Guth Ghoill, Eagrán 39
Eagrán 39 Samhain 9 Don eagrán seo rinne mé scrúdú ar dhaonáireamh na bliana 1901 le fáil amach cad é mar bhí cúrsaí liteartha ( léamh agus scríobh ) sa cheantar seo ag tús an chéad dheireannaí, an líon daoine a bhí liteartha agus an líon a bhí ne- amhliteartha. Mar a bheifeá ag súil leis bhí céadatán ard den daonra nach raibh léamh ná scríobh acu agus is cinnte gur mhór an mhíbhuntáiste seo dóibh. Is fiú amharc ar an deis a bhí ag daoine ag an am sin scolaíocht a fháil agus na cineálacha scoltacha a bhí fán cheantar. Scoil Chois Claí. (Scoil Scairte nó Hedge School). Roimh am na scoltacha náisiúnta bhí scoltacha scairte nó ‘ hedge - schools ’ mar a ghlaoití orthu thall is abhus ar fud na gceantracha éagsúla. D ’ fhás siad seo suas in am na bPéin Dlíthe nuair nach raibh sé ceadaithe ag Caitlicigh oideachas a chur ar a gcuid páistí ach tháinig deireadh leis na dlíthe seo 1782 ach is cinnte gur mhair na scoltacha mar nach raibh córas ceart oideachais ann do na bochtáin. Cé gur glaodh ‘ hedge school ’ orthu ní raibh siad i gcónaí cois claí ná amuigh faoin aer, ba mhinicí na scoltacha seo i seantithe, i sciobóil nó i mbotháin. Go minic is fear as an cheantar a mbeadh foghlaim aige a bheadh i mbun na scoile agus bhí an caighdeán foghlama ag brath ar cad é comh léannta agus a bhíodh an fear fhéin. Bhí amanna eile agus ba fhear ón taobh amuigh, múinteoir taistil, a chuirfeadh an scoil ar bun agus d ’ fhéadfadh sé tarlú nach mairfeadh an scoil ach cúpla mí. Ar aon nós cha raibh córas oideachais ar bith eile ann go ceann fada go leor agus d ’ éirigh le méid áirithe daoine leas de chineál inteacht a bhaint as na scoltacha scairte. Bhí scoltacha scairte ann, dár ndóigh, a bhí an - cháiliúil, inár fhoghlaim daoine, ní amháin léamh, scríobh agus uimhríocht ach fosta Laidin agus Gréigis. Bhí a mhacasamhail de scoil sa dráma cáiliúil a scríobh Brian Friel – ‘ Translations ’. Ach i bhfurmhór na scoltacha scairte is léamh agus scríobh ba mhó a bhí a theagasc agus go minic cha raibh seo déanta ar dhóigheanna oilte a mbainfí tairbhe astu. Is féidir a shamhlú cad é comh deacair agus a bheadh sé seo a dhéanamh i dtimpeallacht lom fu- ar gan áiseanna de chineál ar bith agus gan freastal rialta a bheith a dhéanamh ag na páistí. Scoltacha Colonel Robertson. Mac le ministir as Baile Dhún na nGall ab ea Colonel Roberston. Ina thiomna sa bhliain 1792 d ’ fhág sé suim airgid, as a n - úsáidfí an t - ús (interest), le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí scoile oideachas a chur ar fáil do pháistí as gach creideamh i nDeoise Ráth Bhoth. D ’ fhág sé £9300 ina thiomna ag Deoise Ráth Bhoth, ba sin £300 d ’ achan cheann de na 31 paróiste sa Deoise agus ag ráta úis 5% fuair achan pharóiste £15 sa bhliain le bheith caite ar mhúinteoir le hoideachas a chur ar fáil do pháistí an pharóiste. Ba mhór an cuidiú a bhí anseo do Dheoise Ráth Bhoth ag an am agus is cinnte gur bhain páistí as achan chreideamh tairbhe as. Dúirt sé ina thiomna fosta gurb í an Eaglais Phrotastúnach a dhéanfadh an t - airgead seo a ri- aradh sna paróistí éagsúla ach go gcaithfeadh páistí as achan chreideamh deis a fháil ar oi- deachas ón chiste seo agus go mbfhéidir go gcuideodh sé le páistí ó chreidimh eile an solas a fheiceáil lá éigin agus iad a threorú isteach san Eaglais Phrotastúnach. Scoltacha sa cheantar seo. Ceann de na chéad tagairtí de scoltacha sa cheantar seo ná 1826 agus an t - aon dá scoil atá luaite sa cheantar seo ná Doire a ’ Chasáin agus Ceann na Leargaí . Ba scoil faoin Eaglais Phrotústúnach a bhí i Scoil Cheann na Leargaí a bhí maoinithe ag Ciste Robertson ach de réir na dtuairiscí faoi Scoil Dhoire a ’ Chasáin ba scoil scairte a bhí inti, bhí cibé sórt foirgnimh a bhí in úsáid róbheag agus cha raibh de theacht isteach don mháistir scoile ach 1/8 go 2/6 sa ráithe agus Cúrsaí Liteartha (Léamh agus Scriobh) sa Cheantar 1901. Scoil Dhoire a ’ Chasáin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3