Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 3 Ros na Binne Ar leanstan Teach Bhrógáin. Sa teach deireanach ar thaobh na farraige i Ros na Binne ba é Hughie Connor agus a bhean Fenny na chéad tionóntaithe a raibh cónaí orthu ansin. Sular tugadh amach na tithe coiteora cuireadh coiste ar bun sna ceantair éagsúla agus bhí sé de dhualgas ar an choiste seo ainmneacha na ndaoine a raibh teach de dhíth orthu a bhreacadh síos nó cluas a thabhairt do dhaoine a bheadh ag déanamh ionadaíocht thar ceann na ndaoine seo. De réir tuairisc an choiste a cuireadh ar bun sa cheantar seo ba é ainm Edward Connor a bhí leis an teach seo i Ros na Binne ach ba é a dheartháir Hughie a chuaigh a chónaí ann. Mac le Hughie agus Ellen Connor as Dumhaigh a bhí in Hughie, iascaire a bhí pósta ar Fenny Shíle, (Fenny Ní Shiadhail) as na Dúnaibh. Bhí sé fhéin agus Fenny pósta tuairim is ocht mbliana fán am a ndeachaigh siad a chónaigh i Ros na Binne. Cúigear clainne a bhí acu fán am sin ach níor mhair beo ach triúr, a mac John a bhí os cionn trí bliana d ’ aois agus beirt iníonacha, Nellie a bhí bliain go leith agus Síle nach raibh ach trí mhí fán am seo. Dar ndóigh rugadh an mhuintir eile acu ina dhiaidh seo, Josie, Hughie, Máire agus Annie. Bhí a dheartháir John agus a bhean Síle (Síle Aindí Hiúdaí), Síle Nic Giolla Chearra, deirfiúr le Cití Francie ar labhair muid fúithi san eagrán deireanach beo leo sa teachseo fosta. Bhí triúr páiste acu fosta comh maith le máthair Shíle, sin Nancy Nic Giolla Chearra. Bhí an duine is sine de na páistí, sin Máire, trí bliana, Aindrias bliain go leith agus cha raibh an duine ab óige ag an am, sin Annie, ach mí d ’ aois. Ach níor fhan Hughie Connor sa teach seo agus níl eolas ar bith faoi cá huair a d ’ fhág sé ach is cinnte gur aistrigh sé ag am éigin go dtí teach eile i Ros na Binne, ba seo teach a bhí sa tsraith tithe a bhí os cionn an bhealaigh, an dara teach deireanach ar do bhealach amach in aice le teach Pheadar Uí Shibhleáin. Beidh muid ag caint faoin teach seo arís in eagrán eile de Ghuth Ghoill. James Agus Máire Bhrógáin. Nuair a d ’ fhág Hughie Connor an chéad teach a raibh sé ann i Ros na Binne ba James a ’ Bhrógáin agus a bhean Máire a bhog isteach ina ndiaidh. Rugadh James a ’ Bhrógáin ar an Mheall Mhór ar an 16 Meán Fómhair 1898, mac le Micheál Ó Brógáin agus a bhean Máire. Bhí teaghlach mhór acu ann, Pádraig, Madgie, Cití, James, Máire, Annabella, Hughie, Micheál, Antoin agus Johnny. Bhí James pósta ar Mháire Níc Giolla Bhríde (Máire Ghráinne) a rugadh ar an Raplach ar an 14 Mí na Nollag 1899, iníon le Stephen (Ghráinne) agus Máire Nic Giolla Bhríde. Pósadh James agus Máire i dTeach Pobail Eoin Baiste i gCarraig Airt ar an 24 Aibreán 1924. Iascaire a bhí in James agus chaith sé neart blianta ag iascaireacht ar an ‘ Carrigart ’ agus fosta chaith sé neart séasúr ag iascaireacht bradán ar bhádaí Hughie Óg - an ‘ Pious and Jude ’ agus an ‘ St. Columba ’. Gasúr ar bith a chaith seal ag ‘ caddyáil ’ fá Óstlann Ros na Binne blianta ó shin bheadh aithne mhaith acu ar an Teach Níocháin (Laundry) a bhí acu mar go raibh tap an uisce ar chúl an Tí Níocháin agus nach minic agus muid thuas ansin le deoch uisce a fháil, lá te Samhraidh, a chuirfeadh muid ár gcloigeann isteach ar dhoras an tí seo agus bhí beirt istigh anseo ag obair na blianta sin a bhfuil cuimhne mhaith agam fhéin orthu go fóill, Ó chlé tá: James a ’ Bhrógáin, Dinis Ó Gallachóir, Dan Ó Luadhóg, Anton Rua Mac Eiteagáin agus Johnny Ó Cuilinn ar an “ Carrigart ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3