Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 15 Ag Amharc Siar Thart fá am an chogaidh bhí Nonnie, iascaire as an Chorrach agus a chriú ag iascaireacht bradán. Amach ó phointe Dhumhaigh oíche amháin thug siad fá deara go raibh mianach in achrann sna heangacha, deas don bhád. Bhí cuid mhór adharc ar an mhianach agus ba é an chiall a bhí le sin ná dá mbuailfeadh bád ceann de na hadharca seo phléascfadh an mianach agus stróicfeadh sé an taobh amach as an soitheach. In am ghairid bheadh an bád ar thóin na farraige. Bád leathdeice a bhí ag Nonni agus ghéar siad an rópa agus lig siad don mhianach agus do na heangacha snámh leo. Choinnigh siad súil ar an mhianach go dtí briseadh an lae agus faoin am sin bhí sé ina luí thíos ag Scoilt a ’ Chúir, i dteannta an Mhill Mhóir. An gcreidfeá seo, chuaigh siad go deas socair isteach agus de réir a chéile thóg siad na heangacha den mhianach. Nach iad a bhí dána, ach sin ráite, gan na heangacha ní raibh dóigh ar bith acu punt a shaothrú. Deir siad go bhfuil an mianach sin faoin uisce i Scoilt a ’ Chúir go fóill agus tá súil agam nach mbíonn na tumadóirí ag cur isteach air! Mar a deir na seandaoine, “ Rud nach mbaineann duit, ná bain dó. ” Tháinig ceann de na mianaigh aníos báighe na Maoile Ruaidhe agus chuaigh sé ar an chladach ag an Rannach, suas in aice le hOileán an Bhráighe. Chuaigh ceann eile trasna go dtí an cladach ag an Rinn Bhuí i bhFánaid. Is cuimhin liom arm na hÉireann ag teacht le hiad a phléascadh. Nuair a pléascadh an ceann ag an Rannach, chrith an teach s ’ againne i gCluain tSaileach. Thit cuid de na plátaí a bhí ar bharr an drisiúir sa chistin agus scoilt an ghloine i bhfuinneog na cistine. Déarfainn dá mbeinn fhéin agus mo chara as Ros na Binne ag cruinniú faochóg ar an chladach an lá sin nuair a phléasc an mianach, go mbeadh deifir orainn le cnaipe a scaoileadh. Leis an drocham atá ag teacht, seans go mbeidh sú na bhfaochóg agus scallóg oinniún (sin bainne agus oinniúin brúite) ar an bhiachlár don bhliain úr. Níl mórán iomrá ar phineadie anois. Sin arán bán crua brúite le braon bainne. Sin agus scríobadh rian dóite bracháin as tóin an phota. Sin an “ chewing gum ” a bhí againne nuair a bhí muid óg. Nach muid a bhí ámharach, prátaí an dinnéir istigh faoi bhabhstar na leapa le hiad a choinneáil te dúinn teacht abhaile ón scoil. Sin píotsa s ’ againne. Tá cuimhne agam mianach eile teacht isteach ar Thrá na Rossan. Bhí asal agus cairt ag Davy beag na féasóige as Óstán na Trá sna Dúnaibh. Is cuimhin liom é a dhul síos go Trá na Rossan agus scuad de na boic óga as taobh s ’ againne leis chun an mianach a thógáil ar an chairt. Bhí stuca cocháin aige ar an chairt le leaba a dhéanamh don mhianach. Bhí an mianach an - trom agus bhí orainn an cairt agus an t - asal a dhingeadh suas Malaigh na Scoile, an rud céanna ag Malaigh Chluain tSaileach agus ansin é a tharraingt chun deiridh ag dul síos Malaigh Mhíobhaigh. Anois dearc ar Davy beag ag siúl le ceann an asail agus greim aige ar an adhastar agus scuad againne thart fán chairt, a dhingeadh. Cha raibh a fhios againne c ’ acu bhí an mianach beo nó marbh. Fágadh é in aice le hÓstán na Trá agus tá sé ann go fóill. Nach raibh Dia linn nár phléasc sé orainn agus muid ag teacht aníos fríd Chluain tSaileach. Déarfainn go mbeadh an baile scriosta, muidinne sa tsíoraíocht agus Davy beag na féasóige linn. Bhí mé ag cóisir na seandaoine sa Pavilion le gairid agus thug mé faoi deara go raibh mo chara ann agus é go breabhsánta agus grágán gruaige air. Bhí oíche bhreá cheoil agus damhsa ann agus rinne muid dearmad de na pianta a bhí orainn agus dár gcuid bataí. Seo Proinsí arís agus gan mórán céille leis. Déarfainn go bhfuil rámhaillí na Nollag ag cur isteach air. An té a bhfuil uisce is móin aige, tá an saol ina shuí ar a thóin aige.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3