Guth Ghoill, Eagrán 39

Eagrán 39 Samhain 5 fóill agus cúigear clainne acu, beirt ghirseach agus triúr gasúr. Ba ghnách lena máthair Máire Ghráinne cuairt a thabhairt orthu thall le linn míonna an Gheimhridh. Bhí dúil mhór aici a bheith ábalta am a chaitheamh lena clann agus lena garpháistí ach bhíodh lúcháir uirthi fosta a bheith ag teacht ‘ na bhaile chuig a cairde agus a comharsana i Ros na Binne. Bhíodh na comharsana i Ros na Binne, mar a bhíodh in áiteacha eile san am sin, amach is isteach ag a chéile achan lá agus cé nach raibh teilifís ar bith ag Máire choinnigh teilifís na gcomharsan í ar an eolas i gcónaí faoi cad é a bhí ag tarlú sna sobaldhrámaí (soaps), a leithéidí Crossroads agus Coronation St. Ba ghnách lena clann agus a dteaghlaigh a theacht ‘ na bhaile achan Samhradh go Ros na Binne. Cé go mbíodh an teach beag coiteora breá pacáilte i rith an tSamhraidh ní chuireadh sin isteach ná amach ar dhuine ar bith acu, bhí an oiread sin sonais agus draíochta ag baint le bheith sa bhaile agus bhí neart páistí fá Ros na Binne le dhul ag sú- gradh lena gcuid páistí. Tá an teach in úsáid go fóill ag an chlann agus na garpháistí mar theach saoire agus tagann siad abhaile go rialta. Bhí cuibhreann uachta- rach isteach leis na tithe ar thaobh na farraige i Ros na Binne, áit ar ghnách prátaí agus glasraí a chur. Dhíol Máire Bhrógáin an cuibhreann seo sna seachtóidí ach tháinig an cuibhreann ar an mhar- gadh arís sa bhliain 2005 agus cheannaigh gariníon Mháire, sin Anne agus a fear céile Seán, an cuibhreann ar ais agus tá teach breá dá gcuid fhéin tógtha acu air anois. Is deas an rud é go bhfuil Teach Bhrógáin go fóill i seilbh an teaghlaigh agus go bhfuil teach úr tógtha ag glún eile de chlann Uí Bhrógáin in aice an tseantí. Johnny agus a bhean chéile, Winnie Lá a bpósta, 1950. Sarah, Máire agus Madge sna caogaidí. Sarah agus Madge taobh amuigh den teach sna nóchai- dí. Máire Bhrógain sna nochaidí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3