Guth Ghoill, Eagrán 40
Eagrán 40 Nollaig 2011 12 Oíche Scéaldrámaíochta sna Dúnaibh Bhain an lucht féachana sult go bráth as an oíche mhór a bhí againn nuair a tháinig aisteoirí agus ceoltóirí ó Luimneach, ó Chonamara, ó Charn Tóchair agus ó Bhéal Feirste le chéile i gcuideachta le hAisteoirí Mhíobhaigh agus ceoltóirí na háite in Óstán na Trá sna Dúnaibh ar 26 Samhain. Sa phictiúr thuas tá na foirne drámaíochta uilig a ghlac páirt san fhéile. Ba mhaith le Céim Aniar buíochas a ghabháil le Seán Ó Morónaigh agus leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus le hÚdarás na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta don fheile seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3