Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 14 Feadaímó agus chuir sé a dhá lámh in airde. “ A fheara, ” a dúirt sé i gcogar, “ cuirigí suas bhur lámha agus lig domhsa an chaint a dhéanamh. Ní bheidh ach deis amháin againn anseo le fáil amach as an fhaopach ina bhfuil muid. Má éiríonn leo muid a thabhairt i dtír beidh ár bport seinnte. ” “ Cad chuige ar ghlaoigh tú orthu? ” arsa Páidí. “ Cá raibh muid ag dul leis an bhád seo? arsa Feadaímó go feargach. “ Leathuair eile is bheadh sí ar an ghrinneall. Anois, fan go bhfuil muid uilig ar an bhád eile agus nuair a scairtimse ‘ Tír Chonaill ’ ná taispeánaigí trócaire ar bith dofa. Caithfear iad uilig a chur chun báis. Tá muid uilig ciontach i mbás an Choirnéil agus cha dtig leo muid a chrochadh ach uair amháin. ” “ Bhí a fhios agam, ” arsa Éamonn, “ bhí a fhios agam nach ligfeá síos muid. ” Lig siad don seol titim sa bhád eile agus tharraing sí isteach lena dtaobh agus chaith duine de na saighdiúirí rópa chucu. Bhí an t - uisce suas comh hard le glúine Fheadaímó is an chuid eile acu fán am seo agus thosaigh na saighdiúirí ag gáire. “ Bunch of stupid Paddies, try to get away in a boat full of holes. ” Sheas sáirsint ag amharc isteach sa bhád orthu. “ Ok, nice an easy now, hand the guns over, butts first. ” Tugadh na gunnaí dofa agus labhair an sáirsint arís. “ Where ’ s the Colonel then? ” “ There wasn ’ t any room for him, ” arsa Domhnall and we left him on shore. ” “ You didn ’ t hurt our good Colonel, now did you? ” arsa an sáirsint, “ I ’ ll be a might pissed off if that be the case. ” “ He ’ s fine, ” arsa Domhnall, now if you don ’ t mind, we ’ re sinking. ” Thosaigh na saighdiúirí ag gáire arís agus dúirt an sáirsint go feargach. “ This aint no laughing matter, get them on board so we can go and see what the good Colonel has to say. ” Shuigh Feadaímó is na boic eile ar dheic an bháid seoil agus a lámha in airde acu i rith an ama. Bhí an lá geal ann nuair a d ’ ardaigh siad an seol agus rinne Feadaímó cuntas ar na Sasanaigh. Bhí sáirsint agus ceathrar saighdiúir ann chomh maith le cúig mhairnéalach, ach cha raibh na mairnéalaigh ag tabhairt aird ar bith orthu agus iad ag oibriú an bháid isteach chun na cé. Bhí saighdiúirí le feiceáil ar an bhruach ag amharc amach orthu agus iad ag scairteadh rud éigin leis an sáirsint, ach bhí siad rófhada ar shiúl le ciall a dhéanamh den mhéid a bhí siad ag rá “ Beidh corp an Choirnéil acu fán am seo ” arsa Feadaímó go híseal, “ agus chan fáilte a bheas romhainn ar an ché. ” Sheas an sáirsint agus a chúl le Feadaímó agus é ag amharc isteach ar an chathair. “ The lads on shore don ’ t look too happy ” arsa duine de na saighdiúirí. Go tobann bheir Feadaímó ar dhá chos an tsáirsint agus chaith sé é amach as an bhád. Léim sé ina sheasamh agus lig se scread as. “ Tír Chonaill, ” agus bhuail sé saighdiúir faoin smig a d ’ fhág ina chnapán é. Léim Domhnall agus na boic eile ina seasamh fosta agus thosaigh an racán. Thóg Seán ceann de na gunnaí a thit lena thaobh agus scaoil sé duine de na mairnéalaigh a raibh scian ina lámh aige. Chaith Domhnall agus Tuathal saighdiúir eile amach as an bhád agus fuair siad greim ar dhuine eile acu a bhí ag déanamh iarracht a ghunna a dhíriú ar Fheadaímó. Thóg Feadaímó corparáil in airde lena dhá lámh agus chaith sé é thar an taobh. Cha raibh na saighdiúirí ar dhóigh ar bith ullmhaithe don ionsaí seo agus taobh istigh de bhomaite amháin bhí sé uilig thart. Léim duine de na mairnéalaigh thar an taobh agus thosaigh sé ag snámh, ag leanstan an sáirsint agus na saighdiúirí eile isteach i dtreo an bhruaigh. Dhírigh Domhnall agus Tuathal gunnaí ar thriúir de na mairnéalaigh agus sheas siad lena lámha in airde. Bhí an corparáil ag stealladh thart san uisce agus é ag scairteadh. “ I canna swim, I canna swim. ” Chuaigh sé faoin uisce ansin agus tháinig sé aníos arís. “ Can you swim? ” arsa Feadaímó, le duine de na mairnéalaigh. “ Yes sir, ” arsa an mairnéalach go neirbhíseach. “ Good, ” arsa Feadaímó agus chaith se é amach as an bhád. “ Help the corparáil. “ You two, ” a dúirt sé leis an bheirt eile, “ steer this boat upriver and stay midstream. ” Lig Domhnall scread uaidh. “ Yehaach, chan fhaca mé a dhath cosúil le sin i mo shaol. Maith thú a Fheadaímó. ” “ Níl muid slán go fóill, arsa Feadaímó. An bhfuil taithí ar bith agaibh ar bhádaí, a fheara? “ Níl agamsa ” arsa Domhnall agus chroith Páidí a cheann fosta. “ Tá curach agamsa is ag Éamonn, arsa Tuathal, “ ach sin an méid. ” “ Cosúil liom fhéin, ” arsa Feadaímó, “ ach déanfaidh sin gnoithe breá. Coinnigh thusa an maide stiúrtha, a Thuathail agus cuidigh thusa, a Pháidí leis an seol. ” Fán am seo bhí siad ag tarraingt ar shiúl ón chathair ag dul ó dheas agus chonaic siad dragúin ar an bhruach ag leanstan turas an bháid, ach bhí an talamh míchothrom agus garbh agus bhí siad ag titim chun deiridh. “ Nuair atá muid amach as radharc agus fada go leor ar shiúl ó na saighdiúirí, ” arsa Feadaímó, “ rachaidh muid isteach ar an taobh eile. ” “ Nuair a gheobhaidh mise na bhaile, ” arsa Éamonn, “ ceannóidh mé achan bhuidéal poitín sa pharóiste. ” Thosaigh siad uilig ag gáire. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3