Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 6 Luodhóg as Na Dúnaibh nó Paidí John Eoin mar ab fhearr aithne air. Beirt chlainne a rugadh do Theresa agus Paidí, beirt ghasúr, Gearóid agus Pádraig. Fuair Paidí bás ina fhear óg i mí Aibreán na bliana 1973. Roinnt blianta ó shin le linn do Ghearóid agus dá mháthair a bheith ina gcodladh sa teach bhris tine amach ann ach go hádhúil le Dia tháinig siad amach slán sábháilte ón tine ach bhí an oiread sin damáiste déanta don teach gurbh éigean é a leagan agus tógadh teach úr ina áit. Fuair Theresa í fhéin bás ar an chúigiú lá déag d ’ Aibreán 2007. Bean lách chairdiúil a bhí inti agus is cinnte gur chuir sí go mór le cibé cuideachta ina mbíodh sí. Tá Pádraig thall i Londain ó dheireadh na n - ochtóidí áit a bhfuil sé ag reáchtáil teach tabhairne, an “ Sheephaven Bar ”. D ’ imir Pádraig d ’ fhoireann peile na nDúnaibh ar feadh blianta fada, ba chúl báire den scoth a bhí ann agus leoga thiocfaí a rá nach raibh cúlbáire acu roimhe sin ná ó shin a bhí ionchurtha leis. Is iomaí bonn a bhain Paidí as a chuid éachtaí ar pháirceanna peile an Chontae agus níos faide ó bhaile, ina measc dhá bhonn Uile - Éireann i gComórtas Peile na Gaeltachta - sóisear 1982 agus sinsear 1983, comh maith le Craobh Idirmheánach an Chontae 1987. Agus má tá sibh thall fá Londain am ar bith ná déanaigí dearmad ruaig a tha- bhairt isteach go huimhir 2 Morning- ton Street, i Londain, seo teach tabhairne Phaidí, agus is cinnte go gcuirfear fáilte mhór romhat. Tá Gearóid ina chónaí i Radharc na Mara agus ag obair sa “ Bharra Beag ” sna Dúnaibh. Gearóid Padraig Ó Luadhóg Paidí agus Theresa Doreen, Aodh agus a iníon, Donna taobh amuigh de theach tábhairne Phádraig Ó Luadhóg i Londain.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3