Guth Ghoill, Eagrán 40
Eagrán 40 Nollaig 2011 3 Annie Nic Lochainn. (Annie John Pheigí). Tá Annie Nic Lochlainn nó Annie John Pheigí mar is fearr aithne uirthi ar an duine is sine i bParóiste Mhíobhaigh. Rugadh í ar ar an Chloich Bháin ar an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair 1912 agus bhí sí ar an duine ab óige de cheathrar clainne a rugadh do Dhonchadh Mac Giolla Bhríde (Donchadh John Pheigí) as an Chloich Bháin agus do Bhríd Nic Giolla Bhríde (Bríd Phaidí Éamoin) as Gort na Luchóg. Bhí beirt ghirseach eile, Madgie (1909), Máire (1910) agus gasúr amháin a raibh Nead air (1911) sa chlann. Chuaigh Madgie go hAlbain áit ar chaith sí a saol, fuair sí bás thall. D ’ imigh Nead ‘ na chogaidh agus ní raibh iomrá ar bith air ar feadh tréimhse fhada agus síleadh sa deireadh gur maraíodh é sa chogadh. Ach rinneadh fiosrúchán agus fuarthas san Iodáil é. Tháinig sé ‘ na bhaile ansin agus chaith sé coicís ar an Chloich Bháin sul ar imigh sé go hAlbain. Níor phill sé ar an bhaile ní ba mhó agus cuireadh thall é tuairim is deich mbliana is fiche ó shin. Ní raibh Máire ach dhá bhliain déag agus í i ndiaidh a dhul faoi lámh an Easpaig nuair a bhuail eitinn í. Níor mhair sí ach cúpla mí go dtí go bhfuair sí bás. Chuaigh Annie go seanscoil Mhíobhaigh agus chaith sí traidhfil de bhlianta fosta ar an scoil úr nuair a fosclaíodh í i 1923 comh maith le tréimhse a chaitheamh ar scoil Cheann na Leargaí. Deir Annie nach dtabharann obair chruaidh bás dhuine ar bith agus leoga macasamhail na ngirseach eile a bhí fán cheantar ag an am chonaic siad go leor de léan agus de chruatan an tsaoil ach tháinig siad fríd agus cha chaitheann siad a gcuid ama ina suí sa chlúid ag mairgnigh ná ag caoineadh faoi. Mar chruthú ar seo níl a dhath le déanamh agat ach ruaig a thabhairt isteach ag Annie agus gheobhaidh tú ansin bean atá gealgháireach croíúil agus lán de ghreann, í lán de chuimhní cinn agus intinn bhreá ghéar aici go fóill. Is spreagadh í. Bhí an cineál céanna saoil ag Annie ina hóige agus a bhí ag furmhór na ngirseach óg thart fán cheantar seo na blianta sin. Chaith sí tréimhsí ama ag obair thall is abhus – tamall istigh i nDoire ag obair d ’ fheirmeoirí, seal ar an Cheathrú Chaol - obair a bhí maslach. D ’ oibrigh sí ansin páirt mhaith dá saol sa teach níocháin in Óstlann Ros na Binne. Nuair a bhí Annie ceithre bliana is fiche phós sí Neidí Mac Lochlainn (Neidí Jimí) as Gort na Luchóg agus bhí cúigear clainne acu - Bidí, Donchadh, Jimí, Máire agus Neidí. Fuair Bidí, an duine ba sine sa teaghlach agus a bhí pósta ar Johnny Mac Rodaigh, bás gan choinne roinnt blianta ó shin, cha raibh sí ach caoga agus a hocht. Tá Annie ina cónaí i Leargán Riabhach anois lena mac Neidí agus í i mbarr a sláinte. Deir sí go gcuidíonn obair chruaidh agus bia folláin, macasamhail bia farraige, leis an chorp agus go dtabharann seo saol fada do dhuine. Guímis uilig Nollaig shona shíochánta di agus bliain úr fholláin shíochánta i 2012. Lasadh na soilse ar an Chruib i gCluain tSaileach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3