Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 6 Teach Stephen. Ba theaghlach Aindí Mhic Pháidín (Andrew Mac Fadden) as Doire a ’ Chasáin an chéad teaghlach a bhí sa teach seo, an chéad teach os cionn an bheal- aigh, sin an teach atá buailte le cúrsa gailf Ros an Binne. Seachtar acu a bhí sa teach, Aindrias a bhí deich mbliana agus fiche, a bhean Margery agus beirt pháiste, gasúr a raibh Chéarlaí air (2 bhliain d ’ aois) agus girseach a raibh Máire uirthi (faoi bhliain d ’ aois). Bhí a mháthair Cití a bhí ina baintreach, a dheirfiúr Unity agus deartháir leis a raibh Paidí air ina gcónaí sa teach leis fosta. Tá iascaire luaite leis fhéin agus lena dheartháir mar shlí beatha. De réir daonáireamh na bliana 1901 bhí cónaí orthu i nDoire a ’ Chasáin ach ní raibh duine ar bith luaite sa daonáireamh sin ach a mháthair agus a dheirfiúr. De thairbhe go raibh tionscal na hiascaireachta i mbarr a réime sa cheantar ag an am d ’ fhéadfadh sé bheith go raibh cuid mhaith de na fir amuigh ag iascaireacht nuair a líonadh isteach foirmeacha an daonáirimh. Nuair a d ’ fhág Aindrias Mac Pháidín an teach seo tháinig Stephen Ó Sibhleáin (Stephen a ’ Pharthálainn) a chónaí ansin ina dhiaidh. Ba as an Ghlíob Stephen agus bhí a dteach agus seanteach Phat faoin díon amháin. Ochtar clainne a bhí ag a thuismitheoirí Paidí agus Agnes: Micí (1877), Stephen (1885), Sophie (1887), Johnny (1889), Gracie (1891), Biddí (1893), Agnes (1894), Páidí (1900). Phós Stephen Máire Ní Dhochartaigh as Ailt a ’ Chaorthainn. Bhí máthair Mháire, sin Máire Mhicí, pósta ar Phat Doherty as Cockhill i mBun Crancha. Bhí siad ina gcónaí in Albain agus beirt pháiste acu Máire agus Micí. Bhí sinseanathair Martin McGuinness agus an Pat Doherty seo ina dheartháireacha. Maraíodh é le linn dó a bheith ag obair ar an bhóthar iarainn agus bhí Máire fágtha le beirt pháiste óga, Máire agus Micí. Tháinig Máire ‘ na bhaile go hAilt a ’ Chaorthainn lena cuid paistí agus nuair a tógadh na tithe coiteora i Ros na Binne chuir sí isteach ar cheann acu agus d ’ éirigh léi ceann acu a fháil. Bhí cónaí uirthi os cionn an bhealaigh ag an cheann eile den bhaile ó Theach Stephen. Mar a dúirt mé phós Stephen Ó Sibhleáin iníon Mháire, sin Máire óg, agus chuaigh siad a chónaí sa teach i ndiaidh do Aindrias Mac Pháidín imeacht as. Chaith Stephen blianta ag iascaireacht, seo le linn tréimhse ama a raibh iascaireacht mhór ar siúl sna Dúnaibh agus a raibh achan teaghlach ag saothrú punt as, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Nuair a tháinig meath ar an iascaireacht chuaigh sé ag obair mar ‘ caddymaster ’ in óstlann Ros na Binne. Ghlac sé áit Jacob Mac Giolla Choinnigh as Míobhaigh Íochtarach a bhí sa phost sin roimhe. Chaith sé os cionn fiche bliain ag obair anseo. Bhí Stephen ag tarraingt ar na ceithre scór nuair a fuair sé bás sa bhliain 1963. Fuair a bhean Máire bás agus gan í ach tuairim is na trí fichid. Fear a bhí i Stephen a raibh dúil mhór aige sa ghreann agus sa chleas- aíocht. Is cuimhin liom go maith laetha Samhraidh ag an ‘ chaddy - house ’ agus le linn do rudaí a bheith iontach suaimhneach agus gan mórán a dhéanamh deireadh sé linn - ‘ ar shiúl amach síos an lea libh anois, beidh shower ladies anall anseo as Baile ‘ n Fhuaruisce ar ball beag ’. Thóg sé fhéin agus a bhean Máire teaghlach mór sa chottage. Bhí Paidí, Micí, Stephen, Johnny, Jo- sie, Peadar, Máire agus Agnes agus gasúr beag a fuair bás óg. Tá siad uilig anois ar shlí na fírinne ach amháin Peadar agus Agnes. Thug pliúraisí bás Stephen nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche. Ba chócaire a bhí ann agus ar an drochuair dó nuair a bhuail an pliúraisí é cha raibh siad ábal- ta déanamh amach cad é a bhí air go dtí go raibh sé rómhall. Ba chócaire a bhí in Paidí fosta. D ’ oibrigh sé in Óstlann Ros na Binne agus fosta thuas i Ramhros Stephen Ó Sibhleáin le Jacob Mac Giolla Choinnigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3