Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 8 ag an am, amuigh ag caddyáil agus ag dul thart leis an teach dó chuaigh sé ‘ un tí le deoch uisce a fháil agus ar dhul isteach na cistinne dó h ’ insíodh dó go raibh a dheirfiúr ag fáil bháis. Fuair tachrán eile leo, Aeneas, nach raibh ach cúpla mí bás roimhe sin. Is mór an buille atá ann do thuismitheoirí ar bith duine dá gclann a fheiceáil ag fáil bháis agus is cinnte gur chuir sé isteach go mór ar Mháire agus ar Shéarlaí go ceann fada go leor. Tá an chuid eile den chlann uilig pósta, cuid acu ina gcónaí fán cheantar agus an chuid eile acu fá Leitir Ceanainn. Fuair Chéarlaí Bán bás i mí Aibreán na bliana 1998 agus é ocht mbliana le cois na ceithre scór, agus a bhean Máire an bhliain déag ‘ na dhiaidh sin, Deireadh Fómhair 2009 agus í an bhliain déag le cois na ceithre scór. Bean lách charthanach a bhí i Máire nár fhág a dhath de chuid tréithe a hathar ina diaidh mar go raibh sí lán grinn agus tugtha don gháire. Rinne Chéarlaí neart iascaireachta ina am, idir scadáin agus bradáin ach ar feadh tréimhse fada ina shaol cha raibh iascaireacht ar bith fán cheantar ach iascaireacht na mbradán. Fear stuama agus suaimhneach a bhí in Chéarlaí agus bhí amanna ann nach mbeadh mórán comhrá ann, ach bhí taobh eile ann fosta, go háirithe nuair a bhíodh sé ag iascaireacht thiocfadh leis a bheith glórach, colgach agus cantalach go leor. Ach nuair a bheadh cúpla ‘ ceann te ’ istigh aige leáfadh na tréithe diúltacha seo agus gheofá an chuid ab fhearr de chomhrá as. Agus nuair a bheadh sé sú- gach bhí sé de nós aige cuid mhór láimhseáil a dhéanamh lena bhairéad ar bharr a chloigne, a thógáil de agus a chur air arís, nuair a bhíodh sé i mbun scéil. Tá Agnes beo sa teach i gcónaí agus clann Mháire ag tabhairt aire mhaith di. Tá teach úr tógtha ag Ann sa chuibhreann uachtarach agus teach tógtha ag Paidí Bán sa chuibhreann íochta- rach. Tá glúin eile de mhuintir Stephen ag fás aníos thart fá Theach Stephen. Charlie agus Máire a fuair bás. Hughie, Stephen, Maire a fuair bás, Ann agus Aifric Is beag an deor fola nach teo í ná an t-uisce
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3