn ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. An gcreidfeá go raibh muid ar dhroim na muice. Is cuimhin liom fosta a bheith ag amharc amach fuinneog na scoile agus ceathrar de chriú an bháid a fheiceáil ag siúl síos go Trá na Rossan, áit a bhfuair siad bád beag le dhul amach go dtí an bhád a bhí ar an charraig. Bhí Eoghan Dhonnchadh Eoghain as an Ard Bhán amuigh ar an bhád agus sac mór líonta le cearca aige. Chuaigh an criú ar an daoraí leis nuair a chonaic siad é ag goid na gcearc. Tharraing fear acu scian mhór fhada amach as a phóca agus bhí sé réidh le é a pholladh. Bhí muintir an taobh thiar santach agus an gcreidfeá, cha raibh muidinne faiteach ach oiread. Nuair a thug muid faoi deara go raibh an coileach agus na cearca ag déanamh cúis mhaith ar an mhin bhuí, rinne muidinne brachán de. Ba é an deacracht is mó a bhí againn ná go raibh an min bhuí saillte agus bhí tart go bráth orainn i ndiaidh próg de a ithe. Bhí cuinneog bhláthaí i gcoirnéal sa chistin againn agus bhí an bláthach an-mhaith don tart. Thug mé faoi deara go raibh mo chara Peadar ina rith thart le bata leis ar feadh tamaill ansin. Bhí siad ag rá go raibh a ghlúin ag cur isteach air. (Ba ghnách le aicíd a bheith ar na cearca uair amháin, aicíd bhacach na gcearc!) Sin ráite, chonaic mé Peadar le gairid agus déarfainn go bhfuil sé chomh folláin le breac anois agus chomh aclaí le cú. Cosúil liom fhéin, déarfainn go bhfuair sé tréan bracháin min bhuí ina óige. Seo Proinsí arís agus idir muid fhéin, níl mórán céille leis ó am go h-am!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3