Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 13 Feadaímó Tá Feadaímó i ndiaidh bád a chur san abhainn i gcathair Dhoire. Tá Seán gortaithe, chuir duine de na saighdiúirí piléir ina chos, agus tá sé ina luí sa bhád. Tá saighdiúirí a gcuardach agus chuala Feadaímó iad ag scairteadh lena chéile ach tá an oíche dhomhain ann agus níl soilse ar bith thíos ag an abhainn. Chuala Feadaímó trup capall agus tháinig scuad dragún thart an coirnéal. Choinnigh Feadaímó greim ar an bhád agus luigh na boic eile san fhéar fhada agus labhair Éamonn i gcogar leo. “ Má thag- ann siad an bealach seo ar na capaill sin, a fheara, ní bheidh faill againn uilig dul ar an bhád. Cha bhíonn a dhath fána choinne ach léimint san abhainn. ” “ Níl snámh ar bith agamsa, ” arsa Páidí. “ Fuistigí, ” arsa Feadaímó, Stad an scuad ar an tsráid thart fá fiche slat ón áit ina raibh siad ina luí. Chuala siad an ceannaire ag labhairt le duine de na saighdiúirí. “ Which way did they go sergeant? ” “ Beggin yer pardon Captain sir, but we ’ re not quite sure, ” arsa an sáirsint. “ We chased them down this road but they seem to have gone to ground somewhere. ” “ Spread out and search down by the river, we ’ ve got to catch them. ” “ Yes sir, ” arsa an sáirsint, “ but it aint gona be easy. The night ’ s as black as a hang- man ’ s heart. ” “ No excuses sergeant, ” arsa an Captaen, “ they ’ ve got a Colonel as hostage for heavens sake. Now go to it. ” “ Right away sir, ” arsa an sáirsint, agus scairt sé amach i nglór ard láidir. “ Spread out boys, search the river banks, every damn inch of them. ” Rinne an Captaen dhá leath den scuad dragún agus d ’ imigh siad le rása, dream amháin ó thuaidh agus an dream eile ó dheas ag leanstan na habhann. “ A Phaidí, ” arsa Feadaímó, “ coinnigh greim ar an bhád bomaite. Isteach leis an chuid eile agaibh go tapaigh. ” Shuigh sé fhéin i lár báire agus bheir sé ar na rámhaí. Léim Éamonn isteach agus stróic sé píosa dá léine le ceangal thart ar ghoin Sheáin. Shuigh Domhnall agus Tuathal isteach chun tosaigh. “ Cá bhfuil an Coirnéal? ” arsa Feadaímó le Domhnall. “ Níl sé ag teacht, ” arsa Domhnall, agus é ag amharc ar a ghunna. “ Cha raibh dóigh ar bith a dtiocfadh linn é a thabhairt linn sa bhád seo, a Fheadaímó, agus is cinnte nach raibh mé chun é a fhágáil beo i mo dhiaidh. ” Cha raibh a fhios ag Feadaímó cad é le rá. Char chuir bás an Choirnéil isteach air ach chuir sé iontas air go scaoilfeadh Domhnall príosúnach. Chonaic duine de na saighdiúirí iad agus thosaigh sé ag scairteadh. Bhrúigh Páidí an bád ar shiúl ón bhruach agus léim sé isteach. Tharraing Feadaímó ar na rámhaí agus d ’ imigh siad leis an tsruth. Bhí an lán mara ag teacht isteach agus chuidigh sin leo ach bhí lód mór sa bhád agus bhí sé doiligh ar Fheadaímó í a iomramh. Tháinig tuilleadh de na saighdiúirí a fhad leis an bhruach ach bhí an bád amach as radharc sa dorchadas fán am sin agus Feadaímó a treorú i dtreo an bhruaigh iartharaigh. Cha raibh siad deich mbomaite san abhainn nuair thug Seán fá deara go raibh uisce ag teacht isteach sa bhád. “ Tóg mé amach as an uisce seo a fheara, ” a dúirt sé. ‘ tá an bád seo lofa. ” Thóg Éamonn é, chomh cúramach is a bhí se ábalta, agus chuir sé é ar an suíochán. “ Chan iontas ar bith go raibh an bád seo caite ansin, ” arsa Paidí. “ Bhí an t - ádh orainn go raibh se ansin, ” arsa Éamonn, “ ab é go raibh, bheadhas muid uilig arís sa bheairic fán am seo. ” Mhothaigh Feadaímó an t - uisce ar a chuid loirgneacha ach choinnigh sé leis ag iomramh. “ Sílim a fheara, ” a dúirt sé, “ go mbeadh sé níos fearr dá stadfadh sibh den chaint agus rud éigean a dhéanamh fán uisce. ” “ Níl a dhath againn le hé a chaitheamh amach, ” arsa Páidí. “ Nach bhfuil buataisí oraibh? ” arsa Feadaímó go searbh, “ agus déanaigí deifre nó rachaidh sí síos sula mbíonn muid leath bealaigh trasna. ” “ Tá shúil agam nach dtarlaíonn sin, ” arsa Tuathal. “ Chuala mé go raibh eascanna san abhainn seo atá chomh mór le capaill. ” “ Druid do bhéal, a Thuathail, ” arsa Éamonn agus é ag amharc ar an uisce. D ’ amharc Feadaímó thart ar Dhomhnall. “ Tá tusa creathnach ciúin, a Dhomhnaill, nach síleann tú gur chóir duit cuidiú linn? “ Tá mé bu- artha, ” arsa Domhnall, “ ach bhí rud éigin ar m ’ intinn. ” Bhain sé de ceann dá chuid buataisí agus thosaigh sé ag caitheamh amach uisce. Bhí barúil mhaith ag Feadaímó fá cad é a bhí ar intinn Dhomhnaill ach char dúirt sé a dhath mar bhí go leor le déanamh acu uilig leis an abhann a thrasnú. “ Fuist! ” arsa Páidí, “ Fuistigí! A Fheadaímó, stad. ” Thóg Feadaímó na rámhaí agus shuigh siad go suaimhneach ag éisteacht. Chuala siad glórtha ar an uisce. “ Tá bád amuigh acu, ” arsa Domhnall i gcogar, “ má thagann siad orainn amuigh anseo sa bhád seo, ní bheidh éalú ar bith ann. ” D ’ amharc Feadaímó go géar isteach sa dorchadas agus de réir a chéile bhí sé ábalta seol báid a dhéanamh amach ar an taobh ó thuaidh dofa. “ Ta bád seoil acu agus beidh sé deich n - uaire níos tapúla ná an rud seo, ” a dúirt sé. “ Ná bogaigí, agus ná labhraígí, ” arsa Éamonn. “ Cha dtig linn fanacht anseo mórán eile, ” arsa Feadaímó, beidh an lá ag bánú am ar bith agus tchífidh achan saighdiúir i gcathair Dhoire muid. ” “ Tá an ceart agat ansin, ” arsa Domhnall agus é ag amharc soir. “ Beidh an ghrian ag gobadh aníos am ar bith. ” Bhí stríoc gheal le feiceáil sa spéir agus de réir a chéile bhí siad ábalta aghaidheanna na bhfear i mbád s ’ acu fhéin a dhéanamh amach. “ Beidh na saighdiúirí ag feitheamh orainn ar an taobh eile muna ndéanann muid deifir, ” arsa Páidí. “ Má bhogann muid gheobhaidh an bád seoil muid, ” arsa Seán agus pian ina ghlór, “ agus muna bhfaighimse an piléir seo amach as mo chos gan mhoill ní bheidh me ag dul áit ar bith. ” “ Tubaiste ar bhuin tubaiste, sin saol s ’ againne ó d ’ fhág muid Leitir Ceanainn leis an táin, ” arsa Éamonn, “ agus de réir cosúlachta níl athrú ar bith ag teacht ar an mhí - ádh. Tá níos mó airgid i mo phóca agam ná mar a bhí agam ariamh ach cad é ’ n mhaith anois é. ” Sheas Feadaímó sa bhád agus lig sé scread as. “ Help, hoí, help. “ Scrios Dé ort a Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ cad é faoi Dhia atá tú ag déanamh? ” Chuala siad fir ag scairteadh sa bhád eile. “ This way, ” scairt Feadaímó, “ hurry up, we ’ re sinking. ” Shuigh na boic eile ansin ag amharc air agus iontas an domhain orthu uilig. Gan mhoill bhí siad ábalta seol an bháid eile a dhéanamh amach agus é ag tarraingt orthu. “ Bhail, maith thú, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ char shíl mé ariamh go dtabharfá isteach gan troid de shórt ar bith a dhéanamh. An dear tú dearmad go bhfuil an Coirnéal marbh? Beidh an t - ádh orainn má chuireann siad muid os comhair breithimh sula gcrochann siad muid. ” Bhí an bád seoil níos cóngaraí dofa anois agus chonaic siad saighdiúirí agus gunnaí in a lámha acu. Shuigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3