Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 4 Ros na Binne Ar leanstan Teach Mhuisleac. Seo an dara teach sa tsraith uachtarach i Ros na Binne in aice le teach Stephen. Teach Mhuisleac a tugadh air nuair a d ’ aistrigh Nóra Bn. Mhic Giolla Bhríde nó Nóra Mhicí Chanainn mar ab fhearr aithne uirthi isteach sa teach seo lena clann sa bhliain 1910. An Muisleac a glaotar ar an limistéar talaimh agus na beanntracha atá ar chúl Ostlann Ros na Binne. Nuair a phós Máire Nic Giolla Bhríde (Máire Eoin Dhomhnaill) as Gort na Luchóg Seán Mac Giolla Bhríde as Gort na Brád timpeall na bliana 1856 chuaigh siad a chónaí i dteach ar an Mhuisleac. Char tugadh uirthi riamh ina dhiaidh sin ach Máire Mhuisleac agus dar ndóigh mar a tharlaíonn le hainm neamhchoitianta mar sin baisteadh an t - ainm céanna ar a clann agus clann a clainne. Bhí an teach ina shuí ar an ard os cionn Óstlann Ros na Binne go dtí gur leagadh é roinnt blianta ó shin le háit a dhéanamh do na tithe saoire. Rugadh naonúr clainne dóibh ansin ar an Mhuisleac agus duine acu sin ab ea Nead (Nead Mhuisleac) a rugadh timpeall na bliana 1861. Pósadh Nead agus Grace Friel 1894 agus bhí duine amháin clainne acu, ba sin Ellen. Fuair Grace bás go gairid ina dhiaidh seo agus pósadh Nead arís agus ba Nóra Ní Chanainn as an Ard Bhán an dara bean a bhí aige agus bhí cónaí orthu ar an Mhuisleac le máthair Nead. Rugadh ceathrar clainne dóibh ansin - Máire 1899, John 1900, Ellen 1901 agus Annie 1902. Ach ar an drochuair fuair Nead bás go luath ina dhiaidh seo agus d ’ aistrigh Nóra go dtí an teach coiteara i Ros na Binne lena clann óg agus thug sí ainm an tseantigh léithe - Teach Mhuisleac. Cha raibh an bheirt a ba sine sa chlann pósta agus cha raibh aois mhór acu ach oiread nuair a fuair siad bás, John i 1944 agus Máire deich mbliana ina dhiaidh sin 1954. Bhí Annie pósta ar Leonard Riley, bhí sé ag obair in Óstlann Ros na Binne áit ar oibrigh Annie í fhéin i rith a saoil ach ar an drochuair fuair sé bás óg. Bhí Annie beo sa teach inár tógadh í i Ros na Binne go dtí go bhfuair sí bás 1972 agus gan í ach na deich mbliana agus trí scór. Phós Ellen James ‘ Ac Fhionnlaoich as Cnoc na Marbh agus bhí cónaí orthu i Leargán Riabhach áit ar thóg siad a gclann. D ’ fhan Theresa lena haintín Annie i Ros na Binne agus tógadh an chuid eile den chlann, Máire, Nóra, Philomena, Bernadette, Ann, Josephine agus Doreen i Leargan Riabhach. Tá Bernadette agus Josephine ar shlí na fírinne le tamall de bhlianta, go ndéana Dia trócaire orthu. Bhí Bernadette pósta sa Fhrainc agus Josephine pósta i gCarraig Airt ar Nóra Bn. Mhic Giolla Bhríde Ellen agus John Gearóid agus Pádraig Ó Luadhóg taobh amuigh den teach i Ros na Binne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3