Guth Ghoill, Eagrán 39

Eagrán 39 Samhain 4 ba sin beirt as na tithe coiteara, Sarah Mhór agus Máire Bhrógáin. D ’ oibrigh Máire ansin ón bhliain 1937 go dtí na seachtóidí. Sé bliana déag agus trí scór a bhí James nuair a fuair sé bás ar an ochtú lá fichead de Mheán Fómhair 1974. Thug Máire saol fada folláin léithe agus bhí sí ceithre bliana déag agus na ceithre scór nuair a d ’ fhág sí slán ag an saol seo ar an cheathrú lá fichead de mhí Iúil 1993. Rugadh cúigear clainne dóibh ach tá triúr acu anois ar shlí na fírinne. Rugadh Máire sa bhliain 1925 ach ar an drochuair fuair sí bás agus gan í ach ina tachrán sa bhliain 1932. Rugadh Johnny an t - aon mhac a bhí acu sa bhl- iain 1926 agus fuair sé bás sa bhliain 1998. Fuair Madge, a rugadh i mí Meithimh 1929 bás i mí na Samhna 2000. Ach tá Sarah, a rugadh mí na Sam- hna 1931 agus Mary Agnes, a rugadh Meán Fómhair 1934 i mbarr a sláinte i gcónaí. Fuair an chlann uilig a gcuid oi- deachais i scoil Cheann na Leargaí ach nuair a dru- ideadh an scoil seo sa bhliain 1944 chaith Sarah agus Mary Agnes a gcuid blianta deireanacha scolaíochta i nDoire a ’ Chasáin. Nuair a d ’ fhág siad an scoil bhíodh siad ag obair thall agus abhus sa cheantar. Chaith Madge tréimhse ama ag obair i siopa Ghriffin i gCarraig Airt, bhí Sarah ag obair tigh Ghriffin fosta agus ansin ba ghnách léi obair tí a dhéanamh do theaghlach Mhac Nuadhat sna Dúnaibh. Chaith Mary Agnes tréimhse ag fog- hlaim a ceirde mar mhaintín (dressmaker) i gCar- raig Airt. Ansin d ’ oibrigh sí tamall in Óstlann Ros na Binne. Ach ba seo tréimhse a raibh beagán fostaíochta fán cheantar seo ná fá cheantar ar bith eile agus ní raibh de rogha ag daoine sna blianta sin ach aghaidh a thabhairt ar an choigríoch agus ar an drochuair don tír seo cailleadh cúpla glún da- oine. D ’ imigh clan Uí Bhrógáin thar lear sna daichidí agus sna caogaidí. Chaith siad tréimhsí i nGlaschú, i mBirmingham agus i Londain go dtí sa deireadh gur lonnaigh Johnny i Leeds agus na gir- seachaí i Luton. Bhí Johnny pósta i Leeds ar bhean as Ros Comáin, Winnie Comer, agus bhí beirt ghirseach acu; bhí Madge pósta ar Tony McGrath as Paiteagó agus beirt chlainne a bhí acu, gasúr agus girseach; phós Sarah Joe McGrath as Paiteagó sa bhliain 1960, tá siad beo i gcónaí i Luton agus ceathrar clainne acu, triúr girseach agus gasúr amháin; agus phós Máire Agnes fear as Baile Shamhnais (Ballyhaunis), tá siad beo i Luton go Ó chlé tá Sarah Duffy, Peigí Mhic Íomhair, Máire Uí Bhrógain agus Maire Ní Dhochartaigh taobh amuigh den teach níocháin. Maire agus James Lá a bpósta, 1924 Ó chlé tá Madge, Mary Agnes agus Sarah taobh amuigh den teach i Ros na Binne sna caogaidí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3