Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 7 ag an Tiarna agus an Bhantiarna Liatroma. D ’ imigh sé ansin agus chaith sé cuid mhaith dá chuid ama i Londain áit a raibh sé pósta ar Mharyanne Ní Luodhóg (Shéamais) as Dún Dubháin ach chaith sé a chuid blianta deireanacha fá bhaile i ndiaidh do Mharyanne bás a fháil thall. Cha raibh clann ar bith acu agus fuair Paidí bás mí Meán Fómhair 1995. Ba ghailféir den scoth a bhí in Johnny agus chaith sé roinnt blianta ag obair ar an chúrsa gailf i gCarraig Airt. Thug sé aghaidh ar Ghlaschú ansin agus as sin go Londain áit ar phós sé agus ar thóg sé clann agus ba ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol. Bhuail ailse Johnny agus shocraigh sé go dtabharfadh sé ruaig ‘ na bhaile, thuig sé gur a thuras deireanach ‘ na bhaile a bheadh ann. Tháinig sé fhéin agus a bhean ‘ na bhaile tí Stephen agus nach iontach an rud é, ach le linn dó a bheith sa bhaile fuair sé bás. Cha raibh sé ach na trí bliana agus trí scór. D ’ imigh Josie go dtí an Astráil áit a raibh sé pósta agus clann aige. Ní bhfuair sé deis a theacht na bhaile arís ach roinnt blianta ó shin tháinig cuid dá chlann anall le bualadh lena gcuid daoine muinteartha uilig. Bhí an chuid eile den chlann pósta fán cheantar. Phós Micí Maryanne Nic Giolla Chomhaill (Maryanne Coyle) agus thóg siad a gclann in Ailt a ’ Chaorthainn. Phós Máire Charlie Bán Mac Laifeartaigh as Dumhaigh agus thóg siad a gclann i dteach Stephen. Cha raibh Agnes pósta agus d ’ fhan sí sa teach le Máire agus le Charlie. Tógadh Peter i dteach na máthar móire áit a bhfuil cónaí air go fóill. Phós sé Máire Ní Laighneach as Umlach agus thóg siad a gclann sa teach coiteora inár tógadh é. Beidh an teach seo ar an teach coiteora deireanach i Ros na Binne a mbeifear ag cur síos air i nGuth Ghoill. Ochtar clainne a bhí ag Máire agus Charlie Bán: Hughie, Stephen, Máire (a fuair bás), Ann, Aifric, Máire, Bríd agus Paidí Bán. Sé bliana go leith d ’ aois a bhí Máire nuair a fuair sí bás. Bhí sí ag éagaoin ar feadh tréimhse le leoicéime (leukaemia) sula bhfuair sí bás ar an dara lá fichead de Lúnasa 1958. Bhí a deartháir Hughie, a bhí deich mbliana Josie agus Johnny Paidí Stephen Maryanne (bean Phaidí) Maryanne agus Micí Agnes agus Máire
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3